Baile
Aoisghrúpaí
> 4 Bliain
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag Tógáil Páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
4 > 12 Bliain
Gaelscoileanna
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
12 > 18 Bliain
Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
18 > 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Ag foghlaim Gaeilge mar dhuine óg
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, Seirbhísí agus Áiseanna
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Pobal
Caint & Comhrá
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Sloinne
Cúig Leid
Cuntais Ghaeilge le leanúint ar na meáin shóisialta
Smaointe iontacha do Sheachtain na Gaeilge 2019
Bronntanais dheasa Ghaelacha don Nollaig
Mionchéimeanna duitse leis an nGaeilge a chur chun cinn
Smaointe do Ghaeilge24
Oireachtas na Samhna 2018
Smaointe do choinne le dul i gcion ar Ghael
Drioglanna Gaelacha le triail
Grúdairí Gaelacha gur fiú blaiseadh
Bealaí le tús a chur leis an léitheoireacht Ghaeilge arís
Aipeanna Gaeilge le hÍoslódáil
Bealaí le do chuid Gaeilge a úsáid le linn an tsamhraidh
Podchraoltaí Siamsúla Gaeilge
Bealaí leis an #EuroGaelach a chaitheamh
Eagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaelacha
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Foghlaim Gaeilge mar dhuine fásta
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde agus Aighneachtaí
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle Agallaimh do Phost le Gaeilge
Cúrsaí iarchéime Gaeilge do shaol an lae inniu
Cúrsaí bunchéime spéisiúla le Gaeilge
Folúntais
Físeáin: 'Do Ghairm le Gaeilge'
Do Ghairm le Gaeilge
Físiriseoir
Bainisteoir Siopa
Láithreoir Teilifíse
Comhordaitheoir Tionscadail
Cúntóir Taighde
Straitéisí Pobail & Meán Sóisialta
Bainisteoir Stáisiún Raidió
Oifigeach Eagrúcháin
Eagarthóir Irise
Teicneolaí Oideachais
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Nuacht

Feachtasaíocht

Feachtais Leanúnacha

Feachtas A (Acht Gaeilge ó thuaidh)

I ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta 1998 agus Comhaontú Chill Rìmhinn 2006, tá an cás do reachtaíocht cosanta don teanga pléite go soiléir. Ar a bharr seo, tá reachtaíocht teanga de dhíth de réir na Cairte Eorpaí do Theangacha Mionlaigh agus Réigiúnacha, daingnithe i 2001, agus le bheith leanúnach leis an Fhorógra ar Chearta Daoine mar bhaill de Mhionlach Eitneach, Reiligiúnach nó Teanga 1992.

Dá mbeadh Acht Gaeilge i bhfeidhm, bheadh stádas oifigiúil ag an teanga sna sé chontae don chéad uair. Tá an t-aitheantas seo de dhíth le cinntiú go bhfaigheann an teanga an tacaíocht agus infheistíocht cuí atá de dhíth le tuilleadh fás agus forbairt a spreagadh. Ar a bharr seo, tá sé an-tábhachtach gur féidir le Gaeilgeoirí a gcuid cearta teanga a úsáid mar is ceart, agus go mbeidh deis acu úsáid a bhaint as seirbhísí Gaeilge más maith leo.

Is iomaí sampla atá le feiceáil fud fad na cruinne de thíortha atá ag baint úsáide as reachtaíocht le cearta cainteoirí teanga mionlaigh a chosaint, agus tá sé seo aitheanta go forleathan mar an bealach is éifeachtaí leis seo a dhéanamh.

Léirigh dhá chomhairliúchán eile, i 2006 agus i 2007, go bhfuil an pobal ar son Acht Gaeilge. Cuireadh tús le próiseas comhairliúcháin eile ag tús 2015 maidir le tograí faoi choinne Bill na Gaeilge. Seoladh níos mó na 10,000 aighneacht chuig an RCEF agus táimid ag fanacht ar fhreagra ar ais ón Roinn ar an chéad céim eile.

