Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Nuair a labhraíonn tú le páiste as Gaeilge, tá tú ag tabhairt buntaiste luachmhar
dó/di a d’fhéadfadh cabhrú leis/léi:
- Foghlaim conas léamh agus comhaireamh
- Teangacha nua a fhoghlaim
- Scileanna cumarsáide a fhorbairt
- Post a fháil amach anseo
- Cairde nua a dhéanamh
- A bheith páirteach i nglúin nua cainteoirí Gaeilge
- Féiniúlacht a threisiú
4 rud simplí gur féidir a dhéanamh le Gaeilge a roinnt le do ghárpháistí:
- Úsáid frásaí simplí Gaelacha i rith an lae. ‘Oíche Mhaith’ seachas ‘Goodnight’, ‘Go raibh maith agat’ seachas ‘Thank You‘, ‘Maith an Buachaill/Cailín’ seachas ‘Good Boy/Girl‘, ‘Slán’ seachas ‘Goodbye‘ srl.
- Léigh leabhar Gaeilge ag am codlata. Tá neart leabhair álainne ann agus ní fágfar ag lorg frasaí thú!
- Éist le raidió Gaelach cosúil le Raidió na Gaeltachta/Raidió na Life nó Raidió Rí Rá agus breathnaigh ar TG4. Cabhróidh sé seo le sealbhú teanga agus foghraíocht.
- Cruthaigh lipéidí simplí le crochadh timpeall an tí agus iad ar cuairt – Doras, Bosca Bruscar, Fuinneog, Staighre, Ríomhaire, Tolg, Cathaoir, Bord, srl – níl deireadh leis an liosta! Bain úsáid as www.focloir.ie le teacht ar aistriúcháin.
Tá an t-eolas seo curtha le chéile ag Comhluadar. Tuilleadh eolais ar fáil ar an suíomh acu comhluadar.ie.