Coláistí Samhraidh
Is deis iontach iad na coláistí samhraidh do dhaoine óga an Ghaeilge a fhoghlaim chomh maith leis an gcultúr sna ceantair Ghaeltachta a fheiceáil dóibh féin. Is iondúil go mbíonn an-chuid imeachtaí, spóirt, ealaíon, ceol agus turais i gceist leis na cúrsaí seo chomh maith le ranganna Gaeilge.
Tá gach coláiste éagsúil agus tá ceann ann a d’oirfeadh do chuile ghasúr, is cuma más spéis leo an ceol nó an tonnmharcaíocht nó bheith ag imirt peile. Is taithí iontach iad na cúrsaí Gaeltachta, a thugann spreagadh do dhaoine óga an Ghaeilge agus is cinnte go dtiocfaidh siad ar chairdeas agus cuimhní a bheidh acu go brách chomh maith.
Bíonn deiseanna fostaíochta ann chomh maith dóibh siúd atá spéis acu bheith ina gcinnirí, cúntóirí nó múinteoirí agus iad beagán níos sine.
Is minic go gcuireann déagóirí a théann chuig na cúrsaí níos mó suime i dteanga na Gaeilge nuair a fhilleann siad. Is samplaí iad na cúrsaí seo den chéad taithí atá acu den Ghaeilge lasmuigh den seomra ranga. Tugtar an deis do na daltaí an Ghaeilge a úsáid i dtimpeallacht nádúrtha, ag cothú spéise sa teanga in ionad a bheith ag díriú ar na mothúcháin dhiúltacha atá acu ina taobh.
Cuireann cúrsaí samhraidh sa Ghaeltacht timpeallacht shábháilte ar fáil do dhéagóirí agus iad ag dul ó bhaile den chéad uair.
Is féidir liosta cuimsitheach de choláistí samhraidh timpeall na tíre a fheiceáil thíos.
Aimsigh Coláiste…
Cúige Laighean
- Coláiste na bhFiann (lonnaithe sa Ghaeltacht), Ráth Chairn, Co na Mí. Eolas 01 8259342 📧 eolas@cnb.ie 🔗 www.colaistenabhfiann.ie
- Coláiste na bhFiann (lonnaithe i gColáiste Cónaithe), Droim Rí, Co na Mí. Eolas 01 8259342 📧 eolas@cnb.ie 🔗 www.colaistenabhfiann.ie
Cúige Chonnacht
- Coláiste Aodáin An Tuairín An Cheathrú Rua Co. na Gaillimhe 044-934 9102 Caoimhín Ó hEagra 📧 eolas@colaisteaodain.com 🔗 www.colaisteaodain.com
- Coláiste Chamuis Ros a Mhil, Camus agus An Tulach Co. na Gaillimhe 091-593162 Siobhán Bairéad 📧 eolas@colaistechamuis.ie 🔗 www.colaistechamuis.ie
- Coláiste Chiaráin An Cheathrú Rua Co. na Gaillimhe 091-595167 091-595186 Seán de Paor Cóilín Ó Domhnaill 📧 eolas@colaistechiarain.ie 🔗 www.colaistechiarain.ie
- Coláiste Cholumba An Cheathrú Rua Co. na Gaillimhe 091-595 184 Caoimhín Ó hEagra 📧 colaistecholumba@gmail.com 🔗 www.colaistecholumba.ie
- Coláiste Chonnacht An Spidéal Co. na Gaillimhe 091-553146 Cris Ní Neachtain 📧 eolas@colaistechonnacht.com 🔗 www.colaistechonnacht.com
- Coláiste na bhFiann Ros Muc, Co. na Gaillimhe Drom Rí nó Ráth Cairn, Co. na Mí 01-825 9342 📧 eolas@colaistenabhfiann.ie 🔗 www.colaistenabhfiann.ie
- Coláiste Gharumna Tír an Fhia Leitir Móir Co. na Gaillimhe 091-551922 Eilís Ní Lochnáin 📧 colaistegharumna@gmail.com 🔗 www.colaistegharumna.ie
- Coláiste Isliomáin Inis Meáin Oileáin Aránn Co. na Gaillimhe 01-6403568 087-415 6227 Deirdre Ní Chonghaile
- Coláiste Laichtín Inis Oirr Oileáin Árann Co. na Gaillimhe 065-6822275 Caomhán Ó Conghaile 📧 info@colaistelaichtin.ie 🔗 www.colaistelaichtin.ie
- Coláiste Lurgan Indreabhán Co. na Gaillimhe 091-593182 Mícheál Ó Foighil 🔗 http://lurgan.biz/
- Coláiste Naomh Éanna Cill Chiaráin Conamara Co. na Gaillimhe 091-558870 087-1349929 Máire Uí Chonghaile 📧 info@colaistenaomheanna.ie 🔗 www.colaistenaomheanna.ie
- Coláiste Mhuigheo Ceathrú Thaidhg Béal an Átha Co. Mhaigh Eo 01-6284779 01-6271146 087-2477903 Séamus Ó Muirithe 📧 som4@eircom.net 🔗 www.colaistemhuigheo.com
