Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
<a-href="https://nos.ie"-class="credit-nos"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-sceal-granna-bronach-truamhealach-ach-a-bhfuil-greann-fite-fuaite-ann

Scéal gránna brónach truamhéalach ach a bhfuil greann fite fuaite ann

| NÓS Suíomh Gréasáin |

An lá i ndiaidh dom an chéad fhadscannán faoin scéim Cine4, Finky, a fheiceáil, agus tá mé go fóill ag smaoineamh air, ag smaoineamh ar na noda a tugadh dúinn ag an tús agus ag smaoineamh ar an scéal é féin. 

Scéal idir an saol réalaíoch agus neamhréalaíoch atá ann. Chuir an chomhscríbhneoir agus an t-aisteoir, Diarmuid de Faoite síos air mar scannán a bhaineann le náire agus dílseacht. Shíl mé gur cur síos maith a bhí ann ar an scéal casta cumhachtach. 

Tosaíonn sé le seó puipéad i nGaillimh agus ní fhéadfá samhlú cá bhfuil sé ag dul. Tá sorcas, grá, drámaíocht, Glaschú, Gàidhlig na hAlban agus drugaí ann, i measc rudaí eile. 

Feiceann muid scéal an imircigh le beirt Éireannach Micí Finky (Dara Devaney) agus Tom Tom (Eoin Geoghegan) ag imeacht as Éireann faoi dheifir. Níl plean acu ach úsáideann siad an nasc Ceilteach atá againn leis an Alban le lóistín, cairde agus níos mó a aimsiú. Léirítear an nasc sin le Gàidhlig na hAlban, a labhraítear le linn an scannán. 

Bíonn timpiste ag Micí le linn a chéad oíche i nGlaschú agus cailleann sé úsáid na gcos. De réir mar a théann a aistear chun donais, tuigeann Finky go gcaithfidh sé dul i ngleic leis an saol cráite atá caite aige má tá sé le suaimhneas ar bith a fháil.Ní tharlaíonn sin sula bhfeiceann muid saol gránna agus deacair le roinnt uafáis ann freisin. 

Tá aisteoireacht chrua agus dheacair ann, go háirithe ag an bpríomhaisteoir, Dara Devaney. Éiríonn thar chionn leis agus an fhoireann iontach thar timpeall air. Tá páirt a dhlúthcharad, Tom Tom, ag Eoin Geoghegan agus déanann an t-aisteoir cáiliúil Ned Dennehy jab den scoth agus é ina mháistir ar an Carnival Chaotica, compántas sorcais avant-garde a thagann isteach le saol eile a thabhairt do Finky. 

Tá Gaeilge álainn le cloisteáil le linn an scannáin, idir chanúint Thír Chonaill agus chanúint Chonamara agus dár ndóigh buaileann muid le muintir Ghlaschú a bhfuil Béarla agus Gàidhlig na hAlban acu — meascán réalaíoch de na teangacha.

Cé gur scéal gránna, brónach agus truamhéalach atá ann éiríonn leo greann a chuir isteach leis an gcarachtar Bang Bang. Bhí Diarmuid de Faoite sa ról seo agus déanann sé an-jab de. Leis an gcarachtar áiféiseach seo laghdaítear dáiríreacht an scéil, agus bhí an phictiúrlann ar fad sna trithí gáire. 

Scríobh Diarmuid an scannán seo leis an stiúrthóir Dathaí Keane. Scéal aisteach atá ann ach tagann sé uilig le chéile ag an deireadh agus fágfaidh sé ag smaoineamh thú. Seo an chéad fhadscannán faoin scéim Cine4 agus tá neart eile ar an mbealach. Beidh sé le feiceáil ag feilte scannáin eile timpeall na cruinne agus beidh sé sna pictiúrlanna ar fud na tíre sula gcraolfar ar TG4 é. 

Tá mé ag siúl lena fheiceáil arís cheana féin agus tá a fhios agam go mbeidh tuiscintí eile le baint agam as an dara féachaint. 

Ní mholfainn an scannán seo d’éinne a bhfuil titimeas orthu de bharr splaince na soilse a úsáidtear le hatmaisféar ar leith a chruthú agus níl sé feiliúnach do pháistí ach an oiread de bharr na gránnachta atá i gcuid de na radhairc. 

Níos mó