Tá fiosrúchán á dhéanamh ag na Gardaí faoi líomhaintí go ndearna fear é féin a nochtadh go míchuí os comhair grúpa daoine óga i nGaeltacht Chonamara inné.
Dheimhnigh na Gardaí do Tuairisc.ie go raibh a leithéid d’eachtra i mBearna á fhiosrú acu ó thráthnóna inné.
Dúirt siad nár gabhadh aon duine i dtaobh na heachtra go fóill ach go raibh an cás á fhiosrú i gcónaí acu.
Tuigtear do Tuairisc.ie gur tharla an eachtra go gairid roimh a trí a chlog tráthnóna inné, Dé Céadaoin, nuair a lean fear, a measadh a bhí sna tríochaidí, grúpa cailíní a bhí ag teacht ón trá.