Polasaí Príobháideachais
Tuigeann Foireann PEIG.ie an tábhacht a bhaineann le príobháideachas agus slándáil faisnéise agus leis na hathruithe a bhfuil le teacht i bhfeidhm leis an RGCS (GDPR) ar 25 Bealtaine 2018. Gníomhóidh Foireann PEIG.ie air sin chomh fada agus is féidir chun iad a chosaint. Geallaimid nach gcuirfimid do chuid faisnéise ar fáil do aon duine ná d’aon eagraíocht eile.
Bailítear eolas i bhfoirm fianán ar mhaithe le feidhmiú an tsuímh; le heolas faoi imeachtaí agus eile a bhailiú agus a scaipeadh i measc an phobail. Coimeádtar slán aon fhaisnéis phearsanta a thugann tusa (ainm, seoladh, seoladh ríomhphoist, nó uimhir theileafóin, seoladh IP) ar chóras ríomhaireachta a chosnaíonn é ar aon rochtain neamhúdaraithe nó ar chaillteanas. Réamhfhógrófar aon athrú atá le teacht i bhfeidhm ar an bpolasaí seo.
Aithnítear go soiléir aon naisc sheachtracha le suíomh gréasáin eile mar naisc sheachtracha, agus nílimid freagrach ó thaobh ábhair nó polasaithe príobháideachais na suíomhanna gréasáin sin. Nuair a nascaimid le suíomh gréasáin eile ní chiallaíonn seo go bhfuil PEIG.ie ag formhuiniú na suíomhanna gréasáin seo.
Más spéis leat ag am ar bith díchlárú ónár nuachtlitir laethúil nó eolas a bhaineann leat atá le feiceáil ar an suíomh mar chuid d’imeachtaí, is féidir ríomhphost a sheoladh go peig@cnag.ie
Tá an polasaí seo agus gach cúram a bhaineann leis an suíomh gréasáin seo faoi rialú ag dlí na hÉireann agus dlí na hEorpa agus tá siad faoi réir ag dlínse eisiach chúirteanna na hÉireann.