
5 leid – Ag freastal ar choláiste samhraidh sa Ghaeltacht
Cuirtear comhairle ar fáil san alt seo ar conas ullmhú don choláiste samhraidh.

Bí réidh don aimsir a bheas ann
In Éirinn, d’fhéadfadh an ghrian a bheith ag scoilte na gcloch nó seans an-mhaith go mbeidh sé ag stealladh báistí, ní bheadh a fhios agat ó lá go lá! Bí cinnte go bhfuil do chóta báistí agat leat mar aon le huachtar gréine! Ní haon dochar é cúpla péire brístí gearra a bheith leat chomh maith le gnáthbhríste.
Is dócha go mbeidh cúpla tráthnóna á gcaitheamh agaibh cois farraige. Mar sin, tóg éadaí snámha leat. Agus, ar ndóigh, ná dearmad go leor leor fo-éadaí agus stocaí a bheith agat leat, ar fhaitíos nach bhfuil córas níocháin ar fáil go rialta!

Tóg éadaí le feistis a chruthú
Bíonn ócáidí spraíúla éagsúla ar siúl istoíche i gColáistí Samhraidh timpeall na tíre le deireadh taitneamhach a chur leis an lá. Uaireanta, bíonn téamaí nó comórtais ag baint leis na hoícheanta seo, ina bhfuil ortsa agus do chomrádaí tí dul san iomaíocht leis na daltaí eile leis an bhfeisteas is fearr a chruthú agus an bua a bhaint amach do do theach!
Mar sin, tóg éadaí ildathacha, suimiúla agus éagsúla leat. Molaimid péint aghaidhe a thabhairt leat chomh maith más féidir, cuireann sé go mór leis na feistis. Go n-éirí libh!

Peann, páipéar, mála scoile, foclóir
Maraon leis an spraoi agus craic a bheidh ann sa Ghaeltacht, beidh ort tabhairt faoi chúpla rang Gaeilge chomh maith. Ná bí buartha, ní bheidh tú cráite le cúrsaí gramadaí agus filíochta, beidh rudaí taitneamhacha ar siúl agat sa rang, ar nós cluichí foghlama nó ag tabhairt faoi amhráin éagsúla a fhoghlaim, eispéiris a chuirfidh go mór le do chuid cuimhní den am a chaith tú sa Ghaeltacht.
Ná bí fágtha i bponc más é go bhfuil ort roinnt scríbhneoireachta a dhéanamh. Molaimid peann agus páipéar a thabhairt leat, ach chomh maith leis sin bíonn foclóir póca beag go maith má tá tú sa tóir ar fhocal nua nó focal spéisiúil a bhaineann leis an méid atá idir lámha agat.

Má sheineann tú uirlis, tóg leat é
Is áit í an Ghaeltacht a thugann deis do dhaltaí teacht agus a gcuid cruthaitheachta a thaispeáint do dhaoine eile. Cuirtear fáilte mhór roimh dhaoine uirlisí ceoil a thabhairt leo agus mar sin má tá tú in ann ceann a sheinm ba chóir duit í a thabhairt leat.
An giotár, an fidil, na drumaí, an triantán: beidh fáilte rompu uilig. Is minic go gcuirtear ceolchoirm ar siúl le linn na gcúrsaí agus is deis an-mhaith é sin do thallann a léiriú. Bí cinnte go dtógann tú cás na huirlise leat freisin!

Airgead tirim – bíodh sé agat
Ag amanna éagsúla le linn an chúrsa tabharfar an deis duit dul chuig an siopa áitiúil nó chuig áit eile a dhíolann bia nó deochanna. Ar ndóigh beidh airgead tirim ag teastáil más maith leat aon rud a cheannach. Is deas an rud é uachtar reoite a fháil ar lá breá gréine nach é?
Molann muid suim bheag airgead a thabhairt leat díreach ar mhaithe le sneaiceanna a cheannach. Gheobhaidh tú trí bhéile in aghaidh an lae ón mBean an Tí a bheidh agat ach bíonn sé go maith sneaic nó dhó a cheannach idir na béilí sin.
Noda sa bhreis:
Tuáille – Bíodh tuáille libh – is minic go ndéantar dearmad orthu. Beidh sé riachtanach. Ag fanacht le Bean an Tí a bheidh tú, ní in óstán.
Fearais spóirt – Imrítear an-chuid spóirt ar na cúrsaí Gaeltachta, beagnach gach uile lá. Mar sin ba chóir duit an trealamh cuí a thabhairt leat: camán & clogad, liathróid pheile/rugbaí, friosbaí, maide haca nó rud ar bith eile a ritheann leat. Déantar iarracht éagsúlacht spóirt a imirt agus más imreoir friosbaí iontach thú, ná caill an deis do chuid scileanna a léiriú do na daltaí eile.
Uasdátaithe: Bealtaine 2024