Comórtas Ealaíne 2021
Comórtas Ealaíne 2021
@ Pobail Le Chéile
Seachtain na Gaeilge with EnergiaTá lúchair mhór ar Phobail le Chéile gur aontaigh Scoil Cnoc na Naomh páirt a ghlacadh i gcomórtas ealaíne na scoile i mbliana mar chuimhne ar Mhanús Mac Laifeartaigh nach maireann.
Is é téama an chomórtais ná ‘The Sky at Night’. (An Spéir san Óiche)
Mar eolas: Ba as an Fhál Charrach do Mhanús Mac Laifeartaigh, a fuair bás ag aois 62 bliain i mí Feabhra 2017. Bhí aithne leathadach ar Mhanús ar fud a pharóiste dhúchais as a chuid díograis agus flaithiúlacht agus a chuid obair dheonach sa phobal. D’obair Manús go deonach leis an togra Forbairt Pobail - Pobail le Chéile ar feadh 14 bliana.
D’éirigh leis cliú agus cáil a bhaint amach sa bhliain 1991 nuair a rinne sé teagmháil trí Radió Amaitéireach le spásaire de chuid na Rúise (Sergei Krikalev), a bhí ar bord an stáisiúin spáis “Mir” (fad agus a bhí rudaí ag titim as a chéile sa bhaile - sa Rúis) Choinnigh siad i dteagmháil ar feadh míonna fada agus d’éirigh leo na ceannlínte náisiúnta a bhaint amach sa nuacht.
Ag cur píosa eile leis an scéal, dúirt Manús é fhéin ina dhiaidh sin gur a gcairdeas ón Radió Amaitéireach a chur tús leis an scannán Éireannach sin “Mir Friends”.