Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
cuntas-o-cheanada:-anois…am-baile

Cuntas ó Cheanada: Anois…Am Baile

| aodhan o baoill | ,

Tá am baile ag druidim linn agus mar fhocal scoir, shíl mé go dtapóinn an deis achoimhre a dhéanamh ar an deich mí atá caite againn sa tír ghalánta seo, chomh maith le rud beag comhairle a thabhairt (más féidir) do dhuine ar bith atá ag smaointeamh ar sheal a chaitheamh thar lear.

Nuair a smaointím siar ar achan rud a tharla, d’imigh an deich mí ar luas na gaoithe. Is doiligh a shamhlú agus an t-alt seo á scríobh agam faoin spéir, ag amharc amach ar an Aigéan Chiúin ó Oileán Vancouver le dath gréine ar mo chraiceann agus gan orm ach t-léine agus bríste gairid, go raibh muid inar gcónaí in Calgary agus é chomh fuar le -45 roinnt laethanta. 

Ní dhéanfaidh mé dearmad choíche ar na mothúcháin a bhí ar an bheirt againn nuair a leaindeáil muid in Calgary ar an 2 Deireadh Fómhair 2023. Ní raibh againn ach a chéile, agus dhá mhála an duine. Bhí a fhios againn go mbeadh an fear seo Jimmy dár dtógáil sa charr ón aerfort agus go mbeadh muid ag stopadh leis go ceann tamaill, ach taobh amuigh de sin? Faic. 

Is dócha go raibh sé ar intinn ag an bheirt againne ón tús go mbeadh muid anseo ar feadh bliana agus ní mí amháin níos faide ná sin. Ach leis an fhírinne a dhéanamh, cá bhfios? Cad é a tharlóidh má éiríonn linn poist mhaithe a fháil? Cad é a tharlóidh má éiríonn le duine againne post maith a fháil agus nach n-éiríonn leis an duine eile? An mbeidh titim amach againn? An mbuailfidh muid le cairde úra ar bith? 

Grianghraf: Spéirlíne Calgary, Ceanada. (Creidmheas: Kyler Nixon)

Ag amharc siar dom anois, níor chóir go raibh imní ar bith orm. Chaith muid sé mhí in Calgary agus bhí siad ar na sé mhí ba dheise dár chaith mé in áit ar bith riamh. Cosúil le go leor Éireannach ar fud an domhain, an chéad áit a ndeachaigh muid ar imeacht an tí dúinn in Calgary ná an club CLG, Taoisigh Calgary. Níl aon leigheas níos fearr ar an tuirse aerthurais ná a bheith ag coitseáil páistí! 

Is sa chlub CLG agus sa chlub Éireannach a tháinig muid ar phobal i gCeanada. Is ansin a fuair muid amach an dóigh a dtugann Éireannaigh thar sáile aire dá chéile. Cuireadh fáilte romhainn an Nollaig a chaitheamh leo, dul ar oícheanta amuigh, dul ar oíche cheoil agus tuilleadh eile nach iad. Bhuail muid le daoine atá anois mar chairde againn go deo. Daoine ar Éireannaigh iad, daoine ar Ceanadaigh iad, agus daoine eile as áiteanna ar domhan nár chuala mé iomrá orthu gur bhuail mé leo. Gheall muid dá chéile go bhfeicfeadh muid arís iad, sa bhaile nó anseo, agus tá mé ag dúil cheana féin le roinnt acu a fheiceáil um Nollaig sa bhaile. 

Ba chinneadh deacair é Calgary a fhágáil inár ndiaidh; bhí cairde agus pobal agus áit chónaithe chompordach againn, agus bhí muid ag dul go British Columbia ag dúil le heispéireas go hiomlán difriúil. Ní bheadh a leithéid de phobal againn ansin mar bhí muid ag dul go tuaisceart oileán éigin le bheith ag obair in áit iargúlta. Chinn muid é a dhéanamh cibé ar bith, áfach, cé nach raibh sé sa “phlean” againn.

Grianghraf: Lake Moraine, Ceanada. (Creidmheas: Jeremy Allouche)

Ansin, an turas RV fríd na Sléibhte Creagacha. Is iomaí focal atá curtha síos anseo agam, agus ní chuirfidh mé bhur gcuid ama amú le tuilleadh ach amháin le rá: má fhaigheann tú an deis in am ar bith turas den chineál sin a dhéanamh, go háirithe in RV — déan é. Tá mé claonta ach mholfainn é a dhéanamh ar thiontú na séasúr chomh maith, nuair atá críoch an gheimhridh ann. Beidh sé fuar, ar ndóigh, agus beidh go leor leor sneachta ann, ach má éiríonn leat aimsir mar a fuair muidne a fháil, ní bheidh aon aiféala ort. 

Nuair a bhain muid Oileán Vancouver amach, bhí a fhios againn go mbeadh am difriúil againn. Ach rud éigin eile nach ndéanfaidh mé dearmad air ná an turas go Cuas an Teileagraif. 

