Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid nuair atá tú ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ag foghlaim na Gaeilge
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinne
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
5 leid d'fhísagallaimh
Ceisteanna Coitianta
<a-href="https://tuairisc.ie"-class="credit-tuairisc"-target="-blank"-rel="noopener-noreferrer"></a>-‘nios-mo-suime-ag-udaras-na-gaeltachta-i-ngalfchursai-na-sa-phleanail-teanga’-–-tuairisc

‘Níos mó suime ag Údarás na Gaeltachta i ngalfchúrsaí ná sa phleanáil teanga’ – tuairisc

Tá sé curtha i leith Údarás na Gaeltachta i dtuarascáil nua gur mó a suim in “infheistíocht a dhéanamh i ngalfchúrsaí ná an phleanáil teanga a phlé”.

An gníomhaí pobail aitheanta as Gaeltacht Mhaigh Eo Micheál Ó Seighin a nocht an tuairim sin i dtuarascáil nua de chuid choiste Oireachtais na Gaeilge.

I measc mholtaí na tuarascála, deir Coiste Oireachtais na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán gur chóir d’Údarás na Gaeltachta “tús áite” a thabhairt don Ghaeilge agus “riail Ghaeilge” a chur i bhfeidhm i gcás aon chomhlacht a gcuireann siad deontas ar fáil dó.

Deir Micheál Ó Seighin sa tuarascáil faoi Ghaeltacht Mhaigh Eo, tuarascáil a bhfuil cóip di faighte ag Tuairisc.ie, go bhfuil an fhorbairt eacnamaíochta sa chéad áit ag an Údarás agus an Ghaeilge “sa dara háit”.

Deir sé go raibh na daoine a bhfuil a “seacht ndícheall” á dhéanamh acu an Ghaeilge a chosaint “ag snámh in aghaidh easa”.

Moladh a bhí ag daoine eile a luaitear sa tuarascáil d’Údarás na Gaeltachta.

Dúirt Ciarán Ó Murchú, Bainisteoir Choláiste Uisce, nach mbeadh an coláiste sin fós ann gan an chabhair go léir a bhí tugtha ag Údarás na Gaeltachta dó.

Dúirt Caitlín Chonólaigh, a bhí ina múinteoir tacaíochta in dhá scoil i nGaeltacht Mhaigh Eo nuair a bhí an tuarascáil á hullmhú, gur chóir d’Údarás na Gaeltachta a bheith “níos feiceálaí sa cheantar”.

Dúirt Ciarán Ó hEadhra, ball de CLG Chill tSéadhna, go gcaithfeadh an pobal féin “an chuid is mó den obair” maidir le forbairt eacnamaíochta agus shóisialta na Gaeltachta a dhéanamh. Níor leor a bheith ag fanacht ar thacaíocht ón Stát, a dúirt sé, mar “ní raibh sí ag teacht”.

Déantar sraith moltaí eile sa tuarascáil nua de chuid an choiste Oireachtais, cuid mhór acu a bhaineann le seirbhísí, acmhainní agus deiseanna breise fostaíochta a chruthú do phobal na Gaeltachta.

Moltar chomh maith sa tuarascáil nua “go n-aithneodh” an Rialtas “go poiblí” go bhfuil géarchéim teanga sa Ghaeltacht.

Níos mó

tuairisc.ie

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge