Gairmeacha le Gaeilge in Éirinn
Is buntáiste luachmhar í an Ghaeilge agus tú ag lorg fostaíochta anseo in Éirinn nó níos faide i gcéin. Is iomaí deis atá ar fáil dóibh siúd a bhfuil Gaeilge acu san earnáil phoiblí, le comhlachtaí gnó agus riaracháin, in earnáil an chultúir, sna meáin agus iriseoireacht, san aistriúchán agus ateangaireacht agus sa chóras oideachais.
Tá bord folúntas ar PEIG.ie, an bord is mó úsáide Gaeilge atá ann. Is féidir cuairt a thabhairt air anseo.
An tSeirbhís Phoiblí
Tá os cionn 300,000 duine fostaithe sa tseirbhís phoiblí agus sa státseirbhís i bPoblacht na hÉireann. Bhíodh meas i gcónaí ar chumas Gaeilge san earnáil phoiblí agus tá go leor post dá dteastaíonn líofacht sa Ghaeilge, go háirithe i gceantair Ghaeltachta, sa Roinn Sláinte agus sa Roinn Oideachais.
Acmhainní
- An Coimisinéir Teanga
- Folúntais i Rialtais Áitiúila
- Earcaíocht Státseirbhís Thuaisceart Éireann
- An tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí
- Múineadh na Gaeilge i scoileanna
- Cúrsaí Múinteoireachta
- Gairmeacha Oideachais
- Folúntais Oideachais
- Forbairt Scolaíochta trí mheán na Gaeilge
- Coimisiún Fulbright
- Fondúireacht Ollscoil Éireann Cheanada
- Obair dheonach agus Taithí Oibre
An Earnáil Phríobháideach
Dar le tuarascáil a d’fhoilsigh an tÚdarás um Ard-Oideachas, fuair os cionn 60 faoin gcéad de mhic léinn Phoblacht na hÉireann a bhain céim baitsiléara onóracha amach in 2006. Is margadh ionchasach suntasach é pobal na Gaeilge, daoine aonair chomh maith le heagraíochtaí, do na hearraí agus na seirbhísí seo. Tá go leor cuideachtaí tosaithe ag díriú ar an margadh seo agus ag tairiscint a gcuid seirbhísí trí mheán na Gaeilge, chun sochar a bhaint as an deis seo. Mar an gcéanna le forbairt gairme in aon earnáil eile, bíonn dul chun cinn bunaithe ar fheidhmíocht, agus, sna cuideachtaí níos mó go háirithe, an cumas seasamh amach sa slua.
Acmhainní
Earnáil an Chultúir
Is cuid bhríomhar de shaol sóisialta agus eacnamaíoch na hÉireann í earnáil an chultúir. Cé go n-oibríonn roinnt céimithe mar chleachtóirí ealaíon, tá deiseanna ann freisin d’fhoireann theicniúil, oideachais agus riaracháin taobh istigh d’eagraíochtaí tacaíochta.
Acmhainní
- An Chomhairle Ealaíon
- Comhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann
- Colmcille – cur chun cinn úsáid na dteangacha Gaelacha idir Éire agus Albain
- An Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta
- Ealaín na Gaeltachta
- An Chomhairle Oidhreachta
- Cumann na gCartlannaithe (An Ríocht Aontaithe agus Éire)
Na Meáin Chumarsáide
Is buntáiste í an Ghaeilge dóibh siúd atá ag obair leis na meáin chlóite, na meáin chraolta agus na meáin dhigiteacha. Bealach iontach le dul i gcion ar fhostóirí ionchasacha sa réimse seo is ea é léiriú dóibh go bhfuil suim agat sna meáin trí obair a dhéanamh le stáisiúin raidió phobail nó dheonacha cosúil le Raidió na Life agus Raidió Fáilte.
Acmhainní
- Tuairisc.ie – Suíomh Nuachta Náisiúnta na Gaeilge
- PEIG.ie/foluntais
- Nós.ie
- Gréasán Scannán agus Teilifíse na hÉireann
- Léiritheoirí Scáileáin na hÉireann – comhlacht ionadaíoch do léiritheoirí neamhspleácha scannán, beochana agus teilifíse
- TG4
- Bord Scannán na hÉireann – gníomhaireacht náisiúnta scannán na hÉireann
- Northern Ireland Screen – gníomhaireacht náisiúnta scáileáin do Thuaisceart Éireann
Stáisiúin Raidió
Aistriúcháin & Athteangaireacht
Tá Acht na dTeangacha Oifigiúla (2003) agus aitheantas don Ghaeilge mar theanga oifigiúil oibre den Aontas Eorpach tar éis cur leis na deiseanna atá ar fáil i réimsí an aistriúcháin agus na hateangaireachta. Is éard atá i gceist le haistriúchán ná téacs a chur ar fáil i dteanga agus i gcultúr éagsúil do lucht léitheoireachta agus do chuspóir ar leith. Tá an ateangaireacht difriúil ón aistriúchán sa mhéid is go bhfuil sí bunaithe ar chumarsáid béil, seachas ar chumarsáid scríofa.