‘Ní raibh an domhan riamh chomh beag ná chomh mór i mbaol’ – tuarascáil nua ag an UN
Tá cumas an duine é féin a bheathú á chur i mbaol ag an athrú aeráide, de réir mórthuarascála nua de chuid na Náisiún Aontaithe.
De réir na tuarascála, a d’ullmhaigh breis is 100 saineolaí as 52 tír éagsúil, tá díobháil mhór á déanamh ag an athrú aeráide d’acmhainn na talún an duine a choinneáil beo.
Deirtear go bhfuil róshaothrú nach bhfacthas a leithéid cheana á dhéanamh ar acmhainní talún agus uisce an domhain.
Fágann sin agus an t-athrú aeráide go bhfuil cumas an duine é féin a chothú i mbaol níos mó ná mar a bhí riamh.
De réir na tuarascála, caithfear gníomhú láithreach chun dul i ngleic leis an bhfadhb seo mar nach fada eile a bheidh an deis ann déanamh amhlaidh.
Deirtear sa tuarascáil seo go bhfuil triomach, creimeadh ithreach agus falscaithe ag éirí níos coitianta, go bhfuil laghdú mór ar an bhfómhar sna trópaicí agus go bhfuil an leac oighir a bhíodh buan ag na moil ag leá. De dheasca théamh an domhain atá sin ar fad ag tarlú, a deir na saineolaithe,
Dar leo má leanann téamh an domhain ar aghaidh go bhfágfaidh an t-athrú aeráide go mbeidh fadhbanna móra ann maidir le hocras, imirce agus coimhlintí.
Deirtear go bhfuil leathbhilliún duine ina gcónaí cheana féin in áiteanna atá ag iompú ina bhfásaigh agus go bhfuil an ithir á creimeadh deich go 100 uair níos tapa ná mar atá sí á cruthú.
Deirtear sa tuarascáil, a bhfuil a mbeannacht tugtha di ag rialtais an domhain, go bhfuil rogha shoiléir le déanamh ag an duine – cúrsa an dea-ghnímh a thabhairt air féin nó leanúint leis an bhfáinne fí céanna a bhfuil scrios á dhéanamh ar an domhan aige.
Má leantar leis an scrios ar na foraoiseacha, le cleachtais dianfheirmeoireachta agus leis an ráta céanna ó astaíochtaí ó bheithígh, deirtear gur in olcas a rachaidh an ghéarchéim aeráide.
Mar sin féin, deirtear gur féidir linn gníomh fónta a dhéanamh ar son na haeráide agus na timpeallachta ach ligint d’fhoraoiseacha agus don ithir athnuachan agus gearradh siar go mór ar ithe na feola agus ar chur amú bia.
Dá ndéanfaí amhlaidh deirtear go ndéanfadh sé leas do shláinte an duine, go laghdófaí an bochtanas agus go gcaomhnófaí fiadhúlra an domhain atá go mór faoi bhagairt.
Dúirt Dave Reay, as Ollscoil Dhún Éideann, a bhí ar dhuine de na saineolaithe a dhein athbhreithniú ar an tuarascáil gur “géarchéim amach is amach” a atá ann.
“Níl ann ach achar teoranta talún, tá an daonra ag ardú agus sa mullach air sin ar fad ann tá an domhan á thachtadh ag an géarchéim aeráide mar a chaithfí blaincéad os a chionn. Níor bhraith an domhan riamh chomh beag, ní raibh a chuid éiceachórais riamh i mbaol chomh mór ná chomh soiléir,” arsa Dave Reay.