
An Ghaeltacht
Déantar cur síos san alt seo ar an Ghaeltacht agus conas níos mó eolais a fháil ar na ceantair Ghaeltachta.
Baintear úsáid as an téarma ‘Gaeltacht’ le cur síos a dhéanamh ar na ceantair sin in Éirinn ina bhfuil an Ghaeilge mar phríomhtheanga labhartha ag mórchuid den phobal.
Tá na ceantair seo sainithe ag orduithe Rialtais. Tugtar aitheantas don fhíric go bhfuil gá le bearta, struchtúir agus maoiniú ar leith le cúnamh agus cuideachta a thabhairt do na ceantair seo ionas gur féidir leo feidhmiú trí Ghaeilge agus a gcuid féiniúlachta a choinneáil slán. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh pobal ann ina labhraítear an Ghaeilge mar ghnáth-theanga laethúil agus go mbeidh tacaíocht ann dóibh siúd atá ina gcónaí ann ionas gur féidir leo gnóthlachtaí agus teaghlaigh a bhunú agus a stiúradh trí mheán na Gaeilge.
Tá ceantair Ghaeltachta i gcodanna leathana de Chontae Dhún na nGall, Chontae Mhaigh Eo, Chontae na Gaillimhe agus Chontae Chiarraí – iad uile ar an gcósta thiar – chomh maith le codanna de Chontae Chorcaí, Chontae na Mí agus Chontae Phort Láirge. Chomh maith leis sin, tá oileáin Ghaeltachta ann.
Is féidir tuilleadh eolais a fháil ar na ceantair anseo
Uasdátaithe: Bealtaine 2024