6 fhorbairt teicneolaíoctha atá ó chainteoirí na Gaeilge

Bíonn
domhan na teicneolaíochta ag athrú go síoraí agus bíonn teanga na
Gaeilge ag iarraidh coinneáil suas leis i gcónaí. Sna blianta amach
romhainn tá iliomad féidearthachtaí forbartha leis an nGaeilge, formhór
acu atá déanta cheana féin i dteangacha eile.
Féach ar ár liosta de na forbairtí teiceolaíochta is mó a thiocfaidh i gcabhair ar chainteoirí na Gaeilge.

Bíonn teagmháil ag muintir na hÉireann le rannóga rialtais ar líne ar bhonn minice na laethanta seo. Tá an cheart againn uilig an Ghaeilge a úsáid agus muid i dteagmháil leis an Stát, mar a deirtear sa bhunreacht. Ach faraor tá lúb ar lár i gcás na suíomhanna gréasáin atá ag eagraíochtaí stáit faoi láthair.
Ní gá d’eagraíochtaí stáit suíomh dátheangach a chur ar fáil dá n-úsáideoirí. Caithfidh an eagraíocht atá i gceist suíomh dátheangach a chur ar fáil má tá polasaí teanga aici. Muna bhfuil polasaí ann, níl aon dualgas ar an eagraíocht rogha Gaeilge a sholáthar ar an suíomh.
Seo gné mhór a bhfuil muid ag súil go mbeidh athrú ag teacht uirthi san am amach romhainn – go mbeidh gach suíomh gréasáin de chuid an Stáit ar fáil go hiomlán dátheangach. Ní leathanach nó dhó faoi Ghaeilge – an suíomh ina iomláine dátheangach.
Seo cúpla suíomh greásáin de chuid an Stáit atá ar fáil i mBéarla amháin. Ar ndóigh tá an-chuid cinn eile amuigh ansin.
Údarás Náisiúnta IompairHIQA – An tÚdarás um Fhaisnéis agus Cáilíocht Sláinte
Teagasc
TUSLA – An Gníomhaireacht um Leanaí agus an Teaghlach
Tá suíomhanna stáit eile a n-éiríonn go maith leo ó thaobh soláthar dátheangach de. Seo thíos cúpla ceann acu:
An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí
An Coimisinéir Teanga
Revenue – Cáin agus Custaim na hÉireann
Tithe an Oireachtas

Tuigeann na Gaeil uilig gur próiséas fadálach agus ciotach é a bheith ag clóscríobh Gaeilge ar an bhfón. Cuirtear moill le cúrsaí nuair a bhíonn gá brú síos ar ghutaí chun ár sínte fada a fháil agus nuair a dhéanann Uathcheartú (AutoCorrect) focal Gaeilge ina fhocal Béarla atá cosúil leis.
Ba mhaith linn méarchlár ar leith Gaelach a fheiceáil gan mhoill chun clóscríobh Gaeilge a éascú dúinn uilig. D’fhéadfaí ‘K’, ‘J’, ‘Q’ ‘V’ agus ‘Z’ a bhogadh agus na síntí a chur ina n-áit. Bheadh gach Gael thar a bheith buíoch den fhorbairt sin.

Is fada agus is dúshlánach an caidreamh atá ag na Gaeil leis an mbogearra míchlúiteach Google Translate. Idir phraistriúcháin agus mhíchruinneas do-mhaite, tá roinnt fadhbanna agus deacrachtaí cruthaithe dá bharr.
Bheadh
sé chun leasa Gael dá ndéanfaí uasdátú ollmhór suntasach ar Google
Translate na Gaeilge le feabhas mór a chur air. Ar an lámh eile seans go
mbainfeadh níos mó daoine leisciúla úsáid as chun a gcuid aistriúchán a
dhéanamh – ach ar a laghad bheadh siad cruinn agus beacht.

Is ollmhór an fás atá tagtha ar theicneolaíocht do na tithe cliste le bliain nó dhó anuas. Go háirithe tar éis na Nollag seo caite is iomaí teaghlach a fuair ceann de na ‘Cúntóirí Tí’ mar bhronntanas, Alexa agus Google Home ina measc.
Sna
blianta amach romhainn ba bhreá linn go mbeadh rogha teanga don
Ghaeilge ar fáil ar roinnt de na ‘cúntóirí’ seo. Tá teicneolaíocht den
mhúnla seo á forbairt as Gaeilge ag dreamanna éagsúla, Mozilla agus Coláiste na Tríonóide dhá
cheann acu, agus tá súil againn go mbeidh torthaí na hoibre seo ar fáil
don mhórphobal roimh i bhfad. Acmhainn agus cabhair iontach a bheidh
inti do chainteoirí agus foghlaimeoirí na Gaeilge araon.

Baineann formhór na ndaoine a bhíonn ag úsáid coras iompar poiblí na tíre seo úsáid as aipeanna chun seic a dhéanamh ar amanna na mbusanna nó na dtraenacha. Ar bhonn laethúil téann na mílte ar na haipeanna seo: TFI, Irish Rail agus Aip Bhus Átha Cliath chun an t-eolas is déanaí a aimsiú. Cén fáth nach bhfuil siad ar fáil go dátheangach?
Seo forbairt a bheadh furasta le déanamh i gcomparáid leis na cinn eile ar an liosta seo. Seirbhísí iompair náisiúnta iad na heagraíochtaí thuasluaite agus dar linn ba chóir go mbeidh an t-eolas ‘fíor-ama’ ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla araon.

Tá sé déanta go maith ag Twitter, ag Facebook agus ag Google. Anois ba mhaith linn go mbeidh an méid chéanna measa agus aitheantais ag comhlachtaí móra teicneolaíochta ar theanga dhúchais na tíre seo. Go háirithe i gcás Instagram, ardán a cheannaigh Facebook sa bhliain 2012, ní léir cén fáth nach bhfuil an comhéadan úsáideora ar fáil i nGaeilge go fóill.

Tá
aipeanna eile amuigh ansin a bhfuilimid ag siúl leo rogha teanga
Gaeilge a chur ar fáil. Leithéidí Snap, YouTube agus My Taxi fiú.
B’fhéidir aip RTÉ News Now chomh maith!