Podchraoltaí Gaeilge
Déantar cur síos san alt seo ar na podchraoltaí atá ar fáil trí Ghaeilge nó le Gaeilge.
30 SOSLe Caoimhe Ní Chathail. Nach ndeirtear gur 3 uimhir dhraíochtach? Thiocfadh gur mo thríú chéad mo chéad is fearr go dtí seo. Ach sula dtabhraim faoin turas seo beidh mé ag lorg comhairle ó chúpla saoi a shiúil an bealach romham. |
An Spota DubhÉist leis an Spota Dubh, Clár spóirt le Cárthach Bán Breathnach agus Cian Ó Griallais gach maidin Aoine. Bíonn agallaimh le haíonna ó shaol an spóirt. cómhrá agus neart eile acu ag plé scéalta spóirt na seachtaine. Bíonn an clár ar fáil ar iTunes agus ar Soundcloud chomh maith. 🏆 Fuair an podchraoladh seo an tríú háit i rannóg na Gaeilge ag Gradaim Podchraoltaí na hÉireann 2022 |
Ar Mo RotharTá Barbara agus Dónal ina chónaí i nGaillimh agus is maith leo a bheith ag caint faoi rothaíocht. |
Beo ar ÉigeanTá Beo ar Éigean á chur i láthair ag Comhordaitheoir Digiteach Gaeilge RTÉ, Siún Ní Dhuinn, agus Sinéad Ní Uallacháin agus Áine Ní Bhreisleáin ó RTÉ Raidió na Gaeltachta. 🏆 Thug mná Beo Ar Éigean an bonn óir leo i rannóg na Gaeilge ag Gradaim Podchraoltaí na hÉireann 2022. |
Blas BBCScéalta atá i mbéal an phobail á bplé ag réimse leathan laithreoirí. Béim faoi leith ar chúrsaí ó thuaidh. |
Bluiríní BéaloidisBluiríní Béaloidis is the podcast from The National Folklore Collection, University College Dublin, and is a platform to explore Irish and wider European folk tradition across an array of subject areas and topics. |
Canbhás Uí ChiaraidhSa chéad phodchraoladh riamh ó TG4, caithfidh Micheál Ó Ciaraidh seal le gaeil aitheanta, Maitiú Ó Coimín, Clisare, Petrol Rose, Daniel Twomey, Jeaic O’Conghaile, Doireann Ní Ghlacáin agus Síomha Ní Ruairc. |
ClubLeabhar.comTá sé mar aidhm ag ClubLeabhar.com daoine in Éirinn agus i dtíortha eile ar fud an domhain a spreagadh chun leabhair Ghaeilge a léamh. |
Comhrá le hÓgieSraith Podchraoltaí ina mbeidh aoi ag caint le hÓgie Ó Céilleachair gach seachtain. Rithfidh an chéad sraith ar feadh sé seachtaine le aoi nua gach seachtain. |
Comhrá leis an gConradhPodchraoladh faoi Chonradh na Gaeilge á chur i láthair ag Coimeádaí Chonradh na Gaeilge, Cuan Ó Seireadáin. |
Conallach na Céadaoine |
CRAIC PODSraith podchraoltaí naisiúnta ó Oifigigh Pleanála Teanga (OPT) na hÉireann. Tá Oifigigh Pleanála Teanga ó cheann ceann na tíre ag cur tús le sráith podchraoltaí úr darbh ainm Craic Pod le réalta móra na hÉireann idir réalta móra i saol an spóirt, saol an cheoil, saol na scríbhneoireachta, saol an damhsa, saol na filíochta srl. |
Fada is FairsingIs clár é Fada is Fairsing a tosaíodh ar Raidió na Life Mí Mheán Fómhair 2013. Díríonn an clár ar scéalta éagsúla ó thíortha ar fud an domhain ó scéalta móra nuachta, go scéalta phobail na Gaeilge, le cúpla píosa ceoil dhomhanda anseo is ansiúd fosta. 🏆 Ainmnithe mar cheann de na cúig podchraolta Gaeilge is fearr i nGradam Phodchraoltaí na hÉireann 2022. |
Gaeilge AnoisAn phodcraoladh Ghaeilge don saol nua-aimseartha. Sa phodcraoladh seo beidh mé ag caint leis na ndaoine a bhfuil ag iarradh ár dteanga a tharraingt isteach sa chéad aois is fiche! |
Gaeilge BhristeA lively mix of Irish language, music and literature presented by Shirley Ní Ríagáin |
Gaeilge WeeklyGach Céadaoin ag 4pm. Eipeasóid amháin i nGaeilge líofa, agus ceann eile le Gaeilge níos simplí. I gcomhpháirt le Learn Irish Online. Chun clárú ar bhallraíocht Learn Irish Online, agus rochtain a bheith agat ar acmhainní a fháil chun cabhrú leat le do chuid Ghaeilge, téigh thall go Patreon.com/learnirishonline |
Gafa le Sinéad agus RútAn bhfuil tú gafa leis an tae? An bhfuil a fhios agat an dóigh chun ‘Thirst Trap’ a dhéanamh? An bhfuil a fhios agat an difear idir Gen-Z agus Mílaoiseach? Foghlaim faoi sin agus tuilleadh ar Gafa le Sinéad agus Rút! |
