Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
cursa-nua-cnocadoireachta-agus-gaeilge-ag-oidhreacht-chorca-dhuibhne 

Cúrsa nua cnocadóireachta agus Gaeilge ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne 

| tuairisc | ,

Tá súil ag lucht cúrsa nua i gCorca Dhuibhne daoine a mhealladh ar mhaith leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge agus iad amuigh faoin aer

Tá cúrsa nua cnocadóireachta agus Gaeilge fógartha ag Oidhreacht Chorca Dhuibhne agus súil acu daoine a mhealladh ar mhaith leo feabhas a chur ar a gcuid Gaeilge agus iad amuigh faoin aer.

Cúrsa cúig lá a bheidh i gceist leis an gcúrsa agus é le reáchtáil ag deireadh na míosa seo – ó 28 Lúnasa go 2 Meán Fómhair – i gCorca Dhuibhne. Ar shléibhte arda agus ar chnoic réidhe na dúiche a thabharfaidh rannpháirtithe an chúrsa a n-aghaidh agus iad á dtreorú ag an gceannaire sléibhte Maitiú Ó Coimín.

An Ghaeilge teanga an chúrsa agus beidh béim ann ar fhocail, nathanna, agus téarmaí a bhaineann leis an talamh ard, na plandaí fiáine na gcnoc, agus na hainmhithe agus éin a aimsítear ann. Roinnfidh an treoraí eile, Mícheál Ó Mainín, seanchas agus stair an cheantair leis na rannpháirtithe.

“Tá mé ag súil go mór le cúpla lá a chaitheamh i measc na gcnoc i gCorca Dhuibhne, tá áilleacht thar na bearta le fáil anseo agus an áit beo le seanchas agus stair. Beidh an cúrsa seo iontach do dhaoine ar mhaith leo radharc nua a fháil ar Ghaeltacht Chorca Dhuibhne agus é sin a dhéanamh i gcomhluadar breá Gaelach.

“Is ar áiteacha nach dtaithíonn an gnáth-thurasóir, ná go deimhin an gnáthfhoghlaimeoir Gaeilge, a bheidh muid ag tabhairt ár n-aghaidhe le linn an chúrsa agus réimse leathan de shiúlóidí pleanáilte againn,” a dúirt Maitiú Ó Coimín.

Ní fhógrófar go baileach cé na siúlóidí a dhéanfar ar an gcúrsa mar gheall go mbeifear ag brath go mór ar chúinsí aimsire ach go bhfuil “os cionn deich siúlóid pleanáilte” agus go roghnóidh na treoraithe an tsiúlóid is feiliúnaí de réir na haimsire.

I measc na siúlóidí a d’fhéadfaí a dhéanamh, áfach, tá turas chuig an Sás, turas go barr Chnoc Bréanainn, Sliabh an Iolair, an Géarán, agus fiú turas go dtí an Cró Mór ar an mBlascaod Mór ach an aimsir a bheith oiriúnach.

“Is iontach an rud é go bhfuil an oiread sin ranganna Gaeilge ar fáil anois, idir ranganna ar an láthair agus ranganna ar líne, ach d’fhéadfá a rá go bhfuil ganntanas deiseanna ann fós do dhaoine ar mhaith leo an Ghaeilge atá acu a úsáid – tá súil againn go bhfreastalóidh an cúrsa seo ar chuid de na daoine sin.

“Deis a bheidh ann a bheith amuigh faoin aer, a bheith aclaí, eolas a chur ar áit nua, agus cur le do stór focal agus an réimse teanga atá agat. Tá muid ag súil go mór le fáilte a chur roimh na siúlaithe go Corca Dhuibhne,” a dúirt Maitiú O Coimín.

Idir 5km agus 15km a bheidh na siúlóidí a dhéanfar agus costas €315 a bheidh ar an gcúrsa cúig lá. Clúdóidh an costas sin na siúlóidí treoraithe agus an costas bus a bhainfidh leis an gcúrsa ach beidh ar na siúlaithe a socruithe lóistín a dhéanamh. Tá gach eolas ar fáil ó Oidhreacht Chorca Dhuibhne.

Níos mó