
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
Déantar cur síos san alt seo ar dhualgais na seirbhísí stáit maidir leis an nGaeilge.
Tá sé de cheart ag duine ar bith cumarsáid a dhéanamh leis an stáit trí mheán na Gaeilge, ceart atá leagtha síos i mBunreacht na hÉireann a cheadaíonn don té gach gnó agus gach cuid dá ghnó a dhéanamh leis an stát trí Ghaeilge agus trí Ghaeilge amháin.
Go praiticiúil, áfach, is minic nach mbíodh aon soláthar éifeachtach déanta chun seirbhísí a sholáthar i nGaeilge chomh maith lena soláthar i mBéarla.
Glac leis an deis do chuid Ghaeilge a úsáid ag plé le comhlachtaí poiblí agus má tá aon fhadhb agat, bí i dteagmháil le Conradh na Gaeilge nó leis an gCoimisinéir Teanga.
Tar éis Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003, seo a leanas cuid de na rudaí gur féidir leatsa a dhéanamh trí Ghaeilge:
- Ní hamháin gur féidir leat do cheadúnas tiomána a fháil ón gComhairle Contae nó ón gComhairle Cathrach is cóngaraí duit trí Ghaeilge, ach is féidir leat rialacha tiomána a fháil i nGaeilge ón Údarás um Shábháilteacht Ar Bhóithre agus tá lánchéad agat an scrúdú tiomána féin a dhéanamh sa teanga chéanna. Agus má tá aon rud le plé agat le Garda ar bith, is féidir labhairt leis nó léi i nGaeilge freisin!
- Ba chóir go mbeadh gach fógra taifeadta de chuid CIÉ, Iarnród Éireann agus Bus Éireann i nGaeilge agus i mBéarla ionas nach gcailleann tú an bus sin chuig an bhféile mhór cheoil sin i gContae Laoise mar shampla!
- Má tá tú ag taisteal níos faide ó bhaile i mbliana, cén fáth nach n-ordaíonn tú do phas trí Ghaeilge? Ba chóir go mbeadh seirbhís Gaeilge á sholáthair ag na húdaráis aerfoirt duit freisin, mar sin labhair Gaeilge leo. Léirigh don domhan mór go bhfuil grá agat don Ghaeilge!
- Is féidir gach gnó a dhéanamh trí Ghaeilge in oifigí poist fud fad na tíre. Ordaigh do stampaí trí Ghaeilge amach anseo!
- Tagann gach ospidéal poiblí agus fiú Cumann Croise Deirge na hÉireann faoi bhráid an Achta, mar sin ná bí buartha má tá tú bréan breoite den Bhéarla: tá sé de cheart agat seirbhís Ghaeilge a fháil uathu agus ó Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS) freisin! Tá Oifigigh Gaeilge san FSS, tuilleadh eolais anseo.
- An bhfuil gearán nó moladh le déanamh agat i dtaca le cúrsaí teilifíse nó raidió? Is comhlacht poiblí é RTÉ agus is féidir leat seirbhís Ghaeilge a lorg uathu aon uair gur mian leat. Cuir in iúl dóibh gur fiú an Ghaeilge!
- Má tá féith na n-ealaíon agus an chultúir go smior ionat, bíodh a fhios agat gur féidir leat seirbhís Ghaeilge a lorg ó Amharclann na Mainistreach, Dánlann Náisiúnta na hÉireann, gach iarsmalann de chuid an Stáit agus Leabharlann Náisiúnta na hÉireann leis. Cuir gothaí an chultúir agus na Gaeilge ort féin inniu!
- Ní deas an rud é riamh do chuid chánach a íoc ach más gá, ar a laghad is féidir plé le hOifig na Cánach trí Ghaeilge anois!
- Ag filleadh ar an oideachas mar mhac léinn lánfhásta? Má lorgaíonn tú eolas ó ollscoileanna agus institiúidí teicneolaíochta i nGaeilge, tá sé de cheart agat gach litir nó ríomhphost ar ais uathu a fháil sa teanga chéanna. Ar an dóigh chéanna, más spéis leat cúrsa FÁS nó Teagaisc a dhéanamh, tá sé de cheart agat seirbhís Ghaeilge a fháil uathu freisin. Labhair leis an Roinn Oideachais agus Scileanna trí Ghaeilge inniu!
- Má scríobhann tú chuig aon chomhlacht poiblí nó roinn stáit i nGaeilge, tá sé de cheart agat freagra a fháil i nGaeilge.
An Tuaisceart
Tá sé leagtha sios sa Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh gur féidir le lucht na Gaeilge í a úsáid nuair a bhíonn siad ag scríobh chuig Ranna nó Gníomhaireachtaí Rialtais nó ag glaoch orthu. Níl aon dualgais ar Ranna ná Gníomhaireachtaí Rialtais freagairt i nGaeilge, cé go bhféadfaidís a leithéid a dhéanamh.
Ciallaíonn sé sin go bhféadann tú scríobh i nGaeilge ar fhoirmeacha iarratais, thuairisceáin chánach agus mar sin de.
Ba cheart a choimeád i gcuimhne toisc gurb é Béarla teanga oibre Státseirbhís Thuaisceart Éireann go mbeidh uirthi an chuid is mó den ábhar a chuirfear isteach i nGaeilge a aistriú, agus mar sin d’fhéadfadh go dtógfadh sé beagáinín níos faide freagra a thabhairt. Is féidir leat glaoch a chur ar an Rialtas i nGaeilge.
Tá glórphoist curtha ar bun chun é sin a cheadú freisin: 028 90515252
Déan cinnte le do thoil go sonraíonn tú cé dó/di an teachtaireacht agus tabhair do sheoladh ionas gur féidir freagra a sheoladh chugat i ndiaidh do do theachtaireacht a bheith aistrithe.
Uasdátaithe: Bealtaine 2024