Rinneadh tarrtháil ar mhíol mór socach Sowerby a bhí i sáinn i gcé Bhaile na nGall i nGaeltacht na nDéise tráthnóna inné, ach is beag seans go mairfidh sé.
Tháinig criú de chuid an RNLI, atá lonnaithe i stáisiún Cheann Heilbhic i nGaeltacht Phort Láirge, agus oibrithe áitiúla ón Ghrúpa Éireannach maidir le Míolta Móra agus Deilfeanna (IWDG) i gcabhair ar an mhíol mhór a bhí i bhfostú in eangach iascaireachta agus ar ceapadh ar dtús gur dheilf a bhí ann.
Is é Andrew Malcolm ón Ghrúpa Éireannach maidir le Míolta Móra agus Deilfeanna (IWDG) a d’aithin gur míol mór socach Sowerby a bhí i sáinn amach ó chósta Bhaile na nGall.
Ag labhairt dó le Tuairisc.ie, dúirt Andrew Malcolm gur “mór an t-éacht” a rinne criú an RNLI, arbh éigean dóibh tumadh isteach san uisce i dteannta an mhíl mhóir chun an tarrtháil a dhéanamh.
“Bhíomar in Eochaill i gCorcaigh nuair a fuair muid an scéala go raibh deilf tagtha le tír i gcé Bhaile na nGall, áit a raibh criú an RNLI i mbun an mhíl a tharrtháil.
“Nuair a tháinig muid ar an láthair, bhí beirt de chriú an RNLI san uisce i dteannta an mhíl agus duine eile sa bhád tarrthála. Chonaic mé ansin gur míol mór, seachas deilf, a bhí ann,” a dúirt Malcolm.
Tá gob fada tanaí ar an mhíol mhór socach Sowerby, míolta measartha mór a fhásann idir 15 – 19 troigh ar fhad agus a bhíonn suas le 3,000 punt meáchain.
“Thuig mé ar an bpointe go raibh cás an mhíl mhóir i bhfad níos tromchúisí, san uisce domhain amach ón chósta thiar na tíre ba cheart don mhíol seo a bheith.
“Níl gnó ar bith ag an mhíol mhór shocach Sowbery a bheith san áit ar thángthas air agus ar an drochuair, is beag seans go mairfidh sé. Tá a chuid bia agus gach a bhfuil de dhíth air na céadta míle ar shiúl,” a dúirt Malcolm.
Live stranding Sowerby’s beaked whale at Ballinagaul…not likely to be a happy outcome unfortunately pic.twitter.com/0xiTjiAU9O
— Andrew Malcolm (@MalcolmForager) August 29, 2019
Is é an míol mór a fuarthas inné an tríú míol mór a tháinig le tír i gceantar Cheann Heilbhic le roinnt blianta anuas.
Roimhe seo, thángthas ar chaisealóid, míol mór atá i measc na n-ainmhithe móra is mó ar domhan, agus ar chaisealóid bheag, míol nach bhfuil aon trácht againn ar é a fheiceáil roimhe seo ach trí huaire, agus iad beirt i dtrioblóid thart ar Cheann Heilbhic.
“Ainmhithe mara iad na trí cinn ar cheart dóibh a bheith amuigh san fharraige mhór, seachas a bheith istigh le cladach,” a mhínigh Malcolm.
Dúirt Malcolm go bhfuil sé “aisteach” gur tháinig na míolta móra seo le tír ag Ceann Heilbhic, amach ó chósta Phort Láirge.
“Seans go mbaineann sé leis an taoide nó leis an tsuirbhéireacht sheismeach atá á déanamh san Atlantach. Tá ardú mór tagtha ar líon na míolta móra atá tagtha i dtír ar chósta thiar na hÉireann. Ceaptar go mbaineann sé le suirbhéireacht sheismeach a chuireann isteach ar na míolta.”
Dúirt Malcolm gur mheas sé go raibh “an seans céanna ag an míol mhór maireachtáil agus atá ag Port Láirge Corn Mhig Uidhir a bhuachan”.
“An eotanáis an rud ab fhearr dó ach ó tharla gur ainmhí chomh mór sin é agus go mbeadh sé an-deacair tréidlia a fháil a mbeadh na scileanna cuí aige, ní bheadh sé sin éasca a dhéanamh,” a dúirt Andrew Malcolm ón Ghrúpa Éireannach maidir le Míolta Móra agus Deilfeanna.