Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
cuid-mhor-de-dheisceabail-na-ndaonlathach-ag-fogairt-a-gcuid-tacaiochta-do-kamila-harris 

Cuid mhór de dheisceabail na nDaonlathach ag fógairt a gcuid tacaíochta do Kamila Harris 

| Tuairisc.ie | ,

Tá cuid mhór de dheisceabail na nDaonlathach Stáit Aontaithe Mheiriceá ag glacadh le comhairle an Uachtaráin Biden agus ag fógairt a gcuid tacaíochta féin don Leas-Uachtarán Harris mar iarrthóir an pháirtí don uachtaránacht.   

D’fhógair Joe Biden inné gurb í Kamala Harris a rogha comharba d’ainmniúchán a pháirtí d’uachtaránacht na Stát Aontaithe.  

Tá an chuma air go measann Daonlathaigh go leor nach tráth moilleadóireachta é seo agus go gcaithfear beart a dhéanamh láithreach ar mhaithe le deireadh a chur leis na haighnis inmheánacha atá sa bpáirtí le trí seachtaine ó chlis go dona ar an Uachtarán Biden sa díospóireacht teilifíse idir é féin agus Donald Trump, iarrthóir na bPoblachtánach.  

Chreid go leor Daonlathach le tamall nach raibh sláinte an Uachtaráin sách maith le dúshlán Trump a thabhairt sa bhfeachtas ná do théarma eile sa Teach Bán agus bhíodar ag tuineadh leis éirí as an iarracht.  

Tá tacaíocht léirithe do Harris ag an iarUachtarán Bill Clinton agus ag Hillary Clinton, a thug iarraidh faoin Teach Bán í féin. Measann The Washington Post go bhfuil a dtacaíocht do Harris léirithe ag 178 den 263 feisire atá ag na Daonlathaigh i dTeach na Comhdhála chomh maith le 23 gobharnóir Daonlathach.  

Tá a mbeannacht tugtha ag cathaoirligh an pháirtí Dhonlathaigh sna 50 stát do Harris mar iarrthóir an pháirtí in aghaidh an iar-uachtaráin Donald Trump.  

Deir ActBlue, an cumann tiomsaithe airgid ón bpobal d’iarrthóirí an Pháirtí Dhaonlathaigh, go bhfuil $46.7 milliún bailithe ó ghnáthbhaill an pháirtí ó seoladh feachtas Kamal Harris, an lá is mó ar bronnadh síntiúis ó thosaigh feachtas uachtaránachta 2024.  

Údar suntais go bhfuil cuid de mhaithe an pháirtí nár fhógair a dtacaíocht do Harris go fóill agus orthu sin tá an t-iar-uachtarán Barack Obama agus Nancy Pelosi, iarcheann comhairle na Comhdhála, a d’iarr ar Biden éirí as an bhfeachtas.   

Ach is léir gur mór an cúnamh do Harris beannacht an Uachtaráin Biden agus a stádas mar Leas-Uachtarán, comharba an Uachtaráin i gcás na tubaiste.  

Measann go leor nárbh é leas polaitiúil an pháirtí Dhaonlathaigh neamhaird a dhéanamh den chéad bhean den chine dubh a bhí riamh ina hiarrthóir d’Uachtaránacht na tíre.  

Caithfear smaoineamh freisin go mbeadh teacht ag feachtas Harris ar an gciste thart ar $100 milliún a bhí bailithe cheana ag an bpáirtí don fheachtas seo.  

Ar ndóigh tá dúshláin go leor le sárú aici agus ní go maith a d’éirigh lena feachtas in 2019 nuair a thug sí faoi ainmniúchán an pháirtí don uachtaránacht.  

Léiríonn na pobalbhreitheanna nach bhfuil tacaíocht an phobail do Harris aon bhlas níos fearr ná mar a bhí do Biden agus i gcoinne Donald Trump is amhlaidh an cás.   

Má tá éiginnteacht agus mearbhall ar an bPáirtí Daonlathach de bharr fógra Biden éirí as an bhfeachtas agus gan ach ceithre mhí go dtí lá na cinniúna, tá straitéis na bPoblachtánach iompaithe bunoscionn ag an gcinneadh tobann freisin.  

Bhí teachtaireacht mhór an fheachtais socraithe – Trump, fear an nirt agus an mhisnigh in aghaidh an tseanfhir a bhí éidreorach agus lag – ach is beag an mhaith an plean sin in aghaidh iarrthóir atá fiche bliain níos óige ná iarrthóir na bPolachtánach.  

Ní túisce í fógartha ag Biden mar chomharba ná bhí fógra eisithe ag Biden ag ceangal an leasuachtaráin leis an Uachtarán Biden:  

“Bhí Kamala páirteach ann,” a dúradh sa bhfógra. “Chlúdaigh sí meath intinne Joe a bhí follasach. Bhí a fhios ag Kamala nach raibh Joe in ann an jab a dhéanamh. Í fhéin a rinne é sin…mar sin is uirthi sin atá an teip seo le leagan.” 

Is maith an seans go ndíreoidh Trump ar na laigí eile a mheastar atá ag Kamala Harris, mar shampla, botúin a rinne sí i dtús a tréimhse mar leasUachtarán agus í ag díriú ar na bunchúiseanna leis an ngéarchéim imirce ar theorainn Mheicsiceo agus na Stát Aontaithe.  

Inné ghlaoigh Jen O’Malley Dillon, cathaoirleach fheachtas Joe Biden, agus Julie Chavez Rodriguez, bainisteoir an fheachtais, ar an bhfoireann ar fad ag áitiú orthu gurb iadsan anois a chuideoidh leis an Leas-Uachtarán Kamala Harris a chur isteach sa Teach Bán i mí na Samhna agus Donald Trump a choinneáil amach as. 

Dúirt O’Malley Dillon gur thug an tUachtarán Joe Biden comhghuaillíocht láidir ionchuimsitheach le chéile in 2020 agus go gcuirfidís leis an gcomhghuaillíocht sin sa toghchán seo agus go ndéanfaidís uachtarán de Harris. 

Dúirt an cathaoirleach O’Malley Dillon leo go gcinnteofaí go raibh post gach duine den fhoireann sábháilte ach dúirt sí chomh maith go mbeadh daoine nua ag teacht ar bord.  

Dúirt sí gur thuig sí go maith an ‘suaitheadh intinne’ a bhain leis an scéala seo don fhoireann i lár a gcuid oibre ar an bhfeachtas agus an scéala seo á chloisteáil acu i litir Biden.  

“Tuigim go bhfuil sé sin deacair,” a dúirt sí. “Ba bhreá linn dá bhféadfadh muid ar fad an scéal seo ar fad a bheith pléite againn le chéile agus é a bheith ar eolas againn roimh ré.” 

Níos mó