Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Déantar cur síos san alt seo ar conas a bheith páirteach in obair Chonradh na Gaeilge.
Is é Conradh na Gaeilge fóram daonlathach phobal na Gaeilge agus saothraíonn an eagraíocht ar son phobal labhartha na Gaeilge agus na Gaeltachta ar fud na hÉireann uile agus timpeall na cruinne. Ó bunaíodh é ar 31 Iúil 1893, tá baill an Chonartha gníomhach ag cur chun cinn na Gaeilge i ngach gné de shaol na tíre, ó chúrsaí dlí agus oideachais go forbairt meán cumarsáide agus seirbhísí Gaeilge.
Tá breis agus 180 craobh agus is iomaí ball aonair ag Conradh na Gaeilge sa lá atá inniu ann, agus bíonn baill uile an Chonartha ag saothrú go dian díograiseach chun úsáid na Gaeilge a chur chun cinn ina gceantair féin. Músclaíonn an eagraíocht uile-oileánda seo pobal na hÉireann, tugann sí tuiscint úrnua dúinn ar ár n-oidhreacht uathúil agus teanga, agus cothaíonn sí meas ionainn ar an gcultúr Gaelach luachmhar atá againn.
Ráiteas Misin na hEagraíochta
An Ghaeilge a athréimniú mar ghnáththeanga na hÉireann.
Príomh-Réimsí Oibre
- Abhcóideacht
- Oideachas
- Cumasú pobail
- Siamsaíocht / Féilte
- Ardú feasachta
- Ionadaíocht
Tuilleadh eolais faoin méid atá thuasluaite ar fáil ar shuíomh Chonradh na Gaeilge.
- Aimsigh Craobh i do cheantar
- Cláraigh mar bhall aonair den Chonradh
- Cláraigh craobh i do cheantar
- Cláraigh do rang nó scoil don Seó Bóthair
- Cláraigh le dúshlán Gaeilge 24
- Caith Fáinne le tacaíocht a léiriú
- Déan síntiús don Chonradh
Uasdátaithe: Bealtaine 2024