Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
‘ta-me-chun-ceisteanna-a-chur’-–-aire-stait-na-gaeltachta-mishasta-gur-i-mbearla-amhain-a-chur-a-roinn-nota-eolais-faoi-bhille-an-udarais-ar-fail

‘Tá mé chun ceisteanna a chur’ – Aire Stáit na Gaeltachta míshásta gur i mBéarla amháin a chur a Roinn nóta eolais faoi Bhille an Údaráis ar fáil

| tuairisc | , ,

Thug an tAire Stáit Thomas Byrne le fios gurb é an brú a bhí ann an bille a fhoilsiú agus a phlé roimh sos samhraidh na Dála ba chúis leis an teip an t-eolas a chur ar fáil i nGaeilge

‘Tá mé chun ceisteanna a chur’ – Aire Stáit na Gaeltachta míshásta gur i mBéarla amháin a chur a Roinn nóta eolais faoi Bhille an Údaráis ar fáil

Tá ráite ag Aire Stáit na Gaeltachta nach raibh sé sách maith gur i mBéarla amháin a bhí nóta eolais a fuair polaiteoirí óna Roinn faoi bhille Údarás na Gaeltachta agus go bhfuil sé chun an scéal a fhiosrú.

Agus An Bille um Údarás na Gaeltachta (Leasú), 2024, foilsithe ag an Rialtas an tseachtain seo caite, tugadh cuireadh do pholaiteoirí i dTeach Laighean freastal ar sheisiún eolais le hoifigigh ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán chun an reachtaíocht a phlé agus scaipeadh nóta eolais faoin mbille orthu freisin. Is i mBéarla amháin a bhí an t-eolas sa nóta, áfach.

Thug an tAire Stáit Thomas Byrne le fios gurb é an brú a bhí ann an bille a fhoilsiú agus a phlé roimh shos samhraidh na Dála ba chúis leis an teip an t-eolas a chur ar fáil i nGaeilge.

“Tá brón orm go raibh deifir an tseachtain seo, ach bhí deifir toisc go raibh mé ag iarraidh go mbeadh an Bille os comhair na Dála. Mo bhuíochas leo siúd a d’fhreastail ar an briefing a bhí ar siúl ar an Luan.

“Ní raibh a fhios agam nach raibh leagan Gaeilge den briefing note. Tá mé chun ceisteanna a chur maidir leis sin. Ba cheart go mbeadh gach rud ag teacht amach trí Ghaeilge agus trí Bhéarla, ní amháin as Roinn na Gaeltachta ach ón Rialtas leis. Tarlaíonn sé sin san Aontas Eorpach gan aon deacracht ar chor ar bith.”

Rinneadh plé ar bhille an Údaráis Déardaoin seo caite, an 11 Iúil, an lá go ndeachaigh an Dáil ar scor don samhradh.

Tá ráite ag an tAire Stáit Byrne go minic go mbíodh sé níos éasca aige leagan Gaeilge de cháipéisí a fháil sa Bhruiséil nuair a bhí sé ag obair san Aontas Eorpach ná mar atá aistriúchán a fháil ó ranna rialtais.

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc ón Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán maidir leis an teip leagan Gaeilge den nóta eolais a chur ar fáil agus ceist curtha air an bhfuil aon chéimeanna glactha chun déanamh cinnte nach dtarlóidh a leithéid arís.

Agus í ag tagairt don scéal le linn na díospóireachta an tseachtain seo caite, dúirt an Teachta Dála Neamhspleách Catherine Connolly gur scríobh sí chuig Roinn na Gaeltachta faoin scéal agus cé go bhfuair sí admháil gur i mBéarla a bhí an nóta eolais, dúirt sí nár cuireadh aon leagan Gaeilge ar fáil.

Dúirt Connolly go raibh “dea-thoil i ngach áit” i dTeach Laighean don teanga agus mhol sí na Teachtaí a bhí ag glacadh páirt i ndíospóireacht i nGaeilge den chéad uair. Ach dúirt sí go raibh ag teip ar an Teach seirbhísí dátheangacha a chinntiú.

Cháin sí go háirithe an easpa dul chun cinn atá déanta i dtaobh tuarascáil a réitigh coiste a raibh Connolly féin ina cathaoirleach air faoi conas go bhféadfaí méadú a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge sa Dáil.

“Is iontach an rud é go bhfuil Teachtaí Dála ag baint úsáid as an nGaeilge ach tá gá le cabhair. Bhí sé de phribhléid agam a bheith mar chathaoirleach ar fhochoiste um chur chun cinn na Gaeilge sa Dáil.

“Bhí moltaí praiticiúla againn a bhí feiliúnach do mo chomhghleacaithe agus do na maoir ar an talamh ach níl a fhios agam cá bhfuil an fecking tuarascáil sin. Gabh mo leithscéal as sin ach níl a fhios agam. Tá sé áit éigin ach níl a fhios agam cén áit.”

Bhí an tuarascáil le cur faoi bhráid Cheann Comhairle na Dála ach nuair a chuir Tuairisc ceist ar a oifig faoi chur i bhfeidhm na moltaí atá inti, níor cuireadh aon fhreagra ar fáil.

Níos mó