Ceardlann do Chumadóirí Amhrán Gaeilge
Ceardlann do Chumadóirí Amhrán Gaeilge
@ Cló Iar-Chonnacht 🥇
Class Arts and EntertainmentTá an cheardlann seo á heagrú i gcuimhne ar an gcumadóir amhrán Pádraig Ó hAoláin (1944–2021) a thacaigh go mór le cur chun cinn na n-amhrán is an cheoil thraidisiúnta agus na n-ealaíon dúchais fré chéile.
Beidh an cheardlann dírithe ar chumadóirí amhrán (den uile chineál), agallaimh bheirte agus lúibíní. Beidh fáilte roimh ábhar ó chumadoirí aitheanta agus ó chumadóirí nua.
📅 Dáta: Dé Sathairn, 28 Deireadh Fómhair 2023, ag 10.00 r. n. ⏰
🏛️ Ionad: Cló Iar-Chonnacht, an Cheardlann, An Spidéal.
👥 Stiúrthóirí na Ceardlainne: Micheál Ó Conghaile (scríbhneoir agus bunaitheoir Chló Iar-Chonnacht) 🖋️ agus Ciarán Ó Fátharta (cumadóir amhrán agus craoltóir de chuid RTÉ Raidió na Gaeltachta). 🎤
Tugtar cuireadh do chumadóirí ar mhaith leo a bheith páirteach sa cheardlann sampla dá saothar: amhrán nuachumtha, agallamh beirte nó lúibín a sheoladh chuig CIC, ag moccic22@outlook.com roimh an 21 Deireadh Fómhair 2023.
Roghnófar na saothair is feiliúnaí agus déanfar iad a phlé agus a mheas ag an gceardlann. Seolfar saothar gach cumadóra chuig gach iarrthóir (a bheidh ag freastal ar an gceardlann) roimh ré ionas go mbeidh deis acu iad a léamh is a mheas.
Tríd an modh oibre seo beidh na hiarrthóirí ar fad in ann páirt ghníomhach a ghlacadh sa cheardlann, agus foghlaim óna chéile. Beidh áit do dheichniúr ar an gceardlann.
Níl aon táille i gceist don cheardlann seo ach beidh iarrthóirí freagrach as a gcuid costas taistil féin agus lóistín sa chás go mbeadh a leithéid i gceist.