Giob GeabFáilte chuig Giob Geab, podchraoladh de chuid Gaelbhratach! Seo guth phobal Gaelbhratach: dúshláin, deiseanna agus scéalta pearsanta na scéime. Cuirfidh muid an 5 cheist chéanna ar mhuinteoirí, ar dhaltaí, ar fhoireann agus ar phobal na scéime, maraon le guth phobal na Gaeilge ar théama atá lárnach i ngach eagrán. |
Grá Don GhaeilgeGrá Don Ghaeilge is a podcast created for Seachtain na Gaeilge le Energia 2021, with Ciarán Wadd and guests. |
Guthanna GaelphobalCaitheann Guthanna Gaelphobal solas ar an obair atá ar bun ag grúpaí pleanála teanga fud fad na tíre lasmuigh den Ghaeltacht. Labhraíonn Ursula Ní Shabhaois le réimse leathan daoine atá i mbun oibre i nGaelphobail fud fad na tíre maidir le an taithí atá acu, na dúshláin a bhí rompu go dtí seo agus an chomhairle a bheadh acu do dhaoine atá le tabhairt faoin obair seo sa todhchaí. |
How To GaelHOW TO GAEL is a bilingual podcast. A new generation of Irish speakers, Doireann, Louise and Síomha are living, working, socialising and reviving an Ghaeilge in a way that is súimiúil, spraoiúil agus just good craic. You will not learn the modh coinníollach on this pod – forget gramadach agus obair bhaile. This is giving bilingual bottomless brunch, car chats with your cairde, an stuff atá i do ghrúpa whatsapp. |
IGAEILGEPodchraoladh a thugann mo léargas ar chúrsaí an tsaoil agus rudaí a mheallann mo shúil is m’áird. |
Léim ThartPodcraoladh dátheangach leis na buaicphointí ón stiúdeó & tuilleadh! |
LitríochtPodchraoladh dírithe ar litríocht na Gaeilge. Is féidir teacht ar gach leabhar Gaeilge i gcló ag www.litriocht.com |
Meon na mBanAr chaill tú amach ar agallamh nó clár den scoth? Déantar gach iarracht agallaimh agus cláracha a chur ar fáil d’éisteoirí ar líne! Is féidir éisteacht le ‘Meon na mBan’ agus neart eile anseo. |
MotherfoclóirWith a crack team of the internet’s soundest Irish speakers, Darach will explore topics like differences between the Irish and English versions of the Constitution, silent letters, Gaeilge and technology, how new words get added to the dictionary and which old words have fallen out. |
Na GalíníHeyaigí a ghalíní 🤪 Fáilte is fiche go dtí an phodchraoladh is fearr do na gaels, na gals agus na inner girlbosses that we all are 💖 Is spás é seo leis an nGaeilge a spreagadh i mbealach ✨cruthaitheach✨(i.e. through icks lists, spicy Gael-cultúr agus “hot or not” the Gaeilge edition) Lotsa grá, Clí agus Emma xx |
Nuacht MhallPríomhscéalta na seachtaine, léite go mall. Podchraoladh de chuid Chonradh na Gaeilge i Londain. |
Nuall na nÓgIs podchraoladh úrnua Gaeilge é Nuall na nÓg. Tabharfaidh an gang aghaidh ar mhórcheisteanna sóisialta agus polaitiúla a bhaineann go mór leis an aos óg in Éirinn agus ar fud fad na cruinne. Beidh spraoi againn fosta ag plé an tsó agus an anró, uilig faoi anáil na heite clé agus na Gaeilge. |
Pod Beag |
Podchraoladh BitesizeDiscussion show in English for Irish language learners around the world. |
Podchraoladh DeargA podcast series examining and discussing the An Dream Dearg #AchtAnois campaign and other community led movements in our quest for cearta teanga agus cearta daonna. Glac páirt sa phlé. Take part in the discussion. #Dearg |
Podchraoladh Met ÉireannPodchraoladh uaidh Met Éireann – an Seirbhís Náisúnta Meitéareolíochta na hÉireann. Sa phodchraoladh míosúil seo beidh muid ag plé gach rud faoin aimsir agus an aeráid. |
Podchraoladh na Gael GalsGaelgals ag plé gach rud faoin spéir trí mheán na Gaeilge; ceol faisean, spórt, smideadh, An Ghaeilge, ealaín, cúrsaí reatha & taisteal. Podchraoladh nua gach coicís ar an Déardaoin. Podchraoladh de chuid Raidió Rí-Rá |
Podchraoladh NÓSPodchraoladh faoi ábhair atá i mbéal an phobail agus roinnt mhaith eile |
Podscéalta Chill DaraSraith podchraolta míosúil atá díríthe ar phobal na Gaeilge i gContae Chill Dara. |