Feachtas B (Comharthaí Bóthair)

In ainneoin gurb í an Ghaeilge an chéad teanga oifigiúil de réir an Bhunreachta ó dheas, agus cé go dtugtar cúram ar leith le cinntiú go bhfuil an Ghaeilge go príomha chun cinn ar chomharthaí áirithe in Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, (Alt 9) Rialacháin 2008, fágann na rialacháin chéanna comharthaí bóthair na hÉireann go sonrach as an áireamh.

Ciallaíonn sé seo go bhfuil an Ghaeilge níos lú, níos dofheicthe, níos doléite agus / nó i gcló Iodálach ar fhormhór na gcomharthaí bóthair in Éirinn, rud a chuireann in iúl go bhfuil stádas níos ísle ag baint le chéad teanga oifigiúil an Stáit ná leis an mBéarla. Thug Conradh na Gaeilge faoi staidéar neamhspleách ar chomharthaí bóthair dátheangacha a choimisiúnú chun an scéal a fhiosrú agus d’fhoilsigh Garrett Reil ón gColáiste Náisiúnta Ealaíne agus Deartha (NCAD) Comharthaí bóthair dátheangacha na hÉireann – Tuairisc agus Moltaí i mí Dheireadh Fómhair 2008.

Tá stocaireacht á déanamh ag Conradh na Gaeilge ar an gceist ó shin agus bhí cruinniú faoi chomharthaí bóthair dátheangacha ag toscaireacht ón eagraíocht leis an Aire Iompair, Turasóireachta agus Spóirt ó dheas, Leo Varadkar TD, le déanaí.

Mar thoradh ar an gcruinniú seo, tá cuma ar an scéal go mbeidh an tAire Varadkar ag cur moltaí an Chonartha i dtaca le comharthaí bóthair nua – ina mbeadh an Ghaeilge chomh mór agus chomh soiléir céanna leis an mBéarla – i bhfeidhm ar bhonn trialach. Ní bheadh aon chostas breise ag baint leis na comharthaí seo ós rud é nach mbeadh na comharthaí nua á gcrochadh go dtí go mbíonn cinn nua ag teastáil.

Léirigh do thacaíocht do chomharthaí a thugann comhionannas don Ghaeilge trí theachtaireacht a sheoladh chuig an Aire Varadkar ag moladh na gcomharthaí nua a thabharfadh cothromaíocht do chéad teanga an Stáit.

Ní neart go cur le chéile!

Feachtas C (Beartas Oideachais)

Is léir do Chonradh na Gaeilge go bhfuil an Roinn Oideachais agus Eolaíochta ó dheas ag teipeadh ar an nGaeilge agus nach bhfuil an Roinn ag dul i ngleic leis na fadhbanna a bhaineann le múineadh agus foghlaim na Gaeilge inár scoileanna i gceart. Cé go bhfailtíonn muid roimh an aitheantas breise a tugadh don scrúdú labhartha Gaeilge, caithfidh baint a bheith ag aon leasú le modheolaíocht iomlanaíoch. Molann an Conradh gur chóir go múinfí gach ábhar oide trí Ghaeilge i dtimpeallacht lán-Ghaeilge, ag foghlaim tríd an tumoideachas agus faoin tumoideachas, ar feadh tréimhse bliana acadúla le linn a gcúrsa oiliúna.

Caithfear múineadh agus foghlaim na Gaeilge a fhorbairt sna bunscoileanna le polasaí na Roinne Oideachais féin a chur i bhfeidhm ó dheas, e.i. ábhar amháin, de bhreis ar an nGaeilge, a mhúineadh trí Ghaeilge do gach dalta bunscoile; is féidir é seo a dhéanamh ar bhonn píolótach ar dtús leis an tacaíocht agus an oiliúint is gá a chur ar fáil. Ba chóir corpoideachas, drámaíocht nó ealaín a roghnú mar an dara hábhar leis na daltaí a spreagadh.

