Nuachtlitir PEIG.ie
Déantar cur síos san alt seo faoinár nuachtlitir laethúil.
Baintear an-taitneamh as ár nuachtlitir laethúil, le scéalta úra, folúntais oscailte agus imeachtaí atá le teacht. Tá dhá leagan againn – ceann i ríomhphost agus ceann beagáinín níos giorra i WhatsApp.
Féach thíos ar bhlaiseadh den aiseolas faoin tairbhe éagsúil a bhaineann an lucht léite as na nuachtlitreacha:
💬 “Fuaireas an-sásamh as na fístéipeanna ó dhaoine éagsúla timpeall na tíre.”
💬 “Bainim an-taitneamh as go háirithe ailt ar stádas na Gaeilge. Is iar-mhúinteoir mé & cabhraíonn tú go mór liom mo chuid Gaeilge a choimeád suas.”
💬 “Blaiseadh sciobtha don nuacht agus d’imeachtaí”
💬 “Is breá liom a bheith ábalta teacht go furasta ar scríbhneoireacht sa Ghaeilge.”
💬 “Is maith liom go mbíonn réimse leathan téamaí/nuachta le léamh agam chuile mhaidin ar an mbealach chun na hoibre. Tugann sé spreagadh dom bheith ag léamh faoi chúrsaí reatha agus an Ghaeilge a choinneáil beo i mo shaol laethúil ar bhonn ginearálta!”
💬 “Gan í chaillfinn roinnt rudaí tábhachta mar shampla poist le Gaeilge.”
💬 “Míreanna faoin nGaeilge agus saol na Gaeilge nach bhfaighfeá sna meáin go hiondúil”
💬 “Tá a lán ábhar atá mé in ann a úsáid i mo chuid ranganna mar Chúntóir Teanga. Freisin tá na hailt an-suimiúil mar dheiseanna léitheoireachta.”
💬 “I live in the U.S. and I am a beginner learning Irish. The newsletter gives me good information about what is going on in Ireland with lots of good vocabulary to learn. It helps me to feel connected given that I am learning 100% online and have little opportunity to interact with others who speak or are learning Irish.”
Má tá aon aiseolas agaibh sna laethanta amach romhainn, beidh fáilte roimhe i gcónaí.
Is féidir clárú dár nuachtlitreacha anseo.
Uasdátaithe: Bealtaine 2024