Gaelcholáistí
Feidhmíonn scoil lán-Ghaeilge mar a fheidhmíonn aon scoil eile ag an dara leibhéal ach gurb í an Ghaeilge an teanga teagaisc sa scoil, agus an teanga chumarsáide idir na múinteoirí, na daltaí agus an bhainistíocht. Is teanga bheo í an Ghaeilge sa scoil, laistigh agus lasmuigh de na ranganna. Go minic, tugtar Gaelscoil ar bhunscoil lán-Ghaeilge agus Gaelcholáiste ar iarbhunscoil lán-Ghaeilge.
Cén fáth go roghnóinn an Gaeloideachas do mo pháiste? Roghnaíonn tuismitheoirí oideachas lán-Ghaeilge ar chúiseanna éagsúla, na cúiseanna seo san áireamh:
- Tá sé fíor-thábhachtach dóibh go mbeidh Gaeilge ar a dtoil ag a bpáistí.
- Aithníonn siad go bhfaigheann an páiste léargas ar leith ar a c(h)ultúr féin agus ar chultúir eile.
- Cothaítear bród na bpáistí ina dteanga, ina gcultúr agus iontu féin.
- Ábaltacht na bpáistí labhairt, léamh agus scríobh i ndá theanga agus na buntáistí a bhaineann leis sin.
- An t-oideachas den scoth a chuireann na scoileanna ar fáil do pháistí.
- Forbairt i bhféinmhuinín agus i bhféiniúlacht na bpáistí.
Tá 179 bunscoil lán-Ghaeilge taobh amuigh de cheantair Ghaeltachta agus 305 bunscoil lán-Ghaeilge in iomlán sa tír. Tá 43 meánscoil lán-Ghaeilge taobh amuigh de cheantair Ghaeltachta le 71 in iomlán.
Tá léarscáileanna déanta amach ag Gaeloideachas agus ag Comhairle na Gaelscolaíochta ag léiriú Gaelscoileanna ar fud fad na tíre:
Gaeloideachas
Comhairle na Gaelscilaíochta
Gaeloideachas
Comhairle na Gaelscilaíochta
Cinnte, is féidir. Is buntáiste é don dalta má tá Gaeilge á labhairt sa bhaile, fiú mura bhfuil i gceist ach í a labhairt ag am ar leith nó go bhfuil focail áirithe in úsáid, ach gur léir don dalta nach teanga scoile amháin í an Ghaeilge agus go bhfuil an-spéis ag na tuismitheoirí sa teanga.
Is ceanneagraíocht í Gaeloideachas a chuireann comhairle agus tacaíocht ar fáil do phobal nó duine a chinneann scoil a bhunú agus feidhmíonn sí ar mhianta an phobail. Is í príomhaidhm na heagraíochta ná Gaelscolaíocht d’ardchaighdeán a bhunú agus a bhuanú ar fud na tíre mar aon le pobal agus cultúr na Gaeilge a fhorbairt agus a neartú.
Is eagraíocht í Comhairle na Gaelscolaíochta atá freagrach as soláthar oideachais lán-Ghaeilge i dTuaisceart Éireann. Bhunaigh an Roinn Oideachais an eagraíocht sa bhliain 2000 chun oideachas lán-Ghaeilge a chur chun cinn agus a thacú ó thuaidh.