Seirbhísí ar fáil trí Ghaeilge
Déantar cur síos san alt seo faoin ár nEolaire Gnó.
Is seirbhís mhargaíochta saor in aisce ár nEolaire Gnó. Is ann a bhfaightear eolas faoi na cuideachtaí atá sásta a seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge dona gcuid custaiméirí – eolas cosúil le cur síos ar an ghnó, a sonraí teagmhála, na seirbhíse atá a thairiscint acu, agus níos mó.
Má tá tú ag iarraidh do ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge, bain triail as ár nEolaire.
Más úinéir gnó thú, léigh anseo faoi 10 bhfáth gur chóir an Ghaeilge a úsáid i gcúrsaí gnó, agus ansin cláraigh do ghnó linn:
Seolfar ríomhphost deimhnithe chugat uainn nuair atá do ghnó cláraithe.
Ní gá go mbeadh gach seirbhís agus gach comhartha, nó do shuíomh idirlín uilig ar fáil trí Ghaeilge chun a bheith páirteach. Is féidir seirbhísí áirithe atá ar fáil trí mheán na Gaeilge a chlárú más maith leat.
Gach bliain cuirtear na comhlachtaí a bhaineann an Bonn Óir nó Airgid sa chatagóir ‘Seirbhísí i nGaeilge’ ag Gradam Gnó Ghlór na nGael ar an eolaire, nó cuirtear an t-eolas faoin ghradam leo má tá siad ar an eolaire cheana féin.
Uasdátaithe: Bealtaine 2024