Raidió FáilteAr chaill tú agallamh nó clár den scoth? Déantar gach iarracht agallaimh agus cláir a chur ar fáil d’éisteoirí ar líne! |
RáiméisPodchraoladh Ghaeilge Mhaigh Eo. Éist leis an ráiméis a thigeanns ó bhéal na n-óstach agus iad ag labhairt ar an nGaeilge agus ar chúrsaí na Gaeltachta go leathan. |
RTÉ Raidió na GaeltachtaRéimse leathan podchraoltaí ón stáisiún Gaeltachta mór le rá. |
Scéalta agus BéilteTá an bia ag croílár an tsaoil agus baineann sé le scéal agus saol an duine agus an phobail. Sa tsraith seo labhraíonn Doireann Breathnach le haíonna speisialta faoi na béilte is mó a d’fhág rian orthu, agus na scéalta a ghabhann leo. 🏆 Ainmnithe mar cheann de na cúig podchraolta Gaeilge is fearr i nGradam Phodchraoltaí na hÉireann 2022. |
Scéalta Thuatha Dé Danann |
Seachtain |
Seal le SeánAr ‘Seal le Seán’, téann Seán Ó Dubhchon thart ar fud na tíre ag bualadh le haíonna speisialta i saol na Gaeilge. Tá Seal le Seán le cloisteáil gach Aoine ag 8rn ar Raidió Rí-Rá www.rrr.ie. |
SeansálaitheIs muidne Hugh Mac Giolla Chearra, Áine Mhaoir & James Ó Flatharta ag plé achan rud faoin spéir! 🤴🏻👸🏼🃏 |
Seoda ón Taisce LitearthaSa tsraith podchraoltaí seo, craolfar saothair a bhfuil duaiseanna liteartha bronnta ag an Oireachtas orthu thar na mblianta, ina measc, prós, filíocht, gearrscéalta, drámaíocht agus eile. |
Sílim that…Podchraoladh Gaeilge ina ndéantar plé ar an sláinte, dea-nósanna, léideanna saoil agus neart craic ar an bhealach. Cláracha aonaracha le bhur n-óstach, Kathryn Ní Mhaoláin, agus agallaimh dhinimiciúla lenár n-aíonna speisialta! |
Splancls é Cuán Ó Flatharta a chuireann Splanc i láthair. Irischlár faisnéiseach Gaeilge é Splanc a chraoltar ar Newstalk gach Aoine idir 10-12pm. Tugann sé léargas ar iliomad ghnéithe de shaol na hÉireann agus freastalaíonn sé orthu siúd gur spéis leo scéalta spéisiúla agus raidió siamsúil. Déanann an clár gach iarracht freastal ar an gcainteoir dúchais agus ar an bhfoghlaimeoir, bainfidh sibh araon taitneamh agus sult as Splanc. |
Spreagadh SaoilLón machnamh don té gur mhaith leis feabhas a chur ar a shaol. Is agat féin atá an cumhacht spriocanna an tsaoil a leagan amach agus a bhaint amach./td> |
Tae is Plé
|
TeachtaireachtaíIs sraith nua í Teachtaireachtaí a thugann ardán do chruthaitheacht phobal na Gaeilge, le scríbhneoireacht, ceol agus filíocht féin-taifeadta. Agus guthanna ilchineálacha le cloisteáil sna cláir; idir chruthaitheoirí a bhfuil seantaithí acu agus iadsan atá ag cruthú ábhair den chéad uair anseo, is sraith í seo a léiríonn an tallann agus an tsamhlaíocht atá ann sa phobal. 🏆 Fuair an podchraoladh seo an dara háit i rannóg na Gaeilge ag Gradaim Podchraoltaí na hÉireann 2022. |
Teanga TíCuireann Sinéad Ní Uallacháin aíonna speisialta faoi agallamh sa tsraith seo. |
The Nobody ZoneI ndomhan dearmadta an Underground i Londain, éiríonn le hÉireannach gan dídean scata daoine a mharú, gan aird ar bith air, ná ar a choireanna. Seo fíorscéal coiriúil, sraith sé heagrán ar fad, ó RTÉ in Éirinn agus Third Ear sa Danmhairg. Leagan Gaeilge agus Leagan Béarla ar fáil. |
What the Focal!?Ar mhaith leatsa snas a chur ar do chuid Gaeilge ach níl an t-am agat leabhair ghramadaí a cheadú? Fáilte chuig What the Focal!? – podchraoladh le Ciara Ní É a thugann ardán do na saineolaithe Gaeilge is suntasaí dá bhfuil amuigh ann! Gach seachtain cuirfidh Ciara agallamh ar aoi oilte, le cabhrú leatsa barr feabhais a chur ar do chuid Gaeilge. Is é an podchraoladh seo an leagan is déanaí den tsraith YouTube What the Focal!? a chuir Ciara ar bun in 2017. Más mian leatsa éisteacht le comhráite réchúiseacha a chuirfidh le do chumas teangan, bí linn! Buíochas le Foras na Gaeilge agus leis An Foclóir Nua Béarla-Gaeilge as urraíocht a dhéanamh ar an bpodchraoladh seo. |
📧 Cuir scéal chugainn má tá cinn ar eolas agat nach bhfuil ar an liosta seo!
Uasdátaithe: Bealtaine 2024