Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
an-leor-an-deighilt-sa-vota-aontachtach-do-naomi-long?

An leor an deighilt sa vóta Aontachtach do Naomi Long?

Agus Olltoghchán Westminster ag teannadh linn, seo roinnt de na toghcheantair is suimiúla ar chóir dúinn uilig breathnú orthu nuair atá uair mharbh na hoíche ann ar an Aoine. Is fiú dom a lua gur tháinig athruithe ar theorainn roinnt de na toghcheantair mar gheall ar an Athbhreithniú Thréimhsiúil de Thoghcheantair Westminster 2023. Cén tionchar a bheidh acu? Beidh le feiceáil.

Béal Feirste Thoir  a bheidh faoi chaibidil agam inniu. Stair fhada agus cluiche síoraí de chathaoireacha ceoil ó na 1970idí, tá gach dealrú ar an scéal gur an cluiche céanna a bheidh ann i mbliana.

Béal Feirste Thoir

Is toghcheantar spéisiúil é seo mar gheall ar chúiseanna eile. Tá Gavin Robinson, ceannaire nuacheaptha an DUP, ag iarraidh a shuíochán a choinneáil in ainneoin iomaíocht láidir ó Naomi Long, ceannaire Pháirtí na Comhghuaillíochta. Bhí an lámh in uachtar ag Gavin Robinson in éadan Naomi Long in 2015 le tromlach 2,597 vóta. B’ábhar iontais é in 2010 nuair a bhain Naomi Long in éadan Cheannaire an DUP ag an am, Peter Robinson.

Is toghcheantar é ar Aontachtaithe iad tromlach a vótálaithe. Tá meascán ann idir ceantracha meánaicmeacha agus ceantracha lucht oibre. Clúdaíonn an toghcheantar áiteanna amhail Cnoc an Anfa, Suideanam agus Lios na Searrach. Tá 10% den sean-toghcheantar Bhéal Feirste Theas anois mar chuid de. 

An UUP a ghlac seilbh ar an suíochán ó 1922 go 1974 nuair a bhain William Craig é ar son an Vanguard Progressive Unionist Party. Bhí an suíochán aige ar feadh 5 bliana, agus chuaigh sé isteach leis an UUP in 1978. D’athraigh an suíochán ansin go dtí an DUP, agus Peter Robinson mar fhear óg a bhain é in 1979. In 2010 bhain Naomi Long an suíochán agus scannail bainte le Peter Robinson i mbéal an phobail. 

Mhéadaigh Naomi Long sciar vótaí Pháirtí na Comhghuaillíochta faoi thrí sa toghcheantar. Choinnigh Naomi Long an t-aon suíochán a bhí ag an pháirtí go 2015 nuair a bhain Gavin Robinson an suíochán ar son an DUP.

Pictiúr: Teorainn Bhéal Feirste Thoir in Olltoghchán Westminster 2024.

Tá dúshlán ollmhór roimh Gavin Robinson agus é ag iarraidh an suíochán seo a choinneáil don DUP. Ceapadh é mar cheannaire sealadach ar an pháirtí i ndiaidh gur tugadh Jeffery Donaldson os comhair na cúirte ar chúiseanna cionta gnéis stairiúla. Seacht lá i ndiaidh gur fógraíodh toghchán, ceapadh é mar cheannaire buan ar an pháirtí. 

Fadhb atá ag Gavin Robinson anois ná muna gcoinníonn sé an suíochán, beidh ceannaire an DUP gan suíochán in Westminster nó ag Cnoc an Anfa. An mbeadh orthu é a chomhthoghadh mar MLA? Cad a chiallaíonn sé sin don DUP, páirtí a cheap a raibh trí cheannaire éagsúla aige i dtréimhse trí bliana? 

An cheist is mó ná cad é an tionchar atá aige seo don Aontachtas go fadtéarmach? Ní hamháin go mbeidh dúshlán roimh an DUP ó Pháirtí na Comhghuaillíochta, ach chinn an TUV John Ross a chur chun tosaigh sa toghcheantar, rud a roinnfidh an vóta go cinnte. Fuair John Ross 3,426 vóta sa toghchán don Tionól in 2022, beidh sé an-suimiúil an tionchar a bheidh aige ar vóta Robinson a fheiceáil. 

An bhagairt is mó atá ar Gavin Robinson ná Naomi Long. Chinn Naomi Long dul in iomaíocht sa toghchán, fiú agus í ag feidhmiú mar an tAire Cirt agus Dlí san Fheidhmeannas. Bhí roinnt cainte ann maidir leis an chinneadh seo i ndiaidh na raice a tógadh nuair a d’fhógair Robin Swann go raibh sé ag dul in iomaíocht san olltoghchán Westminster. D’éirigh Robin Swann as a ról mar an tAire Sláinte chun seasamh san olltoghchán seo. 

Cáineadh Naomi Long mar gheall ar an pháirt a bhí le glacadh aici in imeacht de chuid ‘Ireland’s Future’ fosta. Ansin cáineadh an athuair í mar tharraing sí amach as an imeacht sin agus tarraingíodh grianghraf di ar Thraein na dTaibhsí i bPort Rois. Ní hamháin sin ach tá conspóid ag baint le Naomi Long agus a Roinn faoi seach mar gheall go bhfuil sí ag lorg achomhairc maidir le cinneadh na hArd-Chúirte chun dlí a chur ar ceal a bhaineann le hanaithnideacht daoine a bhí faoi amhras i dtaca le coireanna gnéis. 

Beidh sé suimiúl sciar vótaí Naomi Long a fheiceáil i mBéal Feirste Thoir i ndiaidh na rudaí seo ar fad. Má tá an suíochán uaithi, beidh vótaí don TUV in áit an DUP ríthábhachtach di. 

Sa toghcheantar seo beidh Séamas de Faoite (SDLP), Ryan North (Neamhspleách), Brian Smyth (An Comhaontas Glas), agus Ryan Warren (UUP) san iomaíocht chomh maith.

Beidh Gleann an Lagáin ar an toghcheantar deiridh a ndéanfaidh mé scrúdú air roimh an toghchán féin Déardaoin.

The post An leor an deighilt sa vóta Aontachtach do Naomi Long? appeared first on NÓS.

Níos mó