Tá €250,000 á chur ar fáil ag an Rialtas chun mórshuirbhé faoi dhearcadh mhuintir na hÉireann i leith na Gaeilge a dhéanamh den chéad uair le deich mbliana.
An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán a chuirfidh an maoiniú ar fáil d’Fhoras na Gaeilge chun an obair thaighde a choimisiúnú.
Léirigh na mórshuirbhéanna go léir a rinneadh le 50 bliana anuas faoi dhearcadh daoine i leith na Gaeilge go bhfuil tacaíocht láidir i measc an phobail don teanga agus do bheartais stáit a chabhródh léi.
Is léir, áfach, ó fhigiúirí daonáirimh agus taighde eile nár tógadh ar an tacaíocht sin nó nár spreag an tacaíocht sin aon mhórathrú chun feabhais ar chás na Gaeilge.
Léirigh an mórshuirbhé a dhein An Coiste um Thaighde ar Dhearcadh an Phobail i dTaobh na Gaeilge a foilsíodh i 1975 agus dhá shuirbhé eile de chuid Institiúid Teangeolaíochta Éireann, i 1983 agus 1993, gur go raibh móramh suntasach ar son tuilleadh tacaíochta stáit don Ghaeilge.
Aontaíodh go láidir le ráitis gur cheart tuilleadh tacaíochta a chur ar fáil do ghaelscoileanna, tuilleadh seirbhísí poiblí i nGaeilge a chur ar fáil agus tuilleadh caiteachais stáit a dhéanamh ar an nGaeilge.
Ba léir an tacaíocht sin a bheith ann ó dheas i gcónaí sa suirbhé thuaidh-theas a dhein Foras na Gaeilge ag tús na mílaoise.
Léirigh an mórshuirbhé deireanach, a rinne an ESRI i gcomhar le Foras na Gaeilge agus a foilsíodh in 2015, go raibh dearcadh dearfach ag 67% den phobal ó dheas i leith na Gaeilge agus ag 45% den phobal ó thuaidh.
Nochtadh staitisticí sa staidéar freisin a bhain le tuairim an phobail i leith na Gaeilge mar ábhar scoile agus faoin ngaelscolaíocht, faoin tacaíocht a thugann an stát don teanga sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di agus faoi choincheap an stáit dhátheangaigh.
Chomh maith leis na mórshuirbhéanna sin, léiríodh an patrún céanna ó thaobh na tacaíochta don teanga i bpobalbhreitheanna a rinne an comhlacht Kantar Millward Brown do Tuairisc agus sna pobalbhreitheanna bliantúla a dhéanann Conradh na Gaeilge coimisiúnú orthu.
Ag cruinniú de bhord Fhoras na Gaeilge ag deireadh na bliana seo caite, dúradh go raibh €250,000 á chur ar fáil ag Roinn na Gaeltachta don mhórthaighde nua ar dhearcadh an phobail i leith na Gaeilge.
Agus nach mór deich mbliana caite ó foilsíodh an mhórshuirbhé dheireanach, dúirt urlabhraí ón bhForas go raibh sé “cuí na sonraí sin a nuashonraí”.
Beidh ar Fhoras na Gaeilge próiseas tairisceana a chur ar bun chun dream a fháil a thabharfaidh faoin obair thaighde.