I gcás na meánscoileanna is cinnte gur chóir béim a chur ar an nGaeilge labhartha. B’fhearr seo a dhéanamh, áfach, trí dhá shiollabas a fhorbairt don Ghaeilge ag an dara leibhéal le dhá pháipéar scrúdaithe ar leith don Ardteist agus don Teastas Sóisearach sna 26 Chontae:

Teanga na Gaeilge a mhúinfí do gach mac léinn ag múineadh agus ag measúnú na scileanna tuisceana, labhartha, léite agus scríofa ag baint leasa as an bhFráma Coiteann Eorpach mar thagairt agus ag cuimsiú feasachta teanga; agus Litríocht na Gaeilge le déanamh ag mic léinn ardleibhéil amháin agus le múineadh go comhtháite le Teanga na Gaeilge ag an leibhéal cuí. Ligfeadh sé seo do mhic léinn Bonnleibhéil agus Gnáthleibhéil díriú ar an teanga a shealbhú agus ní bheadh ach páipéar amháin le déanamh acu ag leibhéil na hArdteiste agus an Teastais Shóisearaigh. D’aithneofaí uallach oibre na litríochta do mhic léinn ardleibhéil trí Litríocht na Gaeilge a mharcáil mar ábhar breise.

Tá an t-éileamh náisiúnta ar an oideachas lánGhaeilge ag dul i méid i gcónaí, thuaidh agus theas, agus ní mór leanúint leis an stocaireacht ar na Ranna Oideachais go n-úsáidfí soláthar an Ghaeloideachais mar chritéir agus iad ag roghnú áiteanna do scoileanna nua. I dtaca le múineadh na Gaeilge sna 6 Chontae, tá Conradh na Gaeilge ag moladh gur cheart:

teangacha a áireamh mar fhréamhábhair GCSE agus ar an dóigh seo go roghnóidh gach mac léinn dara leibhéal teanga amháin don GCSE (sa bhreis ar an Bhéarla); agus go bhforbrófar soláthar meánscolaíochta trí mheán na Gaeilge i gceantair go bhfuil éileamh ann dá leithéid agus go mbeidh dóthain múinteoirí ann le freastal ar na scoileanna sin. Ní mór brú a chur ar an Rialtas ó thuaidh chun deireadh a chur leis an riail nach gcaithfidh scoláirí staidéar a dhéanamh ar theanga go leibhéal GCSE. Nuair a ghlac Páirtí an Lucht Oibre sa Bhreatain Mhór cinneadh sa bhliain 2004 nach mbeadh ar scoláirí staidéar a dhéanamh ar theanga iasachta go leibhéal GCSE, bhí impleachtaí móra ag an chinneadh seo ar theagasc na Gaeilge sna scoileanna ó thuaidh. Idir 2007 agus 2009 amháin, thit líon na scoláirí a rinne staidéar ar an Ghaeilge ag GCSE ó 2710 go 2084.

I gcuid mhór scoileanna anois, bíonn ar na scoláirí rogha a dhéanamh sula dtosaíonn siad sa chéad bhliain den mheánscoil faoin teanga a ndéanfaidh siad staidéar uirthi a fhad le Bliain 10. Tá scoláirí ann nach ndéanann Gaeilge ar bith sa chóras meánscolaíochta anois, fiú i scoileanna atá an-bháúil don spórt agus don chultúr Ghaelach, agus bíonn stádas na Gaeilge sa scoil ag brath cuid mhór ar dhea-thoil an phríomhoide reatha.

