Gaelscoileanna
Céard is Gaelscoil ann?
Feidhmíonn scoil lán-Ghaeilge faoi ghnáthrialacha na Roinne Oideachais agus Scileanna. Is í an Ghaeilge an teanga theagaisc sa scoil, agus an teanga chumarsáide idir na múinteoirí, na daltaí agus an bhainistíocht. Is teanga bheo í an Ghaeilge sa scoil, laistigh agus lasmuigh de na ranganna. Go minic, tugtar Gaelscoil ar bhunscoil lán-Ghaeilge agus Gaelcholáiste ar iar-bhunscoil lán-Ghaeilge.
Cén fáth go roghnóinn an Gaeloideachas do mo pháiste?
Roghnaíonn tuismitheoirí scoilíocht lán-Ghaeilge de bharr roinnt cúiseanna: Tá sé fíorthábhachtach dóibh go mbeidh Gaeilge ar a dtoil ag a bpáistí. Aithníonn siad go bhfaigheann an páiste léargas ar leith ar a c(h)ultúr féin agus ar chultúir eile. Cothaítear bród na bpáistí ina dteanga, ina gcultúr agus iontu féin. Ábaltacht na bpáistí labhairt, léamh agus scríobh i ndá theanga agus na buntáistí a théann leis sin. An t-oideachas den scoth a chuireann na scoileanna ar fáil do pháistí. Forbairt i bhféinmhuinín agus i bhféiniúlacht na bpáistí.
Cá bhfuil an scoil lán-Ghaeilge is cóngaraí dom?
Tá léarscáileanna déanta amach ag Gaeloideachas agus ag Comhairle na Gaelscolaíochta ag léiriú Gaelscoileanna ar fud fad na tíre.
Cé mhéad bunscoil lán-Ghaeilge atá ann?
Tá 180 bunscoil lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht le 35,710 daltaí ag freastal orthu.
An féidir liom mo pháiste a chlárú le scoil lán-Ghaeilge mura bhfuil Gaeilge agam féin?
Cinnte, is féidir. Is buntáiste é don dalta má tá Gaeilge á labhairt sa bhaile, fiú mura bhfuil i gceist ach í a labhairt ag am ar leith nó go bhfuil focail áirithe in úsáid, ach gur léir don dalta nach teanga scoile amháin í an Ghaeilge agus go bhfuil an-spéis ag na tuismitheoirí sa teanga.
Céard é Gaeloideachas?
Bunaíodh Gaeloideachas i 1973 mar eagraíocht dheonach náisiúnta chun tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt na scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus ag an iar-bhunleibhéal. Ó Iúil 2014, tá Gaeloideachas freagrach mar cheanneagraíocht as an réimse Tumoideachas/Gaeloideachas agus Réamhscolaíocht lán-Ghaeilge. Cuimsíonn an ról nua seirbhís tacaíochta do scoileanna lán-Ghaeilge Gaeltachta freisin. Áirítear i measc róil agus feidhmeanna na heagraíochta comhairle, cúnamh agus tacaíocht do dhaoine ar mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí, mar aon le seirbhís tacaíochta do naíonraí agus scoileanna.
Céard é Comhairle na Gaelscolaíochta?
Is í Comhairle na Gaelscolaíochta (CnaG) an foras atá ionadaíoch thar ceann na gaelscolaíochta in Éirinn ó thuaidh. Chuir an Roinn Oideachais ar bun í sa bhliain 2000 leis an ngaelscolaíocht a chur chun cinn, a éascú agus a spreagadh. Ceann de na príomhchuspóirí atá ag CnaG is ea, féachaint leis an teacht atá ar an ghaelscolaíocht a leathnú amach do thuismitheoirí ar mian leo í a thapú dá bpáistí.