Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
poilini-faisin-na-bhfeilte-ag-feile-na-gealai

Póilíní Faisin na bhféilte ag Féile na Gealaí

| anna nic gafraidh | , ,

Cé go mbeidh Joan Rivers ar shlí na fírinne 10 mbliana faoi Mheán Fómhair, chaith a spiorad deireadh seachtaine i gContae na Mí an mhí seo caite nó ionamsa a bhí an spiorad. Níl a fhios agam cad leis a raibh mé ag súil ag Féile na Gealaí ach bhí caighdeán faisin na féile ní b’fhearr ná mar a mheas mé ar an chéad dul síos.

Shocraigh rudaí ar deireadh agus d’fhág muid slán ag Gaeltacht Ráth Chairn. Dúirt mé go mbeinn ar ais — bímis ionraic — ag gráiniú agus ag gearán faoi rud éigin mar is gnáth. 

Sula dtosóidh mé leis an anailís faisin iarfhéile, caithfidh mé áilleacht an tsuímh a lua. Cúlra réaltógach péinteáilte de láimh le dathanna beoga agus óid do Rónán Mac Aodha Bhuí i bhfoirm dorn mór ar an ardán. Thug na píosaí beaga seo croíúlacht agus cairdiúlacht don fhéile.

Anois — an “anailís”. Lig dom achoimre a thabhairt ar mo chuid feistis féin. Níl de dhíth ach focal amháin. Vinted.

An raibh mé róchóirithe? B’fhéidir. An raibh mé sioctha go hiomlán? B’fhéidir nach raibh an mionsciorta ar an smaoineamh is fearr. Ach an raibh sé ina slay? Bhí go deimhin.

Ba é buaicphointe mo chulaithe féin an geansaí Árann a goideadh ó Uncail Colm agus a bhí sé thomhas rómhór.

Ag Tumadh Isteach

Grianghraf: Torby ag Féile na Gealaí 2024 i Ráth Chairn.

Ní mór dúinn tosú le Torbeezy atá thar a bheith cumasach (caithfidh mé a chur in iúl nár cuireadh an ráiteas seo isteach tar éis na heagarthóireachta, níl mé ach ar an lucht leanúna is mó de chuid Torby).

An chéad rud — na spéaclaí gréine a thug le fios go raibh an ghrian ag teacht ach ar an drochuair ní raibh an ghrian linn an deireadh seachtaine ar fad.

An dara rud — ní mór dúinn labhairt faoin slabhra óir. Tá sé ag tabhairt “rapálaí ar amhránaí dáiríre é” (an airíonn sé é a bheith ag caitheamh a chuid earraí féin?), agus d’ainneoin a ndeirtear (i ndáirírimh mise amháin a deir é), níor ceannaíodh an slabhra in Argos.

Ar deireadh — an pièce de résistance mar a deir siad, an hata buicéid bándearg clúmhach Nicki Minaj. Cibé rud a dhéanann tú, ná bí ag labhairt faoina ceolchoirm a cuireadh ar ceal i Manchain… Ar bhealach, déarfainn gur tharraing sé an chuma iomlán de Nicki Minaj ó Bhéal Feirste le chéile.

Sos gairid ó na healaíontóirí chun beirt stunners iomlána a cheiliúradh (an bhfuil mé ag caint faoi Chlíodhna agus Kathryn nó na seaicéid? An dá rud!) Bhí na cailíní seo réidh don Era’s Tour, nó Éire’s Tour mar ba cheart a rá.

Grianghraf: Kathryn, údar Comhairle Carad agus láithreoir an Sílim That Pod, agus Clíodhna ar an láthair champála.

Ar ais chuig ár gceoltóirí, déanaimis turas grúvaíáilte leis an bhanna Grooveline anois. Banna as Liatroim a bhfuil baill as cúpla contae eile ann, mic léinn ollscoile ag cruthú ceoil le func agus croí i ngach nóta.

Maidir leis an fhaisean agus an bua, tá focal amháin agam – drumaí. Bhuel tá cúpla focal agam, an drumadóir Bronwyn ar iompair a rithim fuaim an ghrúpa agus déarfainn gurb í an piléar airgid ag Féile na Gealaí leis na buillí láidre.

Bhí cuid den fhaisean…amhrasach. Cé go bhfuil sé sin á rá agam, b’fhéidir gurbh í stíl na 80idí an chuma a bhí á lorg acu.

I measc bhuaicphointí feisteas an ghrúpa, tá hata captaein agus bríste ildaite grúvaíáilte, seaicéad ildaite díreach as físeán ceoil Wham, agus, ar deireadh, b’fhéidir an meascán éadaí is aistí, léine shróil a raibh patrún craiceann nathair uirthi le bríste gairid CLG.

Is féidir leat Grooveline a fheiceáil ar camchuairt ar fud na hÉireann (agus ceolchoirm amháin i Sasana) an samhradh seo.

Beagán aisteach, beagán scanrúil, ach thar a bheith cumasach, Huartan. Le ceol traidisiúnta na hÉireann agus buillí leictreonacha, tá comhcheangal meallacach á chruthú agus á léiriú acu ar fud an oileáin.

B’fhéidir nach iad an banna ceoil is fearr le feiceáil agus tú ar meisce leis an chuma scanrúil agus a gcuid cultacha a chuireann deasghnátha Págánach i gcuimhne. Is dócha gurb é ceann de na rudaí is fearr liom faoin bhanna ná codarsnacht na n-eilimintí Ceilteacha taobh le stíl Iarthar Bhéal Feirste. Dhealródh sé go raibh go leor daoine faoi gheasa acu ag féile na bliana seo.

Grianghraf: (ar chlé) Jake Óg Mac Siacais ó The Shan Vans agus (ar dheis) Huartan ag Féile na Gealaí.

Ar deireadh, ach go cinnte, ceann de na bannaí ceoil is fearr liom, agus is dúchasaigh Fheirsteacha iad! Rinne The Shan Vans seit fuinniúil mar is gnáth. Ba é buaicphointe an fhaisin léine Jake Óg Mac Siacais le “Still Hate Thatcher” scríofa uirthi, ag cur le hatmaisféar frithbhunaíochta an bhanna.

Beidh The Shan Vans ag Picnic Leictreach ní uair amháin, ach faoi dhó, i mí Lúnasa!

Go ceann tamaillín eile, d’fhéadfadh spiorad Joan sos a ghlacadh agus na híospartaigh faisin a ligean dóibh. Ach beidh mé féin ag breathnú go fóill.

The post Póilíní Faisin na bhféilte ag Féile na Gealaí appeared first on NÓS.

Níos mó