Deiseanna le Gaeilge lasmuigh den Eoraip
Déantar cur síos san alt seo ar na deiseanna fostaíochta taobh amuigh den Eoraip.
Is é príomhaidhm an chláir seo ná tacú le fás agus forbairt na Gaeilge i gCeanada. Cuirtear teagascóirí ar fáil chun an Ghaeilge a mhúineadh taobh istigh den ollscoil, agus chun cuidiú le dul chun cinn na teanga i mbéal an phobail.
Is deontais do shaoránaigh Éireannacha, nó saoránaigh an Aontas Eorpach atá ina gcónaí i bPoblacht na hÉireann ar feadh 5+ bliana, chun taighde iarchéime a chur i gcrích sna SA ar feadh tréimhse 4 mhí, suas le 12 mhí.
Uasdátaithe: Bealtaine 2024