An chéad ‘Pop-Up Gaeltacht’ sa Ghaeltacht féin ar siúl anocht
Beidh ‘Pop-Up Gaeltacht’ ar siúl sa Ghaeltacht den chéad uair anocht.
Cé gur bunaíodh an ‘Pop-Up’ chun deis a thabhairt do dhaoine lasmuigh den Ghaeltacht an teanga a labhairt mar a bheidís sa Ghaeltacht don oíche, beidh ceann de na hócáidí ‘pop-up’, a bhfuil an tóir ar fud an domhain orthu, á eagrú anocht i nGaeltacht iarthuaisceart Dhún na nGall.
Is iad Coiste Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola atá ag eagrú na hoíche Pop-Up sa Ghaeltacht, mar chuid d’Fhéile Ghort an Choirce.
Cé go mb’fhéidir go mba aisteach le daoine go mbeadh ‘Pop-Up Gaeltacht’ á reáchtáil sa Ghaeltacht féin, deir Mícheál Mac Aoidh, Oifigeach Pleanála Teanga Chloch Ceann Fhaola, go go bhfuil “gá” lena leithéid d’ócáidí. Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Mac Aoidh gur theastaigh ócáidí a mbeadh sé “intuigthe do dhaoine gurb í an Ghaeilge an teanga labhartha acu”.
“Tá an mhórtheanga ag brú isteach ar gach réimse den saol agus bíonn an lámh in uachtar aici ag go leor ócáidí sóisialta,” a dúirt Mac Aoidh.
Dúirt sé go raibh “éileamh” i measc an phobail ar ócáidí macasamhail oíche Pop-Up, ina mbeadh tús áite á thabhairt don Ghaeilge agus ag a mbeadh fáilte roimh fhoghlaimeoirí agus cainteoirí dúchais araon.
Dúirt sé gur tháinig an t-éileamh is mó don oíche Pop-Up “ó dhaoine atá ina gcónaí sa cheantar nach bhfuil Gaeilge ó dhúchas acu”.
“Tá daoine a bhog isteach sa cheantar, daoine a phós isteach san áit, daoine ón cheantar nár tógadh le Gaeilge, clanna a d’fhill abhaile, eachtrannaigh agus mar sin de. Tá Gaeilge mhaith ag formhór acu; tá Gaeilge iontach ag cuid eile, ach níl an mhuinín acu í a labhairt.
“Arís agus arís eile, chuir na daoine seo in iúl dúinn gurb í an chloch is mó ar a bpaidrín deiseanna a fháil leis an teanga a chleachtadh go nádúrtha agus deis a fháil labhairt le cainteoirí dúchais. Is chuige sin atá muid ag eagrú ócáidí agus deiseanna do na daoine seo – daoine atá ag iarraidh an Ghaeilge a labhairt go laethúil ach nach bhfaigheann an deis,” a dúirt Oifigeach Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola.
Thagair Mac Aoidh chomh maith do thaighde a rinneadh agus plean teanga an cheantair á chur le chéile, taighde inar mhaígh 65% de phobal na háite go raibh “níos mó deiseanna” de dhíth chun an Ghaeilge a úsáid.
Dúirt Oifigeach Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola go raibh na hoícheanta ‘Pop-up’ seo “mar chuid de shraith imeachtaí, agus ócáidí eile” a bheas á reáchtáil i nGaeltacht Dhún na nGall a thabharfaidh “an eochair d’fhoghlaimeoir chun bualadh le lucht labhartha na Gaeilge”.
Chuir Peadar Ó Caomhánaigh, duine de bhunaitheoirí ‘An Pop-Up Gaeltacht’ fáilte roimh an scéala go mbeadh an chéad oíche Pop-Up á reáchtáil sa Ghaeltacht.
“Is í an Ghaeltacht croílár na teanga agus nuair a thosaíomar na hoícheanta Pop-Up is í an aidhm a bhí againn ná go ndéanfadh muid Gaelú ar áit agus go ndéanfaimis beagáinín den Ghaeltacht a chruthú sa Ghalltacht. Pé rud a chuidíonn leis an teanga. Má tá muintir na Gaeltachta ag breathnú ar an gcoincheap seo agus ag rá go bhfuil maitheas ann dóibh tá sé sin go hiontach,” a dúirt Peadar Ó Caomhánaigh.
De réir Dhaonáireamh 2016, cainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais ab ea 39.6% den phobal i Limistéar Pleanála Teanga Chloich Cheann Fhaola, Rann na Feirste, Angaire agus Loch an Iúir.
Tá Pop-Up sa Ghaeltacht Fhéile Ghort an Choirce ar siúl Teach Mhicí Mhic Ghabhainn anocht.