Skip to main content
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
Home
Age Groups
Age Group 4 and under
Irish names
Playgroups
Using Irish with your children
Speaking Irish to your grandchildren
Raising children with Irish outside the Gaeltacht
Raising children through Irish in the Gaeltacht
Age Group 4 - 12
Benefits of All-Irish Education
Irish Colleges (Gaeltacht Summer Courses)
The Gaelbhratach
Age Group 12 - 18
Irish-Medium Schools
Benefits of All-Irish Education
Summer Colleges
The Gaelbhratach
Using Your Irish Name
Age Group 18 - 22
Learn Irish: 18-22 year olds
Irish Third-Level Courses
Age Group 22+
Irish Classes for Adults
Get Involved in the Movement with Conradh na Gaeilge
Support, services & facilities
Community
PEIG.ie Newsletter
Services Available through Irish
Conversation Circles
Surnames
The Gaeltacht
Community Groups
Irish Language Centres
Supports Available for Businesses
Irish Language Festivals
Irish Week / Seachtain na Gaeilge
Festivals
5 Tips
Awareness Events
Irish-language Books
Irish Language Podcasts
Television and radio in Irish
Lead organisations
Learn
Learning Irish
All-Irish Secondary Schools
Playgroups
Irish-Medium Schools
Irish in English-speaking schools
Irish Third-Level Courses
Irish-language services for schools
Terminology and Grammar Tools Online
Rights
The Official Languages ​​Act 2003
Irish Language Strategies in the Republic and in the North
Irish Language Commissioner
The European Charter for Minority Languages
Using state services through Irish
Get Involved with Conradh na Gaeilge
Campaigns
Research and Submissions
Employment
Irish Language Careers Booklet
Irish language jobs in Europe
Irish language jobs in Ireland
Information Sheet on Job Possibilities
Top tips for people looking for jobs with Irish
Vacancies
FAQs
an-t-amhranai-seamus-o-beaglaoich-as-gaeltacht-chorca-dhuibhne-a-chomoradh-ar-stampa-nua

An t-amhránaí Séamus Ó Beaglaoich as Gaeltacht Chorca Dhuibhne á chomóradh ar stampa nua

Tabharfar ómós i sraith nua stampaí do cheathrar amhránaithe a d’imigh ar shlí na fírinne anuraidh – Séamus Ó Beaglaoich, Sinéad O’Connor, Shane MacGowan agus Christy Dignam

An t-amhránaí Séamus Ó Beaglaoich as Gaeltacht Chorca Dhuibhne á chomóradh ar stampa nua

Tá amhránaí as Gaeltacht Chorca Dhuibhne ar dhuine de cheathrar a bhfuil ómós á thabhairt dóibh ar shraith stampaí a eiseofar inniu.

Sa tsraith stampaí, beidh Séamus Ó Beaglaoich as Baile na bPoc in iarthar Duibhneach i dteannta triúr amhránaithe eile a d’imigh ar shlí na fírinne anuraidh – aingeal an cheoil, Sinéad O’Connor as Baile Átha Cliath, Shane MacGowan de bhunadh Thiobraid Árann agus an Baile Áth Cliathach Christy Dignam.

‘Guthanna Aitheanta na hÉireann/Amhráin Thraidisiúnta’ an téama don tsraith.

Bhí Séamus Ó Beaglaoich ar dhuine de phearsana móra na Gaeltachta agus ar dhuine de mhórcheoltóirí traidisiúnta a linne. Bhí sé ar dhuine de naonúr clainne i gceann de theaghlaigh mhóra an cheoil in Éirinn – muintir Bheaglaoich Bhaile na bPoc.

Ag labhairt di ar An Saol Ó Dheas inné, dúirt Máire Uí Bheaglaoich, bean chéile Shéamuis Uí Bheaglaoich, gur baineadh “saghas geit” aisti nuair a fuarthas an scéal go mbeadh sé á chomóradh ar stampa ach gur mór “an onóir” a bhí ann chomh maith.

“Tá a fhios agam go gcuaigh sé i bhfeidhm ar ana-chuid daoine agus is dócha gurb in é an taobh go bpioc An Post a leithéid. N’fheadarsa, ach tá sé saghas brónach agus áthasach ag an am céanna, más féidir é sin a rá… Ach tá sé go hiontach ar fad chun na fírinne a rá.

SÉAMUS Ó BEAGLAOICH: ‘Tá rí an pharóiste agus rí an cheoil imithe uainn’ – ómós léirithe don sárcheoltóir Duibhneach

Dúirt Máire Uí Bheaglaoich gur iontach an scéal é chomh maith gur roghnaíodh duine ón nGaeltacht don tsraith stampaí.

Timpeall sé mhí ó shin a fuair muintir Bheaglaoich an scéala go raibh caint ar chomóradh a dhéanamh ar Shéamus ach dúradh leo gan faic a rá.

“Dúradh linn gan faic a rá mar tagann na smaointe so chuchu…agus caithfidh an Rialtas a rá ‘ceart go leor, téighir ar aghaidh leis sin’, an dtuigeann tú. Bhíodar ag fanacht leis an gcead san.”

Con Kelleher a thóg an pictiúr de Shéamus Ó Beaglaoich a bheidh le feiscint ar an stampa €1.40.

Glacann An Post le moltaí ón bpobal gach bliain i dtaobh stampaí speisialta agus stampaí comórtha a bheadh oiriúnach agus cuí le heisiúint.

Ceapann An Post coiste le scrúdú a dhéanamh ar na húdair chomórtha agus le cinneadh a dhéanamh faoi na stampaí nua.

Coiste eile a roghnaíonn an cur chuige agus nuair a bhíonn sin socraithe roghnaítear ealaíontóir.

Ar na pointí a chuirtear sa gcomhaireamh agus cinneadh á dhéanamh, bíonn ócáidí nó comóradh a bhfuil tábhacht náisiúnta nó idirnáisiúnta leo; Éireannach a d’fhág a lorg go hidirnáisiúnta, agus gnéithe suntasacha faoin tír seo agus a muintir.

Obair dhá bhliain a bhíonn i gceist le sraith stampaí na bliana agus mí an Aibreáin gach bliain a thosaíonn an plé agus cead ag gach duine a moladh féin a chur go dí An Post in Ardoifig an Phoist.

Ar chuid de stampaí na bliana seo bhí stampa do Lá Fhéile Bríde agus Imbolc, ceann do sheirbhís na mbád tarrthála, comóradh ar an fhile Austin Clarke agus beacha dúchasacha na hÉireann. An chéad mhí eile eiseofar stampa don tsláinte intinne.

Níos mó