Tá borradh tagtha ar íomhá na Gaeilge ag an tríú leibhéal ar an iomlán agus tá sé le feiceáil i measc na mac léinn mar gheall ar an iliomad imeachtaí agus feachtas a bhíonn á rith ag na Cumainn Ghaelacha agus ag Aontais Mhac Léinn éagsúla ar fud fad na tíre leis an teanga a chur chun cinn.
Bunachar na gCumann Gaelach
Clubanna Sóisialta Gaeilge faoi stiúir ag mic léinn iad seo, a bhíonn á reáchtáil in institiúidí tríú leibhéal ar fud na tíre chomh maith le coláistí thar lear ina múintear an Ghaeilge. Thíosluaite, tá sonraí teagmhála na gCumann Gaelach 2017/18.
Aontais na Mac Léinn
In institiúidí faoi leith, bíonn duine ceaptha nó tofa ar Aontas na Mac Léinn le béim a chur ar chúrsaí Gaeilge agus cinntiú go bhfuil an Ghaeilge lárnach in obair an aontais chomh maith le hionadaíocht a dhéanamh ar na mic léinn ar choiste na Gaeilge san ollscoil. Tá teagmháil luaite le gach ionad thíos ina bhfuil Oifigeach na Gaeilge, a bhíonn mar bhall dá nAontas féin.