Deir duine de na gníomhaithe teanga is aitheanta sa tír go bhfuil an iomarca taighde á dhéanamh faoin nGaeilge féin seachas faoi conas í a choinneáil slán agus í a chur chun cinn.
Ag labhairt dó i dTeach Laighean an tseachtain seo, dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin ó Fís an Phobail, Líonra Pleanála Teanga Bhéal Feirste, go bhfuil an iomarca dua á chaitheamh le filíocht Ghaeilge an 17ú haois agus gur chóir béim níos mó a chur i gcúrsaí léinn ar an bpleanáil teanga.
“Níl aon treoirleabhar ann don phleanáil teanga. Níl aon chéimeanna nó slat draíochta maidir le hathbheochan teanga, athréimniú teanga. In amanna, caithfidh muid triail a bhaint as rudaí i ngan fhios dúinn, b’fhéidir go n-éireodh leo, b’fhéidir nach n-éireodh leo. Tá muid ag cruthú earnála. Tá muid ag cruthú cur chuige.”
“Tá [gá] níos mó le seo a bheith fréamhaithe i dtaobh taighde. Tá cultúr anseo in Éirinn maidir le lucht léinn na Gaeilge, tá i bhfad barraíocht béime ar thaighde sa teanga féin. Tá an-suim agam i bhfilíocht na seachtú haoise déag ach ní dóigh liom go bhfuil deich PhD eile de dhíth ar fhilíocht na seachtú haoise déag.
“Tá níos mó taighde le déanamh ar an tsochtheangeolaíocht, ar na rudaí atá ag obair.
“Tá níos mó de lucht léinn de dhíth orainn agus caithfidh an rialtas amharc ar na straitéisí tríú leibhéal le fáil amach an bhfuil na sruthanna ann atá ag cur níos mó de na daltaí iontacha ag freastal ar na coláistí fud fad na tíre, an bhfuil deiseanna acu níos mó taighde a dhéanamh ar na samplaí anseo go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta, agus cad iad na ceachtanna gur féidir linne a chur i bhfeidhm anseo le cuidiú linn go logánta le pobal s’againne a neartú.”
Bhí Fís an Phobail i measc na ngrúpaí a bhí i láthair ag cruinniú de Choiste Oireachtais na Gaeilge inné, mar a raibh plé ann faoi chúrsaí pleanála teanga sna ceantair atá aitheanta mar líonraí Gaeilge.
Ar na dúshláin a luaigh na toscaireachtaí ag an gcruinniú bhí imeallú na Gaeilge sa státchóras, easpa seirbhísí i nGaeilge, easpa maoinithe agus easnaimh an chórais gaeloideachais.
Chuir toscaireacht ó Charn Tóchair, an ceantar tuaithe i nDoire a luaitear go minic mar eiseamláir ó taobh cur chun cinn na Gaeilge, plean i láthair an choiste do “athbhunú” na Gaeilge i gceantair thuaithe ar fud na tíre.