Go hachomair, seo a leanas na mórphointí a bhaineann le beartas oideachais an Chonartha le múineadh agus foghlaim na Gaeilge a fheabhsú inár scoileanna:

Go múinfí gach ábhar oide trí Ghaeilge i dtimpeallacht lán-Ghaeilge, ag foghlaim tríd an tumoideachas agus faoin tumoideachas, ar feadh tréimhse bliana acadúla san iomlán le linn a gcúrsa oiliúna. Roinntear an tréimhse thar fhad iomlán an chúrsa oiliúna ag tosnú leis an gcéad chúpla seachtain cinniúnach. Bíodh an deis ag mic léinn an cúrsa iomlán a dhéanamh trí Ghaeilge más mian leo; Go ndéanfar teangacha a áireamh mar fhréamhábhair GCSE ó thuaidh agus ar an dóigh seo go roghnóidh gach mac léinn dara leibhéal teanga amháin sa bheis ar an Bhéarla don GCSE; Go múinfí ábhar amháin de bhreis ar an nGaeilge, trí Ghaeilge do gach dalta bunscoile, ar bhonn píolótach ar dtús leis an tacaíocht agus an oiliúint is gá; Go bhforbrófaí dhá shiollabas don Ghaeilge ag an dara leibhéal ó dheas le dhá pháipéar scrúdaithe ar leith don Ardteist agus don Teastas Sóisearach, Teanga na Gaeilge a mhúinfí do gach mac léinn agus Litríocht na Gaeilgele déanamh ag gach mac léinn ardleibhéil; agus Go n-úsáidfí soláthar an Ghaeloideachais mar chritéir agus na Ranna Oideachais ag roghnú áiteanna do scoileanna nua agus dá réir, go bhforbrófar soláthar meánscolaíochta trí mheán na Gaeilge i gceantair go bhfuil éileamh ann dá leithéid, agus go mbeidh dóthain múinteoirí ann le freastal ar na scoileanna sin. Is iomaí céim chun cinn atá tógtha le blianta beaga anuas i dtreo thodhchaí na Gaeilge a chinntiú: TG4, stádas mar theanga oifigiúil den AE, Acht na dTeangacha Oifigiúla atá ag cur le líon agus le caighdeán na seirbhísí poiblí trí Ghaeilge a fheabhsú agus an borradh faoin nGaelscolaíocht. Ina ainneoin sin, áfach, ní éiríonn leis an earnáil scolaíochta Béarla, ar a bhfreastalaíonn 90% de scoláirí na tíre, fíorbheagán cainteoirí líofa Gaeilge a sholáthar agus is cúis fhrustrachais go minic an siollabas do scoláirí, do thuismitheoirí agus do mhúinteoirí araon.

Tá na leasuithe atá á moladh ag an gConradh bunaithe ar na cleachtais is fearr ar fud na cruinne, agus d’fhéadfaí iad a chur i bhfeidhm de réir a chéile thar shaolré an chéad rialtais eile agus d’fheabhsóidís as aithne sealbhú na Gaeilge inár scoileanna. Ní foláir na leasuithe seo a bheith mar dhlúthchuid de, agus mar chéim i dtreo, curaclaim chomhtháite teangacha. Sealbhaítear teangacha le húsáid agus le cleachtadh. Ní bhíonn ráth ar mhodhanna eile.

Aighneachtaí

Oideachas agus Daoine Óga

Sainriachtanais Oideachais 

Freagra Chonradh na Gaeilge ar chomhairliúchán an Choiste Oideachais ar Bhille um Shainriachtanais Oideachais, Bealtaine 2015 

Oideachas Gaeltachta

Freagra Chonradh na Gaeilge ar chomhairliúchán na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir le hOideachas Gaeltachta, Iúil 2015

Straitéis Chúram Leanaí

Freagra Chonradh na Gaeilge ar chomhairliúchán OFMDFM ar Straitéis Chúram Leanaí, Samhain 2015

Staitéis Náisiúnta Scileanna

Freagra Chonradh na Gaeilge ar chomhairliúchán na Roinne Oideachais agus Scileanna ar Straitéis Náisiúnta Scileanna, Nollaig 2015

Scéimeanna Teanga agus Polasaithe Gaeilge

Scéim Teanga

Scéim Teanga faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla – Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí, Márta 2019

