Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
5 rud simplí gur féidir a dhéanamh le Gaeilge a thabhairt isteach i do theach anois.
- Úsáid frásaí simplí Gaelacha i rith an lae. Oíche Mhaith seachas goodnight, Go Raibh Maith Agat seachas thank you, Maith an Bhuachaill nó Maith an Cailín seachas good boy or girl, Slán seachas goodbye, srl.
- Léigh leabhar Gaeilge ag am codlata. Tá neart leabhair áille ann agus ní fhágfar ag lorg frasaí thú!
- Éist le raidió Gaelach cosúil le Raidió na Gaeltachta, Raidió na Life nó Raidió Rí Rá agus breathnaigh ar TG4. Cabhróidh sé seo le sealbhú teanga agus foghraíocht.
- Cruthaigh lipéid simplí le crochadh timpeall an tí. Doras, Bosca Bruscar, Fuinneog, Staighre, Ríomhaire, Tolg, Cathaoir, Bord, srl – níl deireadh leis an liosta! Bain úsáid as www.focal.ie le teacht ar aistriúcháin.
- Déan machnamh faoi ghnás amháin i do lá a roghnú (folcadh, bricfeásta, dinnéar, turais charr – pé atá is lú strus ag baint leis!), na frasaí nó foclóir a bhaineann leis a fhoghlaim agus ‘am Gaeilge’ a bheith agat gach lá.
Curtha le chéile ag Comhluadar. Eagraíonn Glór na nGael raon leathan imeachtaí do theaghlaigh le Gaeilge.