Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Aithnítear go forleathan dlúthcheangal a bheith idir cumas duine chun teanga a labhairt agus líon na ndeiseanna a bhíonn aige chun an teanga sin a chloisteáil agus a labhairt. Ar an ábhar sin ba chóir gurbh í príomhaidhm tuismitheoirí, atá ag tógáil páiste le Gaeilge, gach deis a thabhairt dó Gaeilge a chloisteáil, agus Gaeilge a labhairt. Agus ar an ábhar go bhfuil teorainn leis na deiseanna a bhíonn ag páiste Gaeilge a chloisteáil agus a labhairt creideann Comhluadar gurb é an bealach is fearr chun clann a thógáil le Gaeilge ná Gaeilge a bheith á labhairt leis na páistí ag na tuismitheoirí an t-am ar fad. Is féidir cur leis seo trí:
- Gaolta agus cairde a bhfuil Gaeilge acu a spreagadh le Gaeilge a labhairt leis na páistí.
- Úsáid a bhaint, a oiread agus is féidir, as cláir raidió, cláir theilifíse, leabhair, físeáin, ceol srl. atá ar fáil i nGaeilge.
- Cur ar chumas na bpáistí Gaeilge a úsáid agus a chloisteáil taobh amuigh den teaghlach, mar shampla trí fhreastal ar imeachtaí Gaeilge, trí chuairt a thabhairt ar an nGaeltacht srl.
Ní bhíonn na deiseanna céanna ag gach teaghlach. I gcásanna áirithe ní bhíonn Gaeilge ach ag tuismitheoir amháin, i gcásanna eile ní bhíonn ann ach tuismitheoir amháin, agus tá teaghlaigh ann nach mbíonn daoine le Gaeilge i gcaidreamh leo ach go hannamh. Mar sin is gá breathnú ar na roghanna éagsúla atá ar fáil agus ceann a roghnú a thugann an deis is fearr don pháiste s’agatsa Gaeilge a chloisteáil agus a labhairt.
Ar an ábhar gur mór an méid Béarla a chloisfidh an páiste agus a labhróidh sé de réir mar a fhásann sé, is inmholta an oiread Gaeilge agus is féidir a labhairt leis sna blianta tosaigh. Ón lá a thagann páiste ar an saol bíonn sé ag éisteacht le fuaimeanna agus ag sealbhú teanga. Is fiú do thuismitheoirí a chinntiú ón tús go mbíonn cláir Ghaeilge ar siúl ar an raidió agus ar an teilifís, téipeanna Gaeilge á seinm sa ghluaisteán agus thar gach rud eile Gaeilge á labhairt acu leis an bpáiste ón chéad lá.
Nuair is nós le duine teanga ar leith a labhairt le daoine áirithe, fiú le páistí, is deacair an nósmhaireacht sin a athrú. Dá bhrí sin is fusa nós labhartha na Gaeilge mar phríomhtheanga theaghlaigh a bhuanú má labhraítear Gaeilge leis an bpáiste ón tús. Chuige seo is fiú an cinneadh maidir le teanga labhartha an teaghlaigh a bheith déanta sula saolaítear an chéad pháiste más féidir, agus eolas a bheith ag na tuismitheoirí ar an bhfoclóir agus ar an téarmaíocht nua a bheidh ag teastáil nuair a bheidh páiste nua sa teach.
Factóirí eile…
Is é an socrú is fearr go labhródh tuismitheoir le Gaeilge an teanga sin amháin leis an bpáiste. Is gá don tuismitheoir seo a bheith diongbháilte faoi agus cloí leis an nGaeilge an t-am ar fad. Chomh maith leis sin is gá dó/di oiread ama agus is féidir a chaitheamh ag caint agus ag spraoi leis an bpáiste agus ag léamh dó. Ná déan dearmad – dá mhéad Gaeilge dá gcloiseann an páiste is amhlaidh is fearr a bheidh sé ábalta í a shealbhú, a úsáid agus a ionramháil.
Tá sé tábhachtach freisin tacaíocht na beirte tuismitheoirí a bheith leis an gcinneadh na páistí a thógáil le Gaeilge. Tá sé riachtanach an tuismitheoir atá gan Ghaeilge a bheith ar a shuaimhneas leis an gcinneadh agus sásta tacú leis. D’fhéadfadh sé tacaíocht a thabhairt trí bheith dearfach faoin Ghaeilge i gcónaí, trí fhreastal ar imeachtaí Gaeilge leis na páistí, breathnú ar chláir theilifíse Gaeilge leo, agus iad a spreagadh chun Gaeilge a úsáid chomh minic agus is féidir leo. B’fhiú go mór, dá mb’fhéidir, don tuismitheoir atá ar bheagán Gaeilge freastal ar rang Gaeilge agus iarracht a dhéanamh í a fhoghlaim i dteannta an pháiste.
Mura mbíonn páiste i dtimpeallacht Ghaeilge i rith an lae ní mór iarracht bhreise a dhéanamh chun an oiread Gaeilge agus is féidir a labhairt leis nuair a bhíonn sé sa bhaile. Féach chuige go mbíonn ar a laghad uair a chloig ann chun súgradh leis an bpáiste, scéal a insint dó nó gníomhaíocht éigin a dhéanamh i bpáirt leis. Agus tú féin i mbun obair an tí, nó ag déanamh rud éigin i bpáirt leis an bpáiste, bí ag caint leis.
Is é Glór na nGael an ceanneagraíocht atá freagrach as Gaeilge sa Teaghlach. Tuilleadh eolais ag Marcas@glornangael.ie