Áras na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe
Events
An Chomhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge
27/09/2024
Tionólfar an Chomhdháil ar Litríocht agus ar Chultúr na Gaeilge ag Áras na Gaeilge, Ollscoil na Gaillimhe ar an 27-28 Meán Fómhair 2024. Déanfar plé ag Comhdháil na bliana seo ar an ómós áite i litríocht agus i gcultúr na Gaeilge, idir shean agus nua, idir léannta agus ealaíonta. I measc aoichainteoirí na Comhdhála i mbliana, beidh an Dr Ailbhe Nic Giolla Chomhaill (Ollscoil Luimnigh), an Dr Mairéad Conneely (Coláiste San Aingeal, Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh), agus an Dr Caoimhín Ó Muirí (Coláiste na hOllscoile, Corcaigh). Chun teacht ar an eolas is déanaí faoin gcomhdháil, féach: https://www.universityofgalway.ie/gaeilge/comhdhail/