- Coláiste na nOileán Tír an Fhia Leitir Móir Co. na Gaillimhe 091-551933 Mícheál Ó Máille 📧 colnanoilean@gmail.com 🔗 www.colaistenanoilean.ie
- Coláiste Ó Díreáin Inis Mór Oileáin Árann Co. na Gaillimhe 099-61264 087-6979979 Seán Ó Fhlaithearta 📧 info@odireain.com 🔗 www.odireain.com
- Coláiste Sheosaimh Carna agus Cill Chiaráin Co. na Gaillimhe 087-7376981 Ciara Nic Mathúna 📧 info@colaistesheosaimh.com 🔗 www.colaistesheosaimh.com
- Coláiste Spleodar Leitir Mealláin, Leitir Mór, Corr na Móna, Ros Muc agus Camus Co. na Gaillimhe 091-388916 087-2511582 📧 eolas@spleodar.com 🔗 www.spleodar.com
- Coláiste Uí Chadhain Na Minna Indreabhán Co. na Gaillimhe 091-593510 (le linn an chúrsa) 01 6244324 Joe MacSuibhne 📧 eolas@colaisteuichadhain.ie 🔗 www.colaisteuichadhain.ie
- Coláiste Uisce Cuan Éilí OP Clochar Béal an Átha Co. Mhaigh Eo 097-82111 Béal an Mhuirthead 📧 eolas@uisce.ie 🔗 www.uisce.ie
Cúige Mumhan
- Coláiste Bhréanainn Baile an Bhuineánaigh via Lios Tuathail Co. Chiarraí 068-27216 061-400987 Colm Ó Cathasaigh 📧 eolas@colaistebbb.ie 🔗 www.colaistebbb.ie
- Coláiste Chiaráin Oileáin Chléire An Sciobairín Co. Chorcaí 021-4821116 Siobhán Ó Dúill 📧 gaelteo@eircom.com
- Coláistí Chorca Dhuibhne
- An Feothanach, Baile na nGall
- An Mhináird, Abhainn na Scáil
- An Mhuiríoch, Baile na nGall
- Baile an Fhéirteáraigh
- Ceann Trá, Baile an Fhéirteáraigh
- Coláiste Íde, An Daingean Co. Chiarraí
- Coláiste Cúram Cnoc an Dúin Baile Mhic Óda Co. Chorcaí 024-98115 021-4507447 (tar éis 6.00i.n.) Áine Ní Thuama 📧 antw@eircom.net 🔗 Facebook
- Coláiste Eoghan Uí Chomhraidhe Carraig a’ Chabhaltaigh Inis Co. an Chláir 065-9058014 Seán DePaor 📧 coleoghain@eircom.net 🔗 colaistechomhraidhe.com
- Coláiste Ghael Linn, Baile Bhúirne Baile Bhúirne Maigh Chromtha Co. Chorcaí 01-6751200 📧 eolas@gael-linn.ie 🔗 www.gael-linn.ie
- Coláiste na Mumhan Baile Átha an Ghaorthaoigh Co. Chorcaí 021-47071 Caoimhín Ó Drisceoill 📧 eolas@colaistenamumhan.ie 🔗 www.colaistenamumhan.ie
- Coláiste Gleann Maghair Nua-Choláiste Samhraidh Gleann Maghair, Co. Chorcaí 021-4821116 Siobhán Ó Dúill 📧 gaelteo@eircom.net
- Coláiste Pobail Cléire Oileán Chléire Co. Chorcaí 028-39119 Eibhlín Uí Lionáin 📧 ccteo@iol.ie 🔗 www.colaistepobailchleire.ie
- Coláiste na Rinne Rinn ó gCuanach Dún Garbhán Co. Phort Láirge 058-46128 Tara Uí Ghréasaí 📧 eolas@anrinn.com 🔗 www.anrinn.com
Cúige Uladh
- Coláiste Aoidh Mhic Bhricne An Cheapach Teileann An Charraig Co. Dhún na nGall 087-2701200 Méabh Mhic Gairbheith 🔗 colaisteaoidhteileann@gmail.com
- Coláiste Árainn Mhóir Árainn Mhóir Co. Dún na nGall 01-8314454 086-3692627 Mánas Ó Luatháirí 📧 colaisteam@gmail.com 🔗 colaistearainnmhoir.com
- Coláiste Bhríde Rann na Feirste Leitir Ceannain Co. Dhún na nGall 087-2058175 Niall Ó Sluáin 📧 rnafeirste@gmail.com 🔗 www.rnf.ie
- Coláiste Chara Cill Chartha Co. Dhún na nGall 086-1556035 Mairéad Ní Bhrádaigh 📧 colaistechara@gmail.com 🔗 www.colaistechara.com
- Coláiste Chú Chulainn Gaoth Dobhair Co. Dhún na nGall 087-1168241 087-1168250 Caoimhín Ó Casaide 📧 info@cuchulainn.com 🔗 Facebook
- Coláiste na bhFiann Gaoth Dobhair Co. Dhún na nGall 01-8259342 📧 eolas@colaistenabhfiann.ie 🔗 www.colaistenabhfiann.ie
- Coláistí Gael-Linn Bun an Ibhir agus Machaire Rabhartaigh Co. Dhún na nGall 01-6751200 📧 eolas@gael-linn.ie 🔗 www.gael-linn.ie