An Ghaeilge i scoileanna Béarla
Déantar cur síos san alt seo ar conas an Ghaeilge a chur chun cinn i scoileanna Béarla.
Fiú i scoileanna Béarla, is féidir an Ghaeilge a chur chun cinn agus í a mhúineadh ar bhealach spéisiúil agus spreagrúil. Tá neart bealaí spéis a spreagadh sa teanga idir cluichí, póstaeir agus comharthaí deasa, leabhair as Gaeilge a bheith ar fáil agus comhrá ginearálta agus nathanna beaga Gaeilge a úsáid le linn ranganna eile. Bíonn go leor imeachtaí á reáchtáil go náisiúnta gur féidir le ranganna páirt a ghlacadh iontu. Tá roinnt acu le sonrú ar an leathanach seo.
Leabhair as Gaeilge
Tá a lán leabhair gálanta as Gaeilge ar fáil do dhaoine óga agus páistí. Is féidir iad a aimsiú ar shuíomh An Siopa Leabhar nó is féidir iad a ordú ó foilsitheoirí atá lonnaithe ar fud na tíre. Tuilleadh eolais mar gheall ar leabhair Ghaeilge anseo.
Comhrá 24/7
Bíonn Comhrá ar siúl uair in aghaidh na bliana. Comhrá leanúnach as Gaeilge ar feadh seachtaine a bhíonn i gceist agus bíonn sé ar fad le feiceáil ar líne. Glacann grúpaí éagsúla ar fud an domhain páirt sa chomhrá beo seo a tharla don chéad uair i 2013 mar chuid de Bhliain na Gaeilge. Is féidir tuilleadh a eolais a fháil trí ríomhphost a sheoladh chuig snag@cnag.ie nó glaoch a chur ar 01 4757401.
Seó Bóthair
Tá clú agus cáil bainte amach ag an Seó mar chuid thábhachtach den fhéilire scoile. Beimid ar an mbóthar gach seachtain ag spreagadh daltaí i scoileanna fud fad na tíre. Is féidir clárú agus tuilleadh eolais a aimsiú anseo.
Gaeilge 24
Dúshlán atá i nGaeilge 24 a chuireann dualgas orthu siúd atá ag glacadh páirte gan ach Gaeilge a labhairt ar feadh an lae. Is í aidhm an dúshláin seo ná daoine óga a spreagadh an Ghaeilge a úsáid ar feadh 24 uair a’ chloig; ar scoil, sa bhaile, le cairde, i siopaí, le clubanna spóirt agus eile! Is féidir clárú nó tuilleadh eolais a aimsiú anseo.
Acmhainní Oideachasúla le hOrdú
Má tá áiseanna tacaíochta don seomra ranga de dhíth ort tá áiseanna saor in aisce ar fáil ó Fhoras na Gaeilge do scoileanna ag an mbunleibhéal agus ag an iarbhunleibhéal.
Chun acmhainní a ordú:
- Déan teagmháil le eolas@forasnagaeilge.ie nó glaoigh ar 01 6398400
- Téigh chuig ceann de na siopaí leabhar le hábhar a ordú
Uasdátaithe: Bealtaine 2024