Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Support, services & facilities
Age Group 4 - 12
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Irish Language Festivals
Using Your Irish Name
Support, services & facilities
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Age Group 22+
Irish language jobs in Ireland
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Conversation Circles
Irish Language Festivals
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Classes for Adults
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
feachtas-feasachta-molta-don-ghaeloideachas-chun-fail-reidh-le-hiomha-an-eiliteachais

Feachtas feasachta molta don ghaeloideachas chun fáil réidh le híomhá an éilíteachais

| Tuairisc.ie | ,

Tá ráite ag saineolaithe oideachais ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath gur chóir feachtas feasachta a reáchtáil chun dul i ngleic leis an “íomhá éilíteach” atá ann maidir leis an nGaelscolaíocht.

Agus í a labhairt os comhair coiste Dála i dTeach Laighean an tseachtain seo, thug stiúrthóir an ionaid taighde SEALBHÚ le fios go bhfágann an easpa spásanna atá i scoileanna lán-Ghaeilge de thoradh teip an Stáit freastal ar an éileamh atá ann i measc an phobail go bhfuil an íomhá mhícheart ag daoine nach gcuireann scoileanna lán-Ghaeilge fáilte roimh chách.

Dúirt an Dr Aisling Ní Dhiorbháin le Teachtaí Dála agus Seanadóirí gur léirigh taighde an tóir atá ar an nGaeloideachas i measc tuismitheoirí agus páistí ach go bhfágann easpa scoileanna lán-Ghaeilge go mbíonn easpa spásanna ann, go háirithe dóibh siúd nach bhfuil páistí acu i scoil lán-Ghaeilge cheana féin.

“Cruthaíonn an ró-éileamh atá ar an nGaelscolaíocht faoi láthair íomhá éilíteach den Ghaelscolaíocht. Is íomhá í seo den Ghaelscolaíocht nach bhfuil ceart nó cruinn,” a dúirt Ní Dhiorbháin. “An deacracht is mó atá ann ná nach bhfuil dóthain scoileanna ann, is dúshlán é seo a chruthaíonn ró-éileamh.”

Dúirt sí go mbíonn scoileanna go minic teoranta i dtaobh líon na bpáistí gur féidir leo glacadh leo, go háirithe i gcathracha cosúil le Baile Átha Cliath.

“I go leor scoileanna, má tá rang amháin agat, tá tú in ann 31 [páiste] a ghlacadh isteach. D’fhéadfadh 20 siblín a bheith agat, tá tú ag caint ar dheich spás [a bheadh fágtha], go háirithe i gceantair phlódaithe mar atá i mBaile Átha Cliath anseo,” a dúirt Ní Dhiorbháin.

“I gcásanna áirithe tá seans nach mbacfadh tuismitheoirí le háit a lorg i scoil lán-Ghaeilge dá bpáistí, go fiú, mar gheall ar an nganntanas spásanna.”

I gcomhairliúchán poiblí a reáchtáladh mar chuid den obair forbartha ar pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge, léiríodh freisin go mbíonn tuismitheoirí buartha nach mbeidh an tumoideachas oiriúnach dá bpáistí mura bhfuil Gaeilge acu féin.

Chabhródh feachtas feasachta chun an dearcadh sin agus an meon maidir le héilíteachas sa chóras Gaeloideachais a chur ina gceart, a dúirt Ní Dhiorbháin.

“Is gá a fhógairt go bhfuil na scoileanna lán-Ghaeilge fáilteach roimh chách agus [is gá] eolas faoi bhuntáistí an tumoideachais agus an ilteangachais a roinnt leis an bpobal.

“Is gá a fhógairt go soiléir nach gá go mbeadh Gaeilge ag tuismitheoirí/caomhnóirí le go mbainfidh a bpáistí leas as an tumoideachas. Príomhbhuairt a léirigh tuismitheoirí sa chomhairliúchán nár roghnaigh an tumoideachas ná nach raibh Gaeilge acu nó nach raibh siad sách muiníneach as a gcuid Gaeilge.”

Dúirt Ní Dhiorbháin gur gá go mbeadh suíomhanna lán-Ghaeilge “ionchuimsitheach, ilchreidmheach, ilteangach, ilchultúrtha agus fáilteach do chách.”

Dúirt sí gur léirigh an taighde an taithí dhearfach ar an nGaeloideachas a bhí ag tuismitheoirí agus páistí ó theaghlaigh ilteangacha, teaghlaigh nach í an Ghaeilge ná an Béarla an teanga acu sa bhaile, agus go bhféadfaí sin a lua san fheachtas feasachta.

D’impigh SEALBHÚ ar an rialtas tabhairt faoi fhadhb an easpa soláthair sa chóras lán-Ghaeilge “ar bhonn práinne” agus líon na bhfoghlaimeoirí atá ag fáil a gcuid oideachais trí mheán na Gaeilge tite den chéad uair le 50 bliain.

“Molann muid go láidir go leagfaí plean síos ina mbeidh spriocanna cinnte le baint amach faoi cheangal ama lena chinntiú go mbeadh an t-oideachas lán-Ghaeilge mar rogha ag gach clann ag gach leibhéal oideachais – cúram na luathóige, ag leibhéal na bunscoile, na hiarbhunscoile agus ag an tríú leibhéal,” a dúirt Ní Dhiorbháin.

Dúirt sí go raibh “bearna ollmhór” ann in oideachas agus i gcúram na luath-óige i láthair na huaire agus freisin ag leibhéal na hiarbhunscoile agus gan aon rogha ag páistí ach an córas oideachais lán-Ghaeilge a fhágáil nuair a bhíonn siad ag imeacht ón mbunscoil mar nach raibh an rogha acu freastal ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge.

Chuir Ní Dhiorbháin fáilte roimh fhorbairt an pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge ach dúirt sí go raibh plean straitéiseach ag teastáil chun a chinntiú go gcuirfear aon mholtaí atá ann i bhfeidhm.

“Bíonn an polasaí agat ach céard atá ag tarlú ansin ar an talamh? Ní leor polasaí. Nuair a amharcann tú ar an mBreatain Bheag, tá an polasaí acu ach tá spriocanna acu, tá tacaíocht acu agus tá siad ag súil faoi 2050 go mbeidh 40% de na scoileanna ag múineadh trí mheán na Breatnaise. Teastaíonn an polasaí ach teastaíonn na tacaíochtaí.”

Tá imní léirithe ag lucht feachtais faoina laghad scoileanna lán-Ghaeilge nua atá á dtógáil ag an Stát ach dúirt Ní Dhiorbháin go bhfuil moltaí praiticiúla sna cáipéisí comhairliúcháin a d’ullmhaigh SEALBHÚ maidir le próiseas aistrithe scoileanna ó scoileanna meán-Bhéarla go scoileanna lán-Ghaeilge ar fiú iad a iniúchadh.

Tá ráite ag an Teachta Dála Éamon Ó Cuív cheana gur chóir scoileanna lán-Bhéarla a dhúnadh agus a chónascadh más gá sin a dhéanamh chun scoileanna lán-Ghaeilge nua a bhunú.

Níos mó