Tá sé curtha i leith Údarás na Gaeltachta i dtuarascáil nua gur mó a suim in “infheistíocht a dhéanamh i ngalfchúrsaí ná an phleanáil teanga a phlé”.
An gníomhaí pobail aitheanta as Gaeltacht Mhaigh Eo Micheál Ó Seighin a nocht an tuairim sin i dtuarascáil nua de chuid choiste Oireachtais na Gaeilge.
I measc mholtaí na tuarascála, deir Coiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán gur chóir d’Údarás na Gaeltachta “tús áite” a thabhairt don Ghaeilge agus “riail Ghaeilge” a chur i bhfeidhm i gcás aon chomhlacht a gcuireann siad deontas ar fáil dó.
Deir Micheál Ó Seighin sa tuarascáil faoi Ghaeltacht Mhaigh Eo, tuarascáil a bhfuil cóip di faighte ag Tuairisc.ie, go bhfuil an fhorbairt eacnamaíochta sa chéad áit ag an Údarás agus an Ghaeilge “sa dara háit”.
Deir sé go raibh na daoine a bhfuil a “seacht ndícheall” á dhéanamh acu an Ghaeilge a chosaint “ag snámh in aghaidh easa”.
Moladh a bhí ag daoine eile a luaitear sa tuarascáil d’Údarás na Gaeltachta.
Dúirt Ciarán Ó Murchú, Bainisteoir Choláiste Uisce, nach mbeadh an coláiste sin fós ann gan an chabhair go léir a bhí tugtha ag Údarás na Gaeltachta dó.
Dúirt Caitlín Chonólaigh, a bhí ina múinteoir tacaíochta in dhá scoil i nGaeltacht Mhaigh Eo nuair a bhí an tuarascáil á hullmhú, gur chóir d’Údarás na Gaeltachta a bheith “níos feiceálaí sa cheantar”.
Dúirt Ciarán Ó hEadhra, ball de CLG Chill tSéadhna, go gcaithfeadh an pobal féin “an chuid is mó den obair” maidir le forbairt eacnamaíochta agus shóisialta na Gaeltachta a dhéanamh. Níor leor a bheith ag fanacht ar thacaíocht ón Stát, a dúirt sé, mar “ní raibh sí ag teacht”.
Déantar sraith moltaí eile sa tuarascáil nua de chuid an choiste Oireachtais, cuid mhór acu a bhaineann le seirbhísí, acmhainní agus deiseanna breise fostaíochta a chruthú do phobal na Gaeltachta.
Moltar chomh maith sa tuarascáil nua “go n-aithneodh” an Rialtas “go poiblí” go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht.