Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
coiste-logainmneacha-nua-bunaithe-chun-comhairle-a-chur-ar-aire-na-gaeltachta

Coiste Logainmneacha nua bunaithe chun comhairle a chur ar Aire na Gaeltachta

| Tuairisc.ie | ,

Is é an tOllamh Liam Mac Mathúna, Ollamh Emeritus le Gaeilge sa gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus iarbhall den Choimisiún Logainmneacha atá ceaptha ina chathaoirleach ar an gcoiste nua

Coiste Logainmneacha nua bunaithe chun comhairle a chur ar Aire na Gaeltachta

Reáchtáladh inné an chéad chruinniú den Choiste Logainmneacha nua a bunaíodh faoin reachtaíocht teanga.

Is é an tOllamh Liam Mac Mathúna, Ollamh Emeritus le Gaeilge i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, agus iarbhall den Choimisiún Logainmneacha atá ceaptha ina chathaoirleach ar an gcoiste nua.

Cathaoirleach agus deichniúr gnáthchomhaltaí atá ceaptha ar an gCoiste Logainmneacha, a bhfuil téarma trí bliana le bheith aige, go mí an Mheithimh 2027.

Is iad na comhaltaí eile ná an Dr Úna Bhreathnach ó Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath; Dónall Mac Giolla Easpaig, IarPhríomhoifigeach Logainmneacha sa Bhrainse Logainmneacha; Maura Lynskey ó Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge; an Dr Patrick McKay, saineolaí ar logainmneacha Thuaisceart Éireann; Máire Feiritéar, saineolaí ar Ghaeilge Chonamara; Donnchadh Ó Baoill, saineolaí ar logainmneacha iarthar Thír Chonaill; Nóilín Nic Bhloscaidh ó Ollscoil Uladh;  an Dr Aengus Ó Fionnagáin ó Ollscoil Luimnigh; Caoimhe Ní Shúilleabháin, IarOifigeach Logainmneacha sa Bhrainse Logainmneacha; agus an Dr Liam Ó hAisibéil: ó Ollscoil na Gaillimhe.

Is é príomhchúram an Choiste Logainmneacha ná comhairle a chur ar an Aire maidir le leaganacha Gaeilge de logainmneacha na hÉireann a dhearbhú faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla. Tá comhairle seo an Choiste bunaithe ar scrúdú a dhéanamh ar thaighde an Bhrainse Logainmneacha – rannóg taighde de chuid Roinn na Gaeltachta.

Feidhmíonn baill an Choiste Logainmneacha go deonach, agus is tréimhse trí bliana atá ag an gCoiste.

Beidh cruinniú amháin ag an gCoiste in aghaidh na ráithe. Is é an Príomhoifigeach Logainmneacha sa Bhrainse Logainmneacha sa Roinn atá ina rúnaí ar an gCoiste.

Tá an Coiste úr ag díriú ar chéimeanna chun go ndéanfar orduithe logainmneacha de na dréachtorduithe logainmneacha do roinnt contaetha. Leanfaidh an Brainse Logainmneacha sa Roinn Turasóireachta, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ar aghaidh le taighde ar son an Choiste ar ainmneacha na mbailte fearainn sna contaetha nach bhfuil ordú nó dréachtordú logainmneacha ann dóibh cheana féin.

Chuir Aire na Gaeltachta, Catherine Martin fáilte roimh bhunú an choiste nua.

“Tá an-áthas orm go bhfuil Coiste Logainmneacha thar a bheith oilte le bheith ag obair faoi scáth mo Roinne ar an réimse tábhachtach seo dár gcuid oibre – an obair luachmhar a bhaineann le logainmneacha Gaeilge na tíre seo. Is breá an rud é go bhfuil daoine ó chúlraí éagsúla a bhfuil saineolas agus spéis acu i réimse na logainmneacha sásta feidhmiú ar an gCoiste as seo go ceann trí bliana agus a gcuid ama agus saineolais a roinnt go fial.”

Sheol an Rialtas inné freisin Gréasán Gaeilge na hEarnála Poiblí, líonra a thabharfaidh deis do dhaoine san earnáil phoiblí an Ghaeilge a úsáid nó a fhoghlaim.

Tá sé i gceist go gcabhróidh an gréasán, a d’fhorbair Oireachtas na Gaeilge, leis an gcaighdeán seirbhísí a chuireann an earnáil phoiblí ar fáil trí Ghaeilge a neartú agus go gcuideoidh sé leis an sprioc atá leagtha amach san acht teanga a bhaint amach, sé sin go mbeadh 20% d’earcaigh nua chuig an earnáil phoiblí inniúil i nGaeilge faoi dheireadh 2030.

Níos mó