Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Is iomaí ábhar ríomhfhoghlama atá ar fáil le cuidiú le foghlaim na Gaeilge. Idir fhoclóirí agus aipeanna, tá foinsí luachmhara ann a chabhróidh le saibhreas teanga, foghraíocht, nathanna nua a fhoghlaim agus scileanna léitheoireachta agus scríobh na Gaeilge a fheabhsú.
Maidir le foclóirí tá:
Foclóir Béarla-Gaeilge Fhoras na Gaeilge | |
Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge | |
|
Léargas ar struchtúir agus foirmeacha éagsúla na briathra coitianta sa Ghaeilge |
Gluais focal agus nathanna as Gaeilge mar aon le Litreoir Gaeilge agus Caighdeánaitheoir Gaeilge gur féidir teacht orthu anseo |
Tá réimse leathan ar fáil ar Gaois.ie – corpas aonteangach Gaeilge de théacsanna comhaimseartha, corpas comhthreomhar Béarla-Gaeilge de théacsanna reachtúla téarmaí dlí agus reachtaíochta de chuid na hÉireann agus iontrálacha Gaeilge ó IATE mar aon le roinnt mhaith eile.
Tá Gaeilge ar fáil ar aipeanna ar nós Duolingo, atá úsáideach dóibh siúd a bhíonn gnóthach ach atá ag iarraidh cleachtadh a dhéanamh ar a scileanna teanga.
Is iomaí aip eile atá ar fáil trí mheán na Gaeilge chomh maith.
Tá aipeanna ag Cúla Caint agus Tuairisc.ie, agus ag an-chuid comhlachtaí eile. Is féidir breathnú ar liosta ar Google Play anseo agus ar an Appstore chomh maith.
Tá Vifax (Ollscoil Mhá Nuad) an-úsáideach le cleachtadh a dhéanamh ar scileanna atá bainteach leis an léamhthuiscint nó leis an gcluasthuiscint. Bíonn ceachtanna Gaeilge ag meánleibhéal agus ag bunleibhéal ar fáil ar an suíomh chuile sheachtain, bunaithe ar mhíreanna as Nuacht TG4.
Má tá fadhbanna agat leis na briathra, tá cúnamh ar fáil ó Verbix.
Tá eolas faoi fhoghraíocht na Gaeilge ar fáil ar Abair.ie, ó foclóir.ie agus teanglann.ie, ó Breacadh.ie, leighleat.com agus forvo.com. Féach ar an alt seo chun níos mó eolais a fháil.
Chomh maith le hábhair bainteach le foghlaim na teanga, tá suíomhanna ann ar nós Logainm.ie, ar a bhfuil eolas maidir le logainmneacha na hÉireann ar fáil, nó Dúchas.ie, tionscadal digitithe Chnuasach Bhéaloideas Éireann, ceann de na cnuasaigh bhéaloidis is mó ar domhan.