Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs

Athrú chun feabhais ar na bacáin? Guímis

| Dáithí Anraí |

Ciarán Ó Pronntaigh

Bhí an sé a chlog ann faoin am ar tharraing mé mé féin ar shiúl ón teilifís maidin Dé hAoine. Ach choinnigh mé an raidió ag dul agus mé i mo luí, ar eagla go gcaillfinn rud éigin. Mar sin, ba trí cheo mo chodlata a chuala mé Keir Starmer, Príomh-Aire nua na Breataine, agus é ag caint ar Shráid Downing. Mhothaigh mé go raibh mé ag searmanas eaglasta éigin seachas ceiliúradh polaitiúil, ceann de na buanna ba mhó i stair na Breataine.

Shamhlaigh mé go raibh mé ag éisteacht le sagart nó ministir ag paidreoireacht leis. Bhí an-easpa gnímh i gceist ach cuid mhaith den ‘oibreoimid go dian’. ‘Beidh rudaí níos fearr’ seachas ‘seo an dóigh a ndéanfaimid athrú’. Rialtas seirbhíse, mar a dúirt sé fiche uair an deireadh seachtaine seo. Agus murar thuig muid an tseanmóir i gceart, dúirt sé nach mbeidh baint ar bith ag an idé-eolaíocht leis an rialtas nua, an teachtaireacht chéanna a chuala muid ón altóir nuair a cuireadh ruaig ar dhiagacht na saoirse sna hochtóidí.

Ag deireadh na dála, beidh an t-athrú atá geallta ag brath go hiomlán ar cibé ráth a thagann ar an gheilleagar, rud atá mar an gcéanna leis an pholasaí a bhí ag na Tóraithe. Péire lámh níos iontaofa ar an roth stiúrtha seachas treo ar bith nua. Ní bheidh cáin sa bhreis ar dhaoine saibhre cé go bhfuil an NHS agus seirbhísí eile ag dul in olcas i rith an ama. An amhlaidh go gciallaíonn córas an chéad duine thar an líne nach n-éireoidh ach le páirtithe den lár nó den eite dheis as seo amach? Cuir ceist ar an Chomhaontas Ghlas nó ar Jeremy Corbyn.

Ar bhonn daonna, beidh díomá ar a lán daoine a bhí thíos leis na ciorruithe a chuir an rialtas i bhfeidhm le 14 bliana. Na teaghlaigh, mar shampla, nach bhfaigheann liúntas teaghlaigh do níos mó ná beirt pháistí, ceann de na beartais is mó a chuireann le bochtaineacht leanaí sa Bhreatain. Agus an gheallúint ón rialtas nua? Tá ráth an gheilleagair níos tábhachtaí ná seo a réiteach, go bunúsach.

Bhí deis ag Starmer níos mó feola a chur ar pholasaithe an rialtais an lá dár gcionn nuair a labhair sé leis na meáin agus thug sé leid nach beag nach mbeadh athrú bunreachtúil ann ó thuaidh go luath. Níl a fhios agam an trí mheancóg nó d’aon turas a dúirt sé go raibh mandáid anois ag Páirtí an Lucht Oibre ‘ó cheithre náisiún na Ríochta Aontaithe’ ach sin an rud a dúirt sé. Ní bhfuair an páirtí oiread agus vóta amháin anseo agus más é líon na bhfeisirí an tslat tomhais atá le húsáid, bhain Sinn Féin agus an SDLP leathchuid de na suíocháin anseo. Cé atá ag dul a rá leis nach bhfuil aon mhandáid anseo aige agus go bhfuil an tacaíocht don aontacht leis an Bhreatain ag dul i laghad i gcónaí?

Maidir leis an chaidreamh idir Londain agus Baile Átha Cliath, tá léaró dóchais ann. Ní féidir leis a bheith chomh holc is a bhí nuair a bhí na Tóraithe i gcumhacht, ar ndóigh. Tá comhbhá ag Starmer féin leis an Aontas Eorpach agus leis an tír seo chomh maith agus go traidisiúnta is de phór Éireannach cuid mhaith de na feisirí sa pháirtí, taobh amuigh den chorrcheann a rugadh in Éirinn féin an iarraidh seo. Agus tá an post is straitéisí ag an Chorcaíoch Morgan McSweeney, an fear a thiomáin an páirtí ón eite chlé agus a bhí ag obair mar chomhairleoir cléibh Starmer le tamall de bhlianta.

Ach ní hionann sin is go mbeidh gach rud socair in Stormont. Níor chuir an Stát-Rúnaí nua, Hilary Benn, fiacail ann Dé Domhnaigh nuair a d’fhógair sé gur gá don Fheidhmeannas tuilleadh maoinithe a thógáil leis féin agus go bhfuil athleasú de dhíth san earnáil phoiblí. An focal nár dhúirt sé go mbeidh maoiniú cothrom ag teacht chugainn, rud atá iarrtha ag gach páirtí anseo. Luaigh sé Páirc Mhic Asmaint ach níor thug sé geallúint go mbeadh sí réidh do Chorn na hEorpa in 2028. Arís, mair a chapaill agus gheobhaidh tú féar (ach níl mé cinnte faoi staid idirnáisiúnta).

Bíonn dóchas ag daoine go mbeidh athrú chun feabhais ann agus iad amuigh ag vótáil sna botha. Tá faitíos orm, áfach, go bhfuil barraíocht den athrú ag brath ar dhea-ghiúmar na ndéithe seachas gníomh an rialtais nua. Guímis.

Níos mó