Tabharfaidh mé giota comhthéacs daoibh. Tá an t-oileán ar aon mhéid le hÉirinn a bheag nó a mhór, ach má shíleann tú go bhfuil droch-chóras iompar poiblí againne sa bhaile, níl se leath chomh holc leis an chóras i dtuaisceart an oileáin. D’éirigh linn leath den oileán a thrasnú ar bhus, agus ansin bhí orainn síobshiúl a dhéanamh don chuid eile. Bealach amháin isteach, bealach amháin amach.

Grianghraf: Little Qualcium Falls, Oileán Vancouver. (Creidmheas: Mathijs Deerenberg)

Ní thabharfadh an focal ‘iargúlta’ a cheart don áit. Chaith muid an chéad choicís gan duine ar bith eile ann seachas ár gcomhghleacaithe ón 9:00 go 17:00. Ach ní raibh muid ábalta an áilleacht a shéanadh. Míolta móra, béir, iolair, deilfeanna, róin, madaidh uisce, agus tuilleadh eile. Ba thréimhse thar a bheith suaimhneach agus sultmhar í na sé seachtaine a chaith muid ann. Ní hamháin sin, ach chuir muintir na háite fearadh na fáilte romhainn. Thug daoine bia dom – iasc ar rug siad orthu ón fharraige díreach os ár gcomhair nó rudaí a rinne siad iad féin. Tugadh amach ar bháid muid leis na hoileáin bheaga eile a fheiceáil, agus rinne siad a seacht ndícheall cinntiú go raibh muid ar ár suaimhneas san áit úr seo. 

Más duine óg thú atá ag smaointeamh ar ghiota taistil, mholfainn go hard na spéire ‘Workaways’ a dhéanamh. Do dhuine ar bith nár chuala iomrá ar an chur chuige seo riamh, is pobal ar líne é a thairgeann lóistín do thaistealaithe mar chúiteamh ar obair a dhéanamh thart ar an teach. Go bunúsach, stopann tú le teaghlach agus faigheann tú bia agus leaba, cuidíonn tú le hobair tí, leis an ghairdín a choinneáil néata, nó le cibé cinéal oibre atá acu duit. Déanann tú trí nó ceithre uair in aghaidh an lae agus is leatsa an chuid eile den lá chun taiscéalaíocht a dhéanamh. Rinne muidne amhlaidh faoi thrí agus bhain muid an oiread sin suilt as. Trí eispéireas iomlán difriúil a bhí iontu fosta!

Grianghraf: Mórbhealach Alaska, British Columbia, Ceanada. (Creidmheas: Alexis Mette)

Ag teacht chun deiridh, amharcaim siar ar an eachtra gan rud ar bith ach cuimhní cinn. Ó phobal Calgary go dtí an turas bóthair, iargúltacht an oileáin agus anois giota ama in Victoria agus Vancouver, ba é an turas ab fhearr é dá raibh agam riamh. Nuair a amharcaim siar air seo i gceann cúig nó deich mblaina, tá mé lánchinnte nach mbeidh aon aiféala orm ná ar Bhríd. Ní hamháin go bhfuair muid blaiseadh de thír eile agus go bhfaca muid roinnt de na háiteacha is áille ar domhan, ach rinne muid le chéile mar lánúin é, agus neartaíodh an caidreamh idir an bheirt againn mar gheall air. 

Cuimhnigh, a léitheoir, go bhfuil sé ceart go leor moilliú. D’aithin mé i mbliana go mothaíonn muid go bhfuil orainn a bheith ag obair is ag obair is ag obair an t-am ar fad. Anois, níl aon dabht gur maith an rud a bheith uaillmhianach agus díograiseach, agus is maith liom a bheith ag smaointeamh go bhfuil mé féin mar sin. Ag an am chéanna, glac sos, ná mothaigh ciontach faoi, agus bain sult as do shaol. Sin a rinne mé féin i mbliana, agus tá mé ag dúil go mór mór anois le pilleadh ar an bhaile, ar Éirinn, agus ar an obair.

Tá mo chuid taistil tagtha chun deiridh, ach tá mé ag fágáil Ceanada le scileanna úra agus eolas nua, agus fágaim libh na pointí seo más ag smaointeamh ar thaisteal atá tú:

  • Cibé tír ar a bhfuil tú ag smaointeamh uirthi, tapaigh an deis agus gabh. 
  • Is cuma má théann tú le do pháirtí, cara, deartháir nó eile — beidh titim amach agaibh, geallaim daoibh, ach ní deireadh an domhain é. 
  • An chuid is mó den am, tá maitheas sna daoine a mbuaileann tú leo. Bí cineálta leo, agus beidh siad cinéalta leat. 
  • Faigh áit a dtig leat amharc ar an CLG (agus áit a dtig leat é a imirt!) 
  • Is fiú go mór plean a bheith agat, ach is tábhachtaí arís deiseanna eile a thapú agus a bheith oscailte roimh athruithe sna pleananna. 
  • Bain sult as!

The post Cuntas ó Cheanada: Anois…Am Baile appeared first on NÓS.

Níos mó