Tá sé fógartha ag Éamon Ó Cuív, an t-iar-aire Gaeltachta, nach mbeidh sé ag seasamh sa chéad olltoghchán eile. Tá Ó Cuív ar dhuine de na polaiteoirí is mó a bhí luaite le cás na Gaeilge agus na Gaeltachta ó bhunú an Stáit.
Mar Aire na Gaeltachta bhí sé freagrach as forbairt na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge agus as Acht na dTeangacha Oifigiúla a thabhairt isteach agus Oifig an Choimisinéara Teanga a bhunú.
Bhí sé ina Aire Gaeltachta tráth go raibh an tír go maith as agus chinntigh sé go ndearnadh cuid mhaith infheistíochta in infreastruchtúr na Gaeltachta.
Dúirt an Tánaiste agus ceannaire Fhianna Fáil, Micheál Martin, go raibh Ó Cuív ina cheannródaí ó thaobh na reachtaíochta Gaeilge agus go raibh baint mhór aige le “ré nua don Ghaeilge”.
Tá Ó Cuív ina Theachta Dála do Ghaillimh Thiar ó 1992. Bhí sé ina Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ó 2002-2010 agus bhí sé ina Aire Stáit don Ghaeltacht roimhe sin. Bhí sé ina Aire Coimirce Sóisialaí idir 2010-2011.
Bhí sé ina leascheannaire ar Fhianna Fáil idir 2011-2012.Dúirt Ó Cuív tráthnóna nach raibh sé chun ainmniúchán a lorg chun seasamh sa chéad toghchán eile. Bhí “machnamh domhain” déanta aige ar an scéal agus leanfadh sé ar aghaidh ag “obair mar is gnáth go dtí sin”.
Ghabh sé buíochas le gach duine a chabhraigh leis ina chuid oibre.
Dúirt ceannaire Fhianna Fáil, an Tánaiste Micheál Martin, go raibh Ó Cuív “sé ina pharlaiminteoir agus ina aire den scoth”.
Dúirt Martin go raibh Ó Cuív ar dhuine de na polaiteoirí “ba choinsiasaí agus ba dhíograisí dár oibrigh sé riamh leis.
Mhol sé chomh maith an obair a rinne Ó Cuív ar feadh na mblianta ar son na síochána agus i measc phríosúnaigh sa Tuaisceart.
“Bhí sé an-tiomanta le fada don tsíocháin agus don athmhuintearas ar oileán na hÉireann agus bhí ról tábhachtach aige sa tréimhse roimh Chomhaontú Aoine an Chéasta,” arsa Michéal Martin.