Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
suil-le-cluiche-den-scoth-idir-fathaigh-na-spainne-agus-na-gearmaine

Súil le cluiche den scoth idir fathaigh na Spáinne agus na Gearmáine

Casfaidh péire de na foirne is fearr sa chomórtas go dtí seo ar a chéile sa chéad chluiche ceathrú ceannais agus an Spáinn agus an Ghearmáin ag dul chun páirce i Stuttgart tráthnóna.

Tá an Spáinn imithe ó neart go neart sa chomórtas agus taispeántas láidir tugtha acu sa chluiche roimhe seo i gcoinne na Seoirsia. Bhain na Seoirsiaigh preab as na Spáinnigh nuair a scóráil siad an chéad chúl sa chluiche sin ach an Spáinn a bhí go mór i gceannas an oíche chéanna agus d’fhéadfadh níos mó cúl a bheith scóráilte acu sa chluiche a chríochnaigh 4-1. Bhí Yamine Lamal agus Nico Williams, go háirithe, ar fheabhas agus léirigh Rodri agus Fabian Ruiz a gcumas arís i lár na páirce.

Tá an Ghearmáin cuid mhaith níos fearr ná na foirne a casadh ar na Spáinnigh go dtí seo sna Euros, áfach. Mar sin féin, ní gan dua a fuair siad an ceann is fearr ar an Danmhairg ina gcluiche Dé Sathairn seo caite agus cé go raibh an bua tuillte acu bhí an t-ádh orthu b’fhéidir go raibh an buntáiste leosan le cúpla cinneadh cinniúnach VAR.

Seans go bpiocfar an cosantóir Jonathan Tah arís agus é tagtha ar ais ó bheith ar fionraí ach d’imir Nico Schlotterbeck go maith i gcoinne na Danmhairge ina áit agus bheadh an luas atá ag Schlotterbeck chun leasa na foirne i gcoinne na Spáinne.

An cheist mhór atá ann go fóill faoin Spáinn ná cosaint na foirne. Níor chuir an Chróit, an Iodáil ná an Albáin mórán brú orthu sa ghrúpa agus cé gurb iad na Spáinnigh a bhí ar an ionsaí formhór an ama i gcoinne na Seoirsia, d’éirigh le Khvicha Kvaratskhelia dul chun cinn a dhéanamh go minic ar an bhfrithionsaí agus d’fhéadfadh Jamal Musiala na Gearmáine an rud céanna a dhéanamh má thugtar an deis sin dó.

Is beag atá idir na foirne seo agus d’fhéadfadh go mbeadh am breise ag teastáil agus go dtabharfadh taithí leithéidí Toni Kross agus Ilkay Gündoğan an fhoireann baile slán ar deireadh.


Foirne iad an Phortaingéil agus an Fhrainc a rabhthas ag súil le go leor uathu sa Ghearmáin ach atá ag streachailt den chuid is mó go dtí seo.

Tá an scuad is láidre sa chomórtas ag an bhFrainc agus an tosach is fearr ar domhan acu ach níl ach trí chúl scóráilte ag foireann Didier Deschamps sna ceithre chluiche go dtí seo, cic éirice agus dhá chúl tuathail.

Iarracht ó Randal Kolo Muani a scinn de ghlúin Jan Vertonghen san 85ú nóiméad a thug an Fhrainc slán in aghaidh na Beilge sa chluiche deireanach, cluiche inar thug na Francaigh taispeántas leamh eile. D’athraigh Deschamps cruth na foirne don chluiche sin ach beidh air athrú eile a dhéanamh anocht ó tharla Adrien Rabiot ar fionraí.

International Friendly, Aveiro Municipal Stadium, Portugal 11/6/2024
Portugal vs Republic of Ireland
Portugal’s Cristiano Ronaldo celebrates scoring his sides second goal
Mandatory Credit ©INPHO/Ryan Byrne

Dhéanfadh sé ciall Antoine Griezmann, a thosaigh ar an gcliathán i gcoinne na Beilge, a thabhairt ar ais go lár na páirce i gcoinne na Portaingéile agus Kolo Muani nó Ousmane Dembélé a chur ag imirt ar thaobh na láimhe deise ach feicfimid cén cinneadh a dhéanfaidh Deschamps. Beidh sé ag súil le tuilleadh ó réalta na foirne, Kylian Mbappé, pé scéal é.

Dá mbeadh a rogha aige, déarfá gur mhaith le bainisteoir na Portaingéile Roberto Martínez gan Cristiano Ronaldo a chur chun páirce ó thús, ach tá an chuma ar an scéal nach bhfuil cead aige nó nach bhfuil sé de mhisneach aige laoch na tíre a bhaint den fhoireann.

Bhí Ronaldo go holc ar fad i gcoinne na Slóivéine sa bhabhta deireanach ach fós níor bhain Martínez amach é, fiú agus deora le Ronaldo tar éis dó cic éirice a chur amú in am breise.

An cúl báire Diego Costa a shábháil an Phortaingéil sa chluiche, lámh curtha aige leis na chéad trí chic éirice a thóg an tSlóivéin agus sábháil chinniúnach eile déanta aige sa dara leath d’am breise. Beidh na Portaingéalaigh ag súil nach mbeifear ag brath chomh mór céanna airsean anocht.

Agus an cáineadh uile atá déanta air, ná déan iontas má scórálann Ronaldo anocht agus má fheictear é ag ceiliúradh go dúshlánach os comhair an tslua ach, i ndáiríre, tá a lá caite ag an leibhéal is airde agus beidh deireadh leis an bPortaingéil mura dtagann siad ar réiteach ar an scéal.

Níos mó