‘The Game Changers’ – caithimis uainn an bholscaireacht
Mar gheall ar an ollscoil, níl mórán ama le spáráil agam le breathnú ar Netflix. Ach thóg mé briseadh beag inné, agus bhreathnaigh mé ar an scannán ‘faisnéise’ The Game Changers.
Go bunúsach, tugann an scannán léargas dúinn ar chomh folláin is a d’éirigh daoine nuair a stop siad ag ithe feola, agus a chuaigh i dtreo an veigeánachais. Ina measc, lúthchleasaithe nár rith chomh sciobtha riamh go dtí gur thosaigh siad ag maireachtáil ar phlandaí amháin, nó a d’aimsigh láidreacht na gcapall ó ghlasraí.
Níl aon dul as ach go mbeadh muid ar fad níos folláine dá n-íosfadh muid níos lú feola, go háirithe feoil atá próiseáilte. Tá údar ann go bhfuil rátaí arda ailse sna putóga i dtíortha a íosann go leor den ábhar seo. Tá an fhios againn freisin gur iomaí scannal atá tarlaithe agus lucht próiseála feola ag méiseáil le sicíní nó le mairteoil.
Tá mise sách sean le cuimhne a bheith agam ar ghalar na mbó mire, agus is ag an am sin thart ar fiche bliain ó shin gur ith mé mo chéad burgar sicín. Bhí sé sin togha go dtí gur chuala muid faoi fhliú na n-éan, agus ansin chaith muid seal ag seachaint na gcearc chomh maith.
Ón uair gur tháinig an galar crúb agus béil, is dóigh gur thuig an chuid is mó againn go gcaithfeadh feoil a bhí réitithe i gceart, go gcaithfí é a chosaint. Is ag thart ar an am sin chomh maith gur thosaigh muid ag tuiscint gur dóigh nach mbeadh ispíní ar an bpláta chuile lá go maith againn ach oiread.
Anois tá an oiread sin cloiste agam ó chairde agus ó dhaoine a bhím ag obair leo faoi bhfeoil a chaitheamh in aer uilig mar gheall ar an scannán seo. Agus cuireann sé sin faitíos orm, mar níl aon fhianaise mór sa scannán go n-oibríonn sé.
Leanann muid Jame Wilks, a bhíodh ina throdaí, agus déanann sé cur síos ar an mbealach gur chuidigh a aiste nua bia leis. Agus tá sé sin iontach. Ach ní eolaíocht é. Níl ann ach scéal duine amháin. Labhraítear le lúthchleasaithe eile agus bíonn an port céanna acu. Arís, nach méanar dóibh. Ach ní thugann an scannán ach taobh amháin den scéal.
Tá sé bunaithe ar thuairim, agus ar thuarascáil a deirtear a foilsíodh, ach ní staidéar eolaíoch a bhí anseo ach scéal. Aimsíodh blaosc ó thréimhse na Rómánach fadó agus nuair a rinne seandálaithe agus daoine eile staidéar air, chinn siad gur dóigh nár ith an té seo mórán feola.
Tugtar fianaise eile dúinn, ach níl iontu ach dearcaí claonta ar staidéir a foilsíodh. Insítear dúinn go bhfuil aiste bia gan feoil chomh maith céanna do na matáin agus ceann atá lán léi. Ach fágtar amach go ndeirtear sa staidéar céanna gur iondúil nach mbíonn a gcuid matáin chomh láidir leis an té a bhaineann corrphlaic as stéig.
Agus tá na staidéir eile a luaitear lochtach nó ró-bheag.
As ucht Dé ort, má tá chun an fheoil a chaitheamh in aer, nó aon iarracht a dhéanamh chun saol níos folláine a bheith agat, bain as. Ach faigh do chuid eolais agus comhairle ó shaineolaithe. Ní ó dhaoine a rinne scannán deas ar an idirlíon. Agus ith tuilleadh glasraí.