Scéim Teanga

Freagra Chonradh na Gaeilge ar chomhairliúchán Chomhairle Phort Láirge maidir lena Scéim Teanga, Eanáir 2015 

Scéim Teanga

Freagra Chonradh na Gaeilge ar chomhairliúchán Roinn an Taoisigh maidir lena Scéim Teanga, Feabhra 2015 

Scéim Teanga

Freagra Chonradh na Gaeilge ar chomhairliúchán Comhairle Contae Shligigh maidir lena Scéim Teanga, Márta 2015 

Measúnú ar Thionchar Comhionannais

Freagra Chonradh na Gaeilge ar Mheasúnú ar Thionchar Chomhionannais Chomhairle Lár Uladh ar a Pholasaí Gaeilge, Meán Fómhair 2015 

Polasaí Gaeilge

Freagra Chonradh na Gaeilge ar chomhairliúchán Fhear Manach agus na hÓmaí, Deireadh Fómhair 2015

Scéim Teanga

Freagra Chonradh na Gaeilge ar chomhairliúchán Chomhairle Contae Corcaigh maidir lena Scéim Teanga, Nollaig 2015

Plean Cathrach

Freagra Chonrah na Gaeilge ar chomhairliúchán Chomhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath do Phlean Forbartha na Cathrach 2016-22, Nollaig 2015

Scéim Teanga

Freagra Chonradh na Gaeilge ar chomhairliúchán na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir lena Scéim Teanga, Eanáir 2016 

Cód Eitice na nGarda

Freagra Chonradh na Gaeilge ar chomhairliúchán de chuid Údarás na bPoilíní maidir le Cód Eitice do na Garda

Scéim Teanga

Freagra Chonradh na Gaeilge ar chomhairliúchán an tÚdarás Aerfoirt Bhaile Átha Cliath maidir lena Scéim Teanga, Bealtaine 2016 

Ráiteas Straitéiseach 

Freagra Chonradh na Gaeilge ar chomhairliúchán na Roinne Oideachais agus Scileanna maidir lena Ráiteas Straitéiseach, Meitheamh 2016

Ráiteas Straitéiseach 

Freagra Chonradh na Gaeilge ar chomhairliúchán an Roinn Coimirce Sóisialaí maidir lena Ráiteas Straitéiseach, Lúnasa 2016

Scéim Teanga

Freagra Chonradh na Gaeilge ar chomhairliúcháin Oifig na nOibreacha Poiblí maidir lena Scéim Teanga, Eanáir 2017

Aighneacht Scéim Teanga na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe

Léigh anseo

Aighneacht do Dhréachtscéim an Coimisiún um Rialáil Eitlíochta

Léigh anseo

Aighneacht faoi Scéim teanga na Roinne Oideachais agus Scileanna

Léigh anseo

Aighneacht faoi Scéim Teanga na Roinne Talmhíochta, Bia agus Mara

Léigh anseo

Aighneacht faoi Scéim Teanga Chomhairle Cathrach na Gaillimhe

Léigh anseo

Aighneacht faoi Scéim Teanga an Údaráis Naisiúnta Iompair

Léigh anseo

Cultúr agus Ealaíon

Straitéis Cultúir

Aighneacht ar Chúltúr 2015 – 2025, Deireadh Fómhair 2015

Aighneacht Oidhreacht Éireann 2030

Reachtaíocht Teanga agus Staitéis

Acht na Gaeilge

Freagra Chonradh na Gaeilge ar chomhairliúchán na Roinne Cultúir, Ealaíon agus Fóilíochta ar Thógraí faoi choinne Bhille na Gaeilge, Aibreán 2015 

Athbhreithniú Straitéise

Freagra Chonradh na Gaeilge ar chomhairliúchán na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltacht ar Athbhreithniú ar Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge, Nollag 2015

Clár Rialtais 

Freagra Chonradh na Gaeilge ar chomhairliúchán de chuid an Fheidhmeannas ar an Chlár Rialtais 2016-2021, Iúil 2016

Na meáin, Teicneolaíocht agus Cumarsáid

Cumaisc sna Meáin

Freagra Chonradh na Gaeilge ar chomhairliúchán na Roinn Cumarsáide, Fuinnimh agus Acmhainní Nadúrtha maidir le cumaisc sna meáin, Eanáir 2015

Cúrsaí Craoltóireachta

Freagra Chonradh na Gaeilge ar chomhairliúchán OFCOM ar chúrsaí craoltóireachta, Márta 2015 

Athbhreithniú Cairte an BBC

Freagra Chonradh na Gaeilge ar chomhairliúchán an BBC maidir lena hathbhreithniú cairte, Deireadh Fómhair 2015 

Athbhreithniú Réigiúnacha 

Freagra Chonradh na Gaeilge ar chomhairliúchán an BBC maidir lena hathbhreithniú ar seirbhísí réigiúnacha, Eanáir 2016

Ainmneacha Fearainn

Freagra Chonradh na Gaeilge ar chomhairliúchán an IEDR maidir le hainmneacha fearainn, Márta 2016

Maoiniú ar Chraoltóireacht Sheirbhíse Poiblí

Freagra Chonradh na Gaeilge ar chomhairliúchán an Chomhchoiste Cumarsáide faoi mhaoiniú ar Chraoltóireacht Sheirbhíse Poiblí, Feabhra 2017

Comhairliúchán Poiblí maidir le hAthbhreithniú ar Mhaoiniú Fhoras na Gaeilge d’Earnáil na Meán Gaeilge clóite agus ar líne

Léigh an aighneacht anseo

Lárionaid Ghaeilge

Athbhreithniú ar Mhaoiniú d’Ionaid Ghaeilge

Aighneacht Chonradh na Gaeilge ar Chomhairliúchán Fhoras na Gaeilge faoi Mhaoiniú do na Lárionaid Ghaeilge 06-2017 

FREAGRAÍ MOLTA do Chomhairliúchán Fhoras na Gaeilge maidir le Maoiniú do na Lárionaid Ghaeilge 06-2017 

Eile

Bus Átha Cliath

Léigh anseo 

Dréachtscéim Ghinearálta don Bhille Oideachais (Iontráil ar Scoil)

Léigh anseo 

Comhairliúchán Forbairt Pháirc Mharlaí

Léigh anseo 

Coimisiún na hÉireann um Chearta an Duine agus Comhionannas

Léigh anseo

 Aighneacht Scéim Teanga Oifig an Ard-Aighne

Léigh anseo

Aighneacht maidir le Díolúine ón nGaeilge

Léigh anseo

Comhfhreagras

An Gaelacadamh – Aire Stáit ar a bhfuil freagracht as an nGaeilge, an Ghaeltacht agus na hOileáin

Léigh anseo 

An Comhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta – Tionscnamh píolótach chun Teiripeoirí Speisialta

Léigh anseo

Comharthaí dátheangacha leictreonach ar Glider

Léigh anseo

Litir chuig an Irish Times 

Léigh anseo

Dúnadh na n-Oifigí Poist – An tAire Cumarsáide Denis Naughton TD

Léigh anseo

Bille Sláinte Poiblí

Léigh anseo

Moltaí Ardteiste 

Léigh anseo 

Litir go Dee Forbes maidir le Grúp-Cheannasaí Seánra na Gaeilge RTÉ

Léigh anseo 

Suíomh Idirlíon Iarnród Éireann

Léigh anseo

Cláraigh do nuachtlitir PEIG

  • Conradh na Gaeilge
  • Foras na Gaeilge
Cláraigh do nuachtlitir PEIG.ie

Nuachtlitir PEIG.ie

Cláraigh dár nuachtlitir a sheoltar gach maidin ag 9 ina mbíonn nuacht an lae, imeachtaí reatha agus an-chuid eile.