Straitéisí Gaeilge ó Dheas is ó Thuaidh
Déantar cur síos san alt seo ar na straitéisí ó Dheas agus ó Thuaidh i leith na Gaeilge.
Straitéis 20 Bliain ó Dheas
Foilsíodh an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 ar an 21 Nollaig 2010, tar éis don Straitéis tacaíocht traspháirtí a fháil i dTithe an Oireachtais. Cuireann an Straitéis cur chuige iomlánaíoch, comhtháite i ndáil leis an nGaeilge chun cinn – cur chuige a luíonn le dea-chleachtas idirnáisiúnta.
Eascraíonn an Straitéis as próiseas comhairliúcháin agus taighde, lena n-áirítear tuarascáil a rinneadh don Roinn (Ollscoil Chathair BÁC, 2009), an Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (OÉ Gaillimh & OÉ Má Nuad, 2007) agus tuarascáil Choimisiún na Gaeltachta (2002).
Is ionann an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010–2030 agus polasaí an Stáit i leith na Gaeilge. Tá úinéireacht thras-Rannach ag an Straitéis agus, dá réir, baineann an fhreagracht as í a chur i bhfeidhm le raon Ranna Rialtais, forais agus eagraíochtaí Gaeilge agus Gaeltachta.
Is faoin Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta atá sé comhordú a dhéanamh ar a feidhmiú.
Is féidir an straitéis é féin a léamh anseo.
Réimsí Gníomhaíochta
Leagtar 9 réimse gnímh amach sa Straitéis, eadhon:
- Oideachas
- An Ghaeltacht
- An Teaghlach ag Cur na Teanga ar Aghaidh – Idirghabháil go Luath
- Riarachán, Seirbhísí agus Pobal
- Na Meáin agus an Teicneolaíocht
- Foclóirí
- Reachtaíocht agus Stádas
- Saol Eacnamaíochta
- Tionscnaimh Leathana
De thoradh próisis comhairliúcháin poiblí a d’eagraigh an Roinn ar an áthar, aithníodh an gá le plean Gníomhaíochta 5 bliana a chur ar fáil. Is féidir níos mó a léamh faoin bplean gníomhaíochta agus an dul chun cinn gach bliain anseo.
Straitéis 20 Bliain ó Thuaidh
I mí Eanáir 2015 d’fhoilsigh an Roinn Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta Straitéis le Forbairt na Gaeilge a Fheabhsú agus a Chosaint: 2015 – 2035. Tugann an Straitéis seo treoir don Fheidhmeannas agus leagann sé spriocanna síos i dtaca le forbairt na Gaeilge sna blianta atá romhainn.
Tá an Straitéis seo bunaithe ar na dualgais a cuireadh ar an Rialtas trí Chomhaontú an Chéasta 1998, Comhaontú Chill Rímhinn 2006, Clár an Rialtais 2011-2015, An Cairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh agus An Coinbhinsiún UNESCO maidir le Caomhnú na hOidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe. I measc rudaí eile, tá sé mar aidhm ag an Straitéis seo ná dul i ngleic leis na dúshláin atá roimh theanga na Gaeilge anseo agus leis an Ghaeilge a chur chun cinn mar ghnáth-theanga labhartha.
Seo a leanas na cuspóirí a leagtar síos sa Straitéis:
- Líon na ndaoine atá ag sealbhú na Gaeilge tríd an Ghaelscolaíocht a mhéadú
- Líon na ndaoine atá ag foghlaim na Gaeilge i gcóras oideachais an Bhéarla a mhéadú
- Líon na ndaoine atá ag foghlaim na Gaeilge taobh amuigh den chóras fhoirmiúil a mhéadú
- Tacú le méadú i líon na bpáistí atá á dtógáil trí Ghaeilge
- Na hoibleagáidí uilig a bhaineann leis an Ghaeilge faoin Chairt Eorpach do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh a chomhlíonadh
- Rochtain ar mheáin ardcháilíochta Ghaeilge a mhéadú
- Feasacht ar luach eacnamaíochta agus sóisialta na Gaeilge a mhéadú
- Cosaint reachtaíochta a ghnóthú don Ghaeilge
- Pleananna agus tionscnaimh phobalbhunaithe, áitiúla, inbhuanaithe agus ardcháilíochta don Ghaeilge a fhorbairt
- Deiseanna a chur ar fáil an Ghaeilge a úsáid don réimse is leithne daoine agus is féidir trí ghréasáin theaghlaigh, shóisialta agus phobail a spreagadh
- Tacú le méadú an líon daoine a labhraíonn Gaeilge ar bhonn laethúil
- Dearcthaí dearfacha ar an Ghaeilge a mhéadú i ngach cuid den phobal
- Dearcthaí dearfacha ar an Ghaeilge a mhéadú sa phobal Phrotastúnach, Aontachtach, Dhílseach
Uasdátaithe: Bealtaine 2024