Skip to main content
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta
Baile
Aoisghrúpaí
4 Bliain agus níos óige
Ainmneacha Gaeilge
Naíonraí
Ag úsáid Gaeilge le do pháistí
Ag labhairt Gaeilge le do gharpháistí
Ag tógáil páistí le Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht
Ag tógáil páistí le Gaeilge sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
4 - 12 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
An Ghaelbhratach
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
12 - 18 Bliain
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
Buntáistí Oideachais trí Ghaeilge
Coláistí Samhraidh
5 leid – Ag dul chun na Gaeltachta
An Ghaelbhratach
Féilte
Ag úsáid d’ainm as Gaeilge
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
18 - 22 Bliain
Cumainn Ghaelacha & Aontais Mhac Léinn
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
Féilte
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
22+ Bliain
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Ranganna Gaeilge do Dhaoine Fásta
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Féilte
Saoire sa Ghaeltacht
Tacaíocht, seirbhísí agus áiseanna
Pobal
Nuachtlitreacha PEIG.ie – Ríomhphost & WhatsApp
Tithe agus tailte atá ar díol agus ar cíos sna ceantair Ghaeltachta – dar le Daft.ie
10 bhFáth le Clárú don Eolaire Gnó
Tacaíochtaí ar fáil do ghnóthaí
Ciorcail Chomhrá | Caint & Comhrá
Sloinnte
An Ghaeltacht
Grúpaí Pobail
Na Lárionaid Ghaeilge
Na Ceanneagraíochtaí
Féilte
Seachtain na Gaeilge le Energia
Imeachtaí Ardú Feasachta
Leabhair Ghaeilge
Podchraoltaí Gaeilge
An Chaint
Oifigigh Gaeilge i bhFeidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS)
7 dtreoir le bheith níos sábháilte ar líne
Foghlaim
Ag foghlaim na Gaeilge
Naíonraí
Gaelcholáistí
Gaelscoileanna & Gaelcholáistí
An Ghaeilge i Scoileanna Béarla
Ranganna
Seirbhísí Gaeilge do Scoileanna
Téarmaíocht agus Gramadach ar líne
Cearta
Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003
Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha & Mionlaigh
Straitéisí Gaeilge ó Thuaidh is ó Dheas
Seirbhísí ar fáil as Gaeilge
Glac Páirt sa Ghluaiseacht
Feachtasaíocht
Taighde Gaeilge
Ag úsáid Gaeilge le seirbhísí stáit
An Coimisinéir Teanga
6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge
Fostaíocht
Leabhrán Ghairmeacha le Gaeilge
Físeáin: ‘Do Ghairm le Gaeilge’
Gairmeacha le Gaeilge san Eoraip
Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Folúntais
Cúrsaí le Gaeilge ar an 3ú Leibhéal
CV Samplach Gaeilge
Ag lorg poist leis an nGaeilge
Cé hiad na fostóirí Gaeilge is mó?
Comhairle agallaimh do phost le Gaeilge
5 leid d’fhísagallaimh
Bileog Eolais faoi Phoist Fhéideartha
Ceisteanna Coitianta

Taithí Oibre: na hearnálacha éagsúla le Gaeilge

Is dócha agus tú san idirbhliain go mbeidh ort dul agus taithí oibre a lorg mar chuid den bhliain acadúil.

Is deis iontach í taithí oibre níos mó a fhoghlaim faoin saol gairmiúil; trí bhlaiseadh a fháil ar na rannóga éagsúla oibre atá ann agus níos mó taithí a fháil ag obair go dlúth leis na suimeanna atá agat.

Tá an t-uafás deiseanna éagsúla ann do chuid taithí oibre a dhéanamh trí Ghaeilge, ní gá go mbeadh ort do thaithí oibre a dhéanamh i mbunscoil nó le heagraíocht oideachais, ach is rogha é sin chomh maith. D’fhéadfaí a chur isteach ar thaithí oibre le do sheanscoil más spéis leat súil a chaitheamh ar shaol an mhúinteora.

Pé deis oibre atá ann, formhór an ama, bíonn an deis ann tabhairt faoi trí Ghaeilge. Tá samplaí iontacha le feiceáil ar eolaire.peig.ie de ghnáthchomhlachtaí atá sásta seirbhís a chur ar fáil trí Ghaeilge, má fheiceann tú ceann a bhfuil spéis agat ann, b’fhiú dul i dteagmháil leo le fiosrú an nglacfaidh siad leat ar thréimhse taithí oibre.

Na meáin:

Tá réimse leathan de na meáin in Éirinn ar fáil as Gaeilge nó a bhíonn ag feidhmiú as Gaeilge.

TG4

Is stáisiún iontach é TG4, atá i ndiaidh leathnú amach ó dhíreach cláir teilifíse a dhéanamh. Tá cuntais éagsúla acu ar na hardáin éagsúla, ag díriú ar roinnt réimsí éagsúla, ó chúrsaí spóirt, pobail, ó chúrsaí óga agus neart eile. Tá a leithéad de Mholscéal agus BLOC acu anois ar líne amháin agus bíonn siad i gcónaí sa tóir ar dhaoine le hintéirneachtaí agus taithí oibre a dhéanamh leo.

Raidió Rí-Rá

Is é Raidió Rí-Rá an t-aon chairtstáisiún trí Ghaeilge in Éirinn agus más spéis leat bheith i do láithreoir raidió, nó díreach más spéis leat níos mó a fhoghlaim faoin méid a tharlaíonn ó lá go lá i staisiún raidió, is fiú go mór do chuid taithí oibre a dhéanamh anseo. Is amhlaidh an scéal é le Raidió na Life agus ag brath ar cén áit sa tír a bhfuil tú! Tá stiúideó ag Raidió Rí-Rá in oifigí Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair i mBaile Átha Cliath, Gaillimh (i gcomhpháirt le Raidió na dTreabh), agus in oifigí Ghael-Taca i gCorcaigh. Tá Raidió na Life lonnaithe in Oifigí Fhoras na Gaeilge, Sráid Amien, Baile Átha Cliath.

Iriseoireacht:

Más spéis leat sa iriseoireacht, tá an deis ann tabhairt faoi trí Ghaeilge. Sa lá atá inniu ann, tá neart iris ar fáil as Gaeilge, i bhfoirm fhisiciúil agus ar líne freisin.

Tá a leithéad de Tuairisc.ie ann, a dhéanann trácht go saol laethúil an phobail Ghaeilge, ag coimeád suas le cúrsaí reatha lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht.

Más spéis leat a bheith ag scríobh faoi thopaicí atá go mór i mbéal an phobail, scéalta atá ag treochtú nó díreach más spéis leat alt a scríobh faoi ábhar a bhfuil spéis agatsa ann, is fiú do chuid taithí oibre a dhéanamh le NOS.ie. Tá cur chuige éagsúil ag Nós ná atá ag Tuairisc, le spriocphobal ar leith acu. Below the radar…

Más spéis leat in ábhar litríochta agus polaitíochta, is fiú do chuid taithí oibre le Comhar, atá ag foilsiú irisí leis na blianta fada anuas.

Na Ceanneagraíochtaí

Más duine thú a bhfuil spéis agat a bheith i mbun agóidíochta, ag feachtasaíocht, ag troid ar son do phaisin nó más duine thú a bhfuil an-suim agat sa Ghaeilge agus a bheith ag obair léi go ginearálta, tá an deis ann blaiseadh a fháil ó na ceanneagraíochtaí éagsúla.

Tá 6 cheanneagraíocht ann a bhíonn ag díriú ar réimsí éagsúla den Ghaeilge a chur chun cinn. Féach an liosta thíos le briseadh síos gairid a fháil.

Bíonn Foras na Gaeilge ag cur tacaíochta agus maoiniú ar fáil do na 6 cheanneagraíocht a luafar thíos. Bíonn siad ag díriú ar réimse leathan d’abhár éagsúil agus mura bhfuil tú cinnte faoi cén spéis go díreach atá agat, ach cinnte tá spéis agat i gcúrsaí Gaeilge, d’fhéadfaí dul i mbun thaithí oibre leo le blaiseadh de chúpla rud éagsúla a fháil.

Conradh na Gaeilge – Fóram daonlathach don teanga. Ag seasamh leis an nGaeilge ar leibhéal náisiúnta ag feachtasaíocht ar a son agus á cur chun cinn go ginearálta. Tá Seachtain na Gaeilge, Raidió Rí-Rá, agus PEIG.ie faoina scáth, mar aon le roinnt feachtas aitheanta eile. Más spéis leat do chuid taithí oibre a dhéanamh linn, ní mór duit an nasc seo a leanúint

Gaeloideachas – bíonn Gaeloideachas ag tacú le agus ag iarraidh forbairt a dhéanamh ar an gcóras Gaeloideachais lasmuigh agus laistigh den Ghaeltacht.

D’éinne ina gcónaí ó Thuaidh, bíonn Comhairle na Gaelscolaíochta ag feidhmiú sna 6 chontae.

Gael Linn – Bíonn Gael Linn ag díriú ar chúrsaí dara leibhéal don chuid is mó, ag obair go dlúth le meánscoileanna ar fheachtais éagsúla agus ar chomórtas náisiúnta díospóireachta. Bíonn an Gaelbratach faoina stiúradh chomh maith, mar aon le Scléip – comórtas náisiúnta ceoil do dhaoine óga.

Coláiste na bhFiann – Bíonn clubanna óige trí Ghaeilge agus cúrsaí Samhraidh Ghaeltachta á reáchtáil ag Coláiste na bhFiann. Tá siad lonnaithe in ionad óige na hÉireann, Droim Rí, Co. na Mi.

An tOireachtas – Gréasán na nGael, tá an tOireachtas ar an bhfód ó 1897. Féile bhliantúil atá ann, ach bíonn foireann an Oireachtais ag obair go diain don bhliain ar fad le hé a eagrú.  

Glór na nGael – Bíonn Glór na nGael ag díriú ar chúrsaí a éascú le clann a thógáil trí Ghaeilge agus leis an nGaeilge a normalú ar bhonn áitiúil go ginearálta. Chomh maith leis sin, bíonn siad ag obair le gnólachtaí le seirbhís Ghaeilge a fhorbairt nó a chur ar fáil.

Grúpaí Eile

Tá grúpaí eile ann a bhíonn ag obair leis an nGaeilge nach ceanneagraíochtaí iad ach a bhíonn ag plé leis an nGaeilge go laethúil.

Údarás na Gaeltachta ar an bhfód ó 1980 agus tá sé mar sprioc acu ceantair Ghaeltachta a fhorbairt agus níos mó deiseanna fostaíochta a chruthú sna ceantair Ghaeltachta. Bíonn obair phleanáil teanga ar siúl acu ag díriú ar chúrsaí geilleagair, sóisialta agus cultúrtha na nGaeltachtaí a fhorbairt.

An Foras Pátrúnachta – an t-aon Phátrúnacht don Ghaelscoileanna agus Gaelcholáistí atá ilchreidmheach, bíonn obair na gcapall ar siúl acu ag tacú le pobail áitiúla Gaeloideachas a chur ar fáil i gceantair éagsúla timpeall na tíre. “Educate Together na Gaeilge”

Más suim sa mhúinteoireacht atá agat, b’fhiú é teagmháil a dhéanamh le do shean-bhunscoil le fiosrú an bhfuil siad ag glacadh le daoine ar thaithí oibre, nó d’fhéadfaí teagmháil ar bith a dhéanamh le Gaelscoil áitiúil le blaiseadh a thabhairt duit ar shaol an mhúinteora. Is féidir leis an nGaeilge tú a thógáil timpeall an Domhain ag múineadh. Mar sin, cén dochair é taithí oibre a dhéanamh san earnáil le feiceáil an dtaitníonn sé leat.

Ag deireadh an lae, is féidir aon phost in Éirinn a dhéanamh trí Ghaeilge, ach is iad na point thuasluaite a bhfuil Gaeilge lárnach sna róil atá ag daoine sna heagraíochtaí sin. Is earnáil í atá ag dul ó neart go neart – tá níos mó deiseanna a bheith ag obair leis an nGaeilge ag teacht chun solais i gcónaí.