Tá cáineadh déanta ar Aerfort Ghlaschú as Gaeilge na hÉireann a úsáid ar chomhartha fógraíochta dá mbialann agus teach tábhairne nua ‘Caledonia’.
‘An bhfuil ocras ort?’ an mana a bhí i nGaeilge ar an bhfógra san aerfort seachas ‘A bheil an t-acras ort?’ i nGaeilge na hAlban.
Baineadh anuas an comhartha nuair a cuireadh an botún aistriúcháin ar a súile do lucht an aerfoirt agus dúradh go gcuirfí leagan leasaithe in airde gan mhoill.
Dúirt Murdo MacSween, cainteoir Gàidhlig aitheanta a chuir pictiúr den fhógra amach ar na meáin shóisialta, gur údar frustrachais sleamchúis lucht an aerfoirt.
“Dia daoibh ar maidin @GLA_Airport, b’fhéidir nár chóir bhur n-aistriúcháin a Ghoogláil. Sin Gaeilge na hÉireann, ní Gaeilge na hAlban. Bíodh meas agaibh.”
Dúirt MacSween gur drochbhuille don teanga a bhí ina leithéid. Dúirt sé gur easpa measa a bhí i gceist agus go bhféachtar anois ar Ghaeilge na hAlban mar uirlis mhargaíochta mar gheall ar an rath a bhí ar an gclár Outlander agus ar chúrsaí Gàidhlig Duolingo.