Thug muintir an t-aon phobal sa tír lasmuigh den Ghaeltacht ina bhfuil níos mó daltaí óga ag fáil oideachais trí Gaeilge ná trí Bhéarla sa scoil áitiúil dúshlán pholaiteoirí Theach Laighean inné maidir le cur chun cinn na teanga.
Bhí toscaireacht ó Charn Tóchair, an ceantar tuaithe i nDoire a luaitear go minic mar eiseamláir ó taobh cur chun cinn na Gaeilge, i láthair ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge.
Is i dtús na 1990idí a cuireadh tús le hathbhunú na Gaeilge sa cheantar seo sna Speiríní i ndeisceart chontae Dhoire agus údar gaisce acu é sa lá atá inniu ann go bhfuil oideachas i nGaeilge á cur ar 180 dalta bunscoile, le hais 75 dalta sa chóras Béarla.
Chuir lucht Líonra Gaeilge Charn Tóchair plean radacach d’athbhunú na Gaeilge i gceantair eile faoin tuath ar fud na tíre faoi bhráid na dTeachtaí Dála agus na Seanadóirí a bhí i láthair ag an gcruinniú.
“Ní de thaisme a fhíorófar an fhís seo, agus ní fhíorófar í trí leanúint den chur chuige reatha ná leis an
leibhéal maoinithe reatha,” a dúirt Niall Ó Catháin, Cathaoirleach Choiste Stiúrtha Pleanála Teanga Charn Tóchair.
“Beidh fís agus straitéis mhóruchtúil ón bharr anuas de dhíth, chomh maith
le creat polasaí agus reachtaíochta agus tacaíocht mhaoinithe do thograí ón bhun aníos.
“D’éileodh sin mórthogra polaitiúil ar scála na bpleananna don Oileán Roinnte, mar shampla.”
Dúirt Niall Ó Catháin go bhféadfaí macasamhail an dul chun cinn atá déanta i gCarn Tóchair a dhéanamh I gceantair eile ar fud na tíre ach chuige sin go mbeadh gá le “diongbháilteacht ó gach páirtí polaitiúil” agus maoiniú.
Dúradh go mbeadh gá i dtosach le mórfheachtas a chuirfeadh athbhunú na teanga ar an “chlár oibre polaitiúil”. D’fhorbródh eagraíochtaí teanga agus polaiteoirí le chéile “fís uaillmhianach” agus dhéanfaí móriarracht tacaíocht an phobail agus na bpáirtithe go léir a fháil don fhís sin. Chaithfí ansin “an reachtaíocht, na straitéisí, na polasaithe agus an maoiniú uilig” a bheadh riachtanach a chur ar fáil.
Ar dhúshraith an ghaeloideachais a bheadh an straitéis athbhunaithe teanga
bunaithe agus chaithfí infheistíocht a dhéanamh i scoileanna “lán-tumoideachais neamhspleách” san oideachas réamhscoile, i seirbhísí cúram leanaí agus i seirbhísí óige trí Ghaeilge.
Mhol toscaireacht Charn Tóchair chomh maith go mbeadh ionaid teaghlaigh agus phobail taobh le gach Gaelscoil, ionaid a bhféadfaí “pobail Ghaeilge áitiúla forbairt